Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cogarnaigh
Title
Cogarnaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cogarnaigh Is sean-fhocal é go mbíonn an óige ar buile. Dála an sgéil, bhí fear im' chomharsanacht, is cuma cad do b'ainm dó. Cailleadh a bhean is d'fhág sí muirear mór air; acht gearra- cháilí do b'eadh an triúr ba shine, agus bhíodar úsáideach dá n-athair. Mar sin féin tamall 'n-a dhiaidh súd, bheárr sé féin. Bhuail sé umais culaidh nua. “Tá fuadar éigin fá'n bhfear so,” arsa duine éigin. “Greadadh chúghaibh! féachaidh an crot sleamhain atá ag teacht ar an ndonán soin,” arsa bean. “Tá ath-tháilín na baintreibhche ag teacht air cheana féin.” Do b'fhíor dhóibh sin. Ba ghearr go raibh mo dhíolmhúnach ag cur de ar lorg leas- mháthar dá chloinn. “Cúis gháire chúghainn,” adeireadh sean-bhean áirithe do b'ionmhúin liom. Nuair do chuaidh an raisbín fir sin ag soláthar mná, ní sháiseóchadh éin-nídh é gan spec do chur ar mhnaoi óig. Bhuail sé é féin cois an dorais nuair do chuaidh sé ag déanamh an chleamhnais, & mar go raibh an uain fuar, fliuch, iarradh air druidim aníos chum na teine. “Pret!” ar seisean. “Bíonn an óige ar buile.” Fuair sé siúd an bhean, agus mar olc air thiomáin sí na dílleachtaidhthe ag siubhal rómpa. Bhí an Ghaedhilg go breágh ag ceann de na cailínibh. Tá sí i bhfad ó bhaile. Thug an Té do ghnídh fíon de'n uisge sgáth di. Bean riaghalta is eadh anois í, & toisg go dtéidh- eann tuairisg na Gaedhilge thar sáile, do shroich sgéala ó'n mnaoi chráibhtheach úd mise. I dtaobh a dhearbhráthar do b'eadh an sgéala, & chím radharc ná taithnigheann liom dá dheasg- aibh sin. “Is mór, taibhseach iad adharca na mbó thar lear.” Dá mbeadh fhios ag na hÉireann- aigh cad tá rómpa, bheadh leisge ortha ag fág- aint an bhaile. Éirigheann le fó-dhuine aca fá mar do thagann duine slán as pháirc an bhualadh & baintear an inchinn as fear eile. Tá ár bhfir óga chomh ciallmhar le haon fearaibh eile dá saghas, acht ní fhuil an tuig- sint cheart aca toisg an tabhairt suas mhí- nádúrtha atá ortha. Is feárr a n-eólas ar chríochaibh eile 'ná ar a dtír féin. Cloisid siad cur thré n-a chéile ar sgoil is ag baile ar bhailtí móra iasachta & bíonn an rian air, buailid an poll anonn chomh luath is bhíonn clúmh ar a sgiathánaibh fá mar d'fhághann an gearrcach a neid. Is dócha gur dóich leó go mbeidh siad 'n-a ndaoine uaisle láithreach. Is furusda gabháil isteach ins na catharachaibh is óir do bhailiughadh ar an tsráid, & b'fhéidir go gcuirfeadh bean-oighre inghean tighearna na súla thrínn. Ní fhuil aon teóra leis na fearaibh óga. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an méid aca do sgeinneann as Éirinn gach bliadhain. Buaileann a lán aca isteach go cathair Lunndain. Cad tá uatha? Slighe beatha gan amhras, nídh nách locht ortha. Ní fhuil pioc aca le déanamh ag baile. Tá tír na hÉireann ag dul chum fás- aig le heasba romhair agus an t-amparán feirmeóra ag dul fá fhiachaibh ag ceannach bídh sa tsiopa. Féach ar an dá shráid sin ag Spitalfields, adeirim le duine; ní fhuil tigh ionnta nár marbhuigheadh duine éigin ann. Tá dríodar an domhain 'n-a gcomhnuidhe timcheall na háite seo, — cionnus is féidir d'éinne clann do thabhairt suas uair is cóir i n-a leithéid sin do neid ropáirí? Ní hé amháin go bhfuil an t-aer mí-fholláin ann — féach na locháin sin ar an tsráid, agus boladhtha uatha — acht tá an áit féin mar othras le bréantas an ólacháin is an mhí-iomchair. Dubhairt cheana go marbhuighthear fear ar pháirc an bhualadh is go dtagann fear eile slán as an gcath, agus mar sin de, ní aim- sigheann saighead an pheacaidh gach éinne d'oil- fear annsúd. Is in a leithéid sin d'áit do chuireann fir oibre ó Éirinn fútha. Ní bhíonn leigheas aca air. Ní bhíonn an t-airgead aca le druidim amach ar imeallaibh na catharach so, mar bheadh an cosdas ró-throm ortha ag triall amach is isteach chum a n-oibre, nó ar a lorg. Ní furusda an obair sin d'fhagháil freisin. Do chífeá go minic long ag teacht chum cuain i gcaladh-phort Lunndain. Bheadh trí chéad fear ag feitheamh léi, acht ní bheadh ag teasdabháil le n-a lasda d'fholamhughadh acht b'fhéidir deich gcinn fhichead. Is annsin do chífeá an brughadh isteach féachaint cia aca do gheóbhadh an obair. Chonnac iad ag stolladh na gcasóg dá chéile ag iarraidh bheith ar thosach. Is soth liom bheith ag féachaint ar fhearaibh macánta is fonn chum oibre ortha, is gan an obair sin le fagháil aca. Sin í saghas beatha fá ndeara d'fhearaibh is do mhnáibh dul ar aimhleas. Smuainidh air seo, a léightheóir. Ní inneósad-sa breág duit. Tá trí chéad dár ndaoine fá chuibhreach thuas annso i bPríosún Pentonbhil, agus tá Gaedhilg 'gá lán aca. Is dóich le n-a muinntir ag baile, is dócha, go bhfuil an saoghal ag éirghe leó. Ní bhfuil ár muinntir tughtha chum coire, acht táid siad tugtha chum ceilt — ní leigid siad ortha 'ná go mbídh siad ag déanamh go maith lasmuich. Cloisimíd trácht thar éinne dár dtreibh go mbíonn an ráthamhnas air, acht ní bhfuil tásg ná tuairisg ortha súd gur thiomáin cruadhas is ganntas is faillighe an tsaoghail chum mí-ádh iad. Ní oirfeadh sé dhúinn maoidheamh asad súd. Is beag orainn iad. Is é an fear saidhbhir is fiú trácht thairis, acht ní heól dom gur ghnídh na fir shaidhbhre aon bheart mhaith riamh ar son na hÉireann. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services