Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Téidhtear ag Teagasg
Title
Téidhtear ag Teagasg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 8, 1903. Téidhtear ag Teagasg. Is beag áit de'n tír nach bhfuil na daoine ag torsughadh de'n obair, & ag éirghe aisti ó lá go lá. Níl siad ag éirghe aisti amach is amach, acht d'fhuaruigheadar, agus ní dhéarfaimíd nach bhfuil cuid aca téaltuighthe anuas ar fad ar an sean-chosán. Ní haon iongnadh é sin féin. San gcéad chás de, níl aon bhuadhachtáil as an gcúis, & an dara cás de, tá buadhachtáil gan a bheith léithi. Caithfidh daoine ó leath-choróin go dtí céad punt, do réir mar bhéas acfuinn aca, ar brat- acha & áilleáin fá chomhair ríogh nó bainríoghna. Cé'n fáth é sin? Tá, ar shúil is go dtarraingeógh- aidís na coistiméaraí, & na daoine ar a mbéadh brabach aca. Tá daoine ann & dhéan- faidís ainimhidhthe dhíobh féin mar gheall ar an airgead. Acht fanaidís-sean mar sin. Tá a lán de'n mhuinntir atá linn roighin mall spadánta; gheabhaidh siad leithsgéal, agus tósoghaidh siad orra ag gearán. Acht, gan sgéal fada a dhéanamh dhe, ní fuláir comhairle & oideachas, & cáirdeas d'ath-chur arís go fóir- leathan. Badh cheart, dar linn, an tír do shiubhal anois nó i n-imtheacht an fhoghmhair nó an gheimhridh & labhairt le muinntir na hÉireann fá chúis na teangan. Má tá na timthirí féin amuigh, sé an paidrín céadna atá aca-san gach uile lá dhá n-éirgheann orra, & deirtear gur b'in é eile bhfuil a n-aire, an Ghaedhilg do mholadh & an Béarla do cháineadh. Níl leath toradh orra-san, & sé an náire saoghalta é sgoileanna bheith sa nGaedhealtacht indiu, & gan fiú oiread & focal Gaedhilge dhá múnadh ionnta. Cé leis a bhfuilmíd ag fuireach gan taraidh thart a thabhairt do cibé duine is cionntach leis sin? Tá an fhírinne dhá cur i bhfolach & sé an feall é. Ní bhéimíd ceart ná sláinteamhail gan corr-gheáitse breagh troda. Fá Fhéil' Pádraic seo chuaidh thart d'imthigh cuid de na connradhóirí ar fud na cathrach i mBaile Átha Cliath ag iarraidh na tighthe do dhúnadh i n-onóir na Féile, & bhíodar go díreach chomh teann & dá mbadh leó an tsráid ar fad. Níor mhiste cuid de'n díocas, & de'n spioraid sin a nochtadh arís, agus labhairt go croidheamhail le na daoinibh; misneach a chur san té bhfuil a leath-sgiathán ar liobarnaigh leis; an té nach dtuigeann an chúis, é do chur ar an eólas; & an té thuigeas an chúis acht atá ag comórtas le n-a chomhursain fá n-a chabhair a thabhairt uaidh, a mheabhrughadh dhó nach rachamuid ar aghaidh gan comh-oibriughadh le chéile. Ní maith gur féidir le lucht feiseanna an oiread airgid d'fhagháil & d'íocfadh a gcostas. Cé mhéad míle púnt de bhuadhach- táil atá ag lucht déanta earraidh i nÉirinn ar lucht na bhfeiseann, agus ar a shon soin, cé mhéad míle pighinn, ná míle leith-phighinn a thug lucht déanta earraidh dhóibh mar cúitiughadh? Níor mhiste an tútaighil sin a chasadh le lucht déanta earraidh, & badh mhaith an rud dá mbeadh fios ag cách air. Badh chóir teagasg ar cheisteannaibh mar sin do sgaipeadh go follasach os comhair feara Fáil anois ath-uair, nó ar a laighead, trí nó ceathair do chomhráidhtibh móra, millteach, garbha do dhéanamh ar fud na hÉireann agus fuinneamh do chur ionnta. Muna ndéantar rud éigin mar soin go goirid is gearr go mbéidh caonach liath orainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services