Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cogarnaigh

Title
Cogarnaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cogarnaigh



Is sean-fhocal é go mbíonn an óige ar buile.
Dála an sgéil, bhí fear im' chomharsanacht,
is cuma cad do b'ainm dó. Cailleadh a bhean
is d'fhág sí muirear mór air; acht gearra-
cháilí do b'eadh an triúr ba shine, agus bhíodar
úsáideach dá n-athair. Mar sin féin tamall
'n-a dhiaidh súd, bheárr sé féin. Bhuail sé
umais culaidh nua. “Tá fuadar éigin fá'n
bhfear so,” arsa duine éigin. “Greadadh
chúghaibh! féachaidh an crot sleamhain atá ag
teacht ar an ndonán soin,” arsa bean. “Tá
ath-tháilín na baintreibhche ag teacht air cheana
féin.” Do b'fhíor dhóibh sin. Ba ghearr go
raibh mo dhíolmhúnach ag cur de ar lorg leas-
mháthar dá chloinn. “Cúis gháire chúghainn,”
adeireadh sean-bhean áirithe do b'ionmhúin
liom. Nuair do chuaidh an raisbín fir sin ag
soláthar mná, ní sháiseóchadh éin-nídh é gan
spec do chur ar mhnaoi óig. Bhuail sé é féin
cois an dorais nuair do chuaidh sé ag déanamh
an chleamhnais, & mar go raibh an uain fuar,
fliuch, iarradh air druidim aníos chum na
teine. “Pret!” ar seisean. “Bíonn an
óige ar buile.”



Fuair sé siúd an bhean, agus mar olc air
thiomáin sí na dílleachtaidhthe ag siubhal rómpa.
Bhí an Ghaedhilg go breágh ag ceann de na
cailínibh. Tá sí i bhfad ó bhaile. Thug an Té
do ghnídh fíon de'n uisge sgáth di. Bean
riaghalta is eadh anois í, & toisg go dtéidh-
eann tuairisg na Gaedhilge thar sáile, do
shroich sgéala ó'n mnaoi chráibhtheach úd mise.
I dtaobh a dhearbhráthar do b'eadh an sgéala, &
chím radharc ná taithnigheann liom dá dheasg-
aibh sin.



“Is mór, taibhseach iad adharca na mbó
thar lear.” Dá mbeadh fhios ag na hÉireann-
aigh cad tá rómpa, bheadh leisge ortha ag fág-
aint an bhaile. Éirigheann le fó-dhuine aca fá
mar do thagann duine slán as pháirc an
bhualadh & baintear an inchinn as fear eile.



Tá ár bhfir óga chomh ciallmhar le haon
fearaibh eile dá saghas, acht ní fhuil an tuig-
sint cheart aca toisg an tabhairt suas mhí-
nádúrtha atá ortha. Is feárr a n-eólas ar
chríochaibh eile 'ná ar a dtír féin. Cloisid
siad cur thré n-a chéile ar sgoil is ag baile
ar bhailtí móra iasachta & bíonn an rian air,
buailid an poll anonn chomh luath is bhíonn
clúmh ar a sgiathánaibh fá mar d'fhághann an
gearrcach a neid. Is dócha gur dóich leó go
mbeidh siad 'n-a ndaoine uaisle láithreach. Is
furusda gabháil isteach ins na catharachaibh is
óir do bhailiughadh ar an tsráid, & b'fhéidir go
gcuirfeadh bean-oighre inghean tighearna na
súla thrínn.



Ní fhuil aon teóra leis na fearaibh óga.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar an méid aca do
sgeinneann as Éirinn gach bliadhain. Buaileann
a lán aca isteach go cathair Lunndain. Cad
tá uatha? Slighe beatha gan amhras, nídh nách
locht ortha. Ní fhuil pioc aca le déanamh ag
baile. Tá tír na hÉireann ag dul chum fás-
aig le heasba romhair agus an t-amparán
feirmeóra ag dul fá fhiachaibh ag ceannach bídh
sa tsiopa.



Féach ar an dá shráid sin ag Spitalfields,
adeirim le duine; ní fhuil tigh ionnta nár
marbhuigheadh duine éigin ann. Tá dríodar
an domhain 'n-a gcomhnuidhe timcheall na háite
seo, — cionnus is féidir d'éinne clann do
thabhairt suas uair is cóir i n-a leithéid sin do
neid ropáirí? Ní hé amháin go bhfuil an t-aer
mí-fholláin ann — féach na locháin sin ar an
tsráid, agus boladhtha uatha — acht tá an áit
féin mar othras le bréantas an ólacháin is an
mhí-iomchair.



Dubhairt cheana go marbhuighthear fear ar
pháirc an bhualadh is go dtagann fear eile
slán as an gcath, agus mar sin de, ní aim-
sigheann saighead an pheacaidh gach éinne d'oil-
fear annsúd. Is in a leithéid sin d'áit do
chuireann fir oibre ó Éirinn fútha. Ní bhíonn
leigheas aca air. Ní bhíonn an t-airgead aca
le druidim amach ar imeallaibh na catharach so,
mar bheadh an cosdas ró-throm ortha ag triall
amach is isteach chum a n-oibre, nó ar a lorg.
Ní furusda an obair sin d'fhagháil freisin. Do
chífeá go minic long ag teacht chum cuain i
gcaladh-phort Lunndain. Bheadh trí chéad fear
ag feitheamh léi, acht ní bheadh ag teasdabháil
le n-a lasda d'fholamhughadh acht b'fhéidir deich
gcinn fhichead. Is annsin do chífeá an brughadh
isteach féachaint cia aca do gheóbhadh an obair.
Chonnac iad ag stolladh na gcasóg dá chéile
ag iarraidh bheith ar thosach. Is soth liom bheith
ag féachaint ar fhearaibh macánta is fonn chum
oibre ortha, is gan an obair sin le fagháil aca.



Sin í saghas beatha fá ndeara d'fhearaibh is
do mhnáibh dul ar aimhleas. Smuainidh air seo,
a léightheóir. Ní inneósad-sa breág duit. Tá
trí chéad dár ndaoine fá chuibhreach thuas annso
i bPríosún Pentonbhil, agus tá Gaedhilg 'gá
lán aca. Is dóich le n-a muinntir ag baile,
is dócha, go bhfuil an saoghal ag éirghe leó.
Ní bhfuil ár muinntir tughtha chum coire, acht
táid siad tugtha chum ceilt — ní leigid siad
ortha 'ná go mbídh siad ag déanamh go maith
lasmuich. Cloisimíd trácht thar éinne dár
dtreibh go mbíonn an ráthamhnas air, acht ní
bhfuil tásg ná tuairisg ortha súd gur thiomáin
cruadhas is ganntas is faillighe an tsaoghail
chum mí-ádh iad. Ní oirfeadh sé dhúinn
maoidheamh asad súd. Is beag orainn iad.
Is é an fear saidhbhir is fiú trácht thairis, acht
ní heól dom gur ghnídh na fir shaidhbhre aon
bheart mhaith riamh ar son na hÉireann.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services