Gadaidhe Dubh na Slóna
(Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall.)
(ar leanamhaint)
D'imthigh an bhainrioghan léithi 'bhaile, agus
rinne an méid a d'iarr an chailleach uirri.
Chuir an rí fá choinne na prionnsaí, agus
chruinnigh uaisleacht na tíre go dtí'n chúirt le
fáilte 'chur chuca.
I ndiaidh am dinnéire chuir an bhainrioghan
cuireadh ar an mhac a ba shine cluithche cárdaí
'imirt. Níor chuir an rí suim ar bith sa méid
seo, agus shíl na prionnsaí mar 'gcéadna nach
raibh ann acht greann.
Ní raibh siad i bhfad ag imirt gur bhain an
bhainrioghan an cluithche.
“Cuir do gheasa,” arsa'n prionnsa.
“Fan go fóill,” ar sise, “is maith liom
cluithche 'imirt leis an dara fear, ar dtús.”
Thoisigh an dara fear ar imirt, agus níor
bhfada gur éirigh mar d'éirigh do 'dhear-
bhráthair.
“B'fhéidir go n-imreóchá thusa cluithche fósda,”
ar sise leis an fhear a b'óige.
“Ní fearr liom 'mo thost,” arsa'n prionnsa.
Thoisigh an imirt, acht má thoisigh, chuaidh an
cluithche ar an bhainrioghain an iarracht seo.
Thug sí annsin aghaidh ar an dá phrionnsa a
d'imir ar dtús, agus dubhairt: “Cuirim-se
faoi gheasaibh troma draoidheachta bhur gcinn
agus bhur gcosa agus bhur gcoimeád beatha
'bhaint díobh mur dtugaidh sibh chugam
an Gearrán Óir atá ag Ridire Glas an Ghleanna
sa Domhan Íochtarach.”
Ar gcluinstin na focla seo do'n rígh, agus
na huaisle 'bhí láthair, líon a gcroidhe suas le
buaidhreadh agus iongantas.
“'Nois,” ars'n bhainrioghan (ag tabhairt a
haghaidh ar an mhac b'óige) “cuir thusa do
gheasa, thárla gur bhain tú'n cluithche.”
“Tídhim,” arsa 'n prionnsa óg (ag éirghe
'n-a sheasamh), “gur fá choinne deireadh 'chur
liom fhéin agus le'm dhearbhráithreacha a thug
tú annseo sinn, agus tá tú buadhartha anois
gan mise bheith faoi gheasaibh mar iad-san, acht
ní fhéadann tú imnidhe ar bith a bheith ort fá
sin ná1 an áit a mbéidh siad-san béidh mise,
agus an áit a gcaillfear iad-san caillfear
mise. Cuirim de bhreitheamhnas ort anois
go mbéidh tú 'do shuidhe ar mhullach chaisleáin
m'athar gan biadh, gan deoch, go dtigidh sinn-ne
ar ais, bíodh sin fada nó goirid.”
Nuair a chualaidh an bhainrioghan seo is beag
nár thuit sí 'laige, acht bhí na focla ráidhte,
agus ní raibh tabhairt ar ais orra.
Ar maidin lá thar na bhárach, bhí an bhain-
ríoghan 'n-a suidhe ar mhullach an chaisleáin ag
éirghe na gréine, agus d'fhág na prionnsaí
slán ag n-a n-athair agus shiubhal leó béal a
gcinn ag tarraint ar an Domhan Íochtarach.
Ní dheachaidh siad an-fhada gur casadh sean-
duine orra ar a bhealach. Bheannuigh sé dóibh
go carthannach, agus chuir tuairisg orra cá
raibh siad ag dul.
“Tamuid ag tarraint ar an Domhan
Íochtarach,” arsa fear de na prionnsaí, “agus
tá sé de gheasaibh orainn an Gearrán Óir atá
ag Ridire Glas an Ghleanna a ghoid.”
“Is truagh liom bhur gcás,” arsa'n sean-
duine, “mar tá 'fhios agam gur cailleadh gach
duine dá dtug iarracht ariamh an Gearrán
Óir a ghoid. Acht 'thárla gur casadh orm sibh,
agus gur truagh liom bhur léithidí a fheiceál
ag tarraint ar an bhás, rachaidh mise libh, agus
má tá duine ar dhruim an domhain a ghoidfeadh
an Gearrán Óir is mise an duine sin.”
“Támuid fíor-bhuidheach dhíot,” arsa'n fear
ba sine de na prionnsaí, “agus badh mhaith
linn fios a bheith againn cia thú féin, nó ar
b'fhéidir linn díolaidheacht ar bith a thabhairt
duit ar son an charthantais seo.”
“Is mise,” arsa'n sean-duine, “Gadaidhe
Dubh na Slóna, agus níl a dhíth orm ar son mo
sheirbhíse, acht a bheith in bhur gcuideachta.”
Thug na prionnsaí sár-bhuidheachas a gcroidhe
dhó, agus shiubhail an ceathrar leó go dtáinig
siad go dtí'n Domhan Íochtarach. Bhí an ghrian
'n-a luighe nuair a tháinig siad ar amharc chais-
leáin an Ridire Ghlais, agus chuaidh siad
isteach i sean-mhuilleann a bhí i gcionn amháin
de'n ghleann leis an oidhche 'chaitheadh. Ní raibh
siad i bhfad sa mhuilleann gur thuit na prionnsaí
'n-a gcodladh.
Brian Ó Cianaigh
(Ní críoch)
1 as for, in Donegal and North Connacht.