Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Téidhtear ag Teagasg

Title
Téidhtear ag Teagasg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 8, 1903.



Téidhtear ag Teagasg.



Is beag áit de'n tír nach bhfuil na daoine ag
torsughadh de'n obair, & ag éirghe aisti ó
lá go lá. Níl siad ag éirghe aisti amach
is amach, acht d'fhuaruigheadar, agus ní dhéarfaimíd
nach bhfuil cuid aca téaltuighthe anuas ar fad
ar an sean-chosán.



Ní haon iongnadh é sin féin. San gcéad
chás de, níl aon bhuadhachtáil as an gcúis, & an
dara cás de, tá buadhachtáil gan a bheith léithi.
Caithfidh daoine ó leath-choróin go dtí céad
punt, do réir mar bhéas acfuinn aca, ar brat-
acha & áilleáin fá chomhair ríogh nó bainríoghna.
Cé'n fáth é sin? Tá, ar shúil is go dtarraingeógh-
aidís na coistiméaraí, & na daoine ar a
mbéadh brabach aca. Tá daoine ann & dhéan-
faidís ainimhidhthe dhíobh féin mar gheall ar an
airgead. Acht fanaidís-sean mar sin. Tá a
lán de'n mhuinntir atá linn roighin mall
spadánta; gheabhaidh siad leithsgéal, agus
tósoghaidh siad orra ag gearán. Acht, gan
sgéal fada a dhéanamh dhe, ní fuláir comhairle
& oideachas, & cáirdeas d'ath-chur arís go fóir-
leathan.



Badh cheart, dar linn, an tír do shiubhal
anois nó i n-imtheacht an fhoghmhair nó an
gheimhridh & labhairt le muinntir na hÉireann
fá chúis na teangan. Má tá na timthirí féin
amuigh, sé an paidrín céadna atá aca-san
gach uile lá dhá n-éirgheann orra, & deirtear
gur b'in é eile bhfuil a n-aire, an Ghaedhilg
do mholadh & an Béarla do cháineadh. Níl leath
toradh orra-san, & sé an náire saoghalta é
sgoileanna bheith sa nGaedhealtacht indiu, &
gan fiú oiread & focal Gaedhilge dhá múnadh
ionnta. Cé leis a bhfuilmíd ag fuireach gan
taraidh thart a thabhairt do cibé duine is
cionntach leis sin? Tá an fhírinne dhá cur i
bhfolach & sé an feall é. Ní bhéimíd ceart ná
sláinteamhail gan corr-gheáitse breagh troda.
Fá Fhéil' Pádraic seo chuaidh thart d'imthigh
cuid de na connradhóirí ar fud na cathrach i
mBaile Átha Cliath ag iarraidh na tighthe do
dhúnadh i n-onóir na Féile, & bhíodar go díreach
chomh teann & dá mbadh leó an tsráid ar fad.
Níor mhiste cuid de'n díocas, & de'n spioraid
sin a nochtadh arís, agus labhairt go
croidheamhail le na daoinibh; misneach a chur
san té bhfuil a leath-sgiathán ar liobarnaigh
leis; an té nach dtuigeann an chúis, é do chur
ar an eólas; & an té thuigeas an chúis acht
atá ag comórtas le n-a chomhursain fá n-a
chabhair a thabhairt uaidh, a mheabhrughadh dhó nach
rachamuid ar aghaidh gan comh-oibriughadh le
chéile. Ní maith gur féidir le lucht feiseanna
an oiread airgid d'fhagháil & d'íocfadh a
gcostas. Cé mhéad míle púnt de bhuadhach-
táil atá ag lucht déanta earraidh i nÉirinn ar
lucht na bhfeiseann, agus ar a shon soin, cé
mhéad míle pighinn, ná míle leith-phighinn a thug
lucht déanta earraidh dhóibh mar cúitiughadh?
Níor mhiste an tútaighil sin a chasadh le lucht
déanta earraidh, & badh mhaith an rud dá
mbeadh fios ag cách air.



Badh chóir teagasg ar cheisteannaibh mar sin
do sgaipeadh go follasach os comhair feara Fáil
anois ath-uair, nó ar a laighead, trí nó ceathair
do chomhráidhtibh móra, millteach, garbha do
dhéanamh ar fud na hÉireann agus fuinneamh
do chur ionnta. Muna ndéantar rud éigin
mar soin go goirid is gearr go mbéidh
caonach liath orainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services