Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá Fhéile an Chonnartha
Title
Lá Fhéile an Chonnartha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 01, 1903. Lá Fhéile an Chonnartha Nach gairid a bhíonn na bliadhanta ag rith. Beidh sé deich mbliadhna go díreach lá deiridh ná míosa seo ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun. Is iomdha cor do bhain an saoghal as féin ó shoin, & is mór an t-athar- rughadh tháinig ar ghné na tíre seo. Ní féidir an t-atharrughadh soin do thómhas go díreach gan féachaint siar ar an staid a raibh an tír ann sul ar tháinig an Connradh do láthair. Nuair cuireadh an Connradh ar bun is amhlaidh do bhí an tír ar fad ná mar do bheadh conn- dae de Shasana; agus ní théidheadh lagadh ar mhuinntir na hÉireann acht a d'iarraidh bheith chomh Gallda is dob' fhéidir é. Ní raibh neamh- spleadhchas ná smior ná croidhe ná sprioc is na daoinibh; ní raibh spórt ná sult ná greann fá'n tuaith, acht gach éan rud go dona duaibh- seach, & sgiatháin an Phréacháin Mhóir leathta ar an tír ó Fhanaid go Tonn Clíodhna. Thárla draoidheacht nó teidhmse trom do Chlannaibh Gaedheal. Bhí fonn orra iad féin do dhealughadh ó chlú a sinnsear. Bhí fonn orra gach nídh dar bhain le náisiúnteacht fé leith na tíre — a gcuid nósa, a gcuid ceóil, agus a dteanga dhúthchasach — do leigint ar lár. Cad fá ndearr an daille & an donas so ar fad do theacht ar mhuinntir na hÉireann? Is iomdha rud. Acht ar dtúis & go háirithe, na sgoileanna náisiúnta do cuireadh ar bun tá deich mbliadhna is trí fichid ó shoin. Tá's ag gach éinne anois gur le haghaidh spiorad & náisiúntacht do cuireadh na sgoileanna seo ar bun. Agus is maith do rinneadar a gcuid oibre agus ní baoghal ná raibh a sliocht ar an dtír nuair thárla an Connradh dúinn. Bhí an Bórd Náisiúnta ag obair ar feadh deich mbliadhna is trí fichid, agus bhí cisde Shasana taobh thiar de. Rud eile, bhí grádh ag daoinibh bochta na hÉireann ar an léigheann riamh, agus muna dtógfaidís an cinéal léighinn mío-nádúrtha do bhí ga múineadh sna sgoileannaibh sin, ní raibh a mhalairt le fagháil aca. Agus is beag nár múchadh anam na tíre ar fad. Do dhéanfaidhe gan amhras muna mbeadh COnnradh na Gaedhilge, agus ar shon ná fhuil sé acht deich mbliadhna ar bun, is mór an feabhsughadh atá tar éis teacht ar an saoghal i nÉirinn ar feadh na deich mbliadhain soin. Is féidir a rádh gurab é Connradh na Gaedhilge fá ndearr an feabhsughadh soin go léir. Ní raibh namhaid ag an nGaedhealtacht nár thug sé iarach faoi, agus ní raibh acht corr-uairr nár rug sé an bhuaidh leis. Chuir sé d'fhiachaibh ar an mBórd Náisiúnta — an namhaid ba threise — an gléas foghlama do bhí aca do mhalartughadh go mór, agus beagán dá ceart do thabhairt do'n Ghaedhilg. Seadh, agus d'fhág sé an Bórd céadna soin gan chreideamhaint gan meas ag éinne air fá dheireadh, agus sagairt agus bainisteóirí sgoile na hÉireann féin ag féachaint chum tabhairt-suas agus oideachas ceart d'fhagháil do'n aos óg. Thug sé ar na daoine meas do bheith aca orra féin agus ar a dtír, chuir sé spioraid agus anam ionnta, thug sé leabhra agus litri- dheacht dóibh, thug sé sult agus greann dóibh, thug sé orra a chreideamhaint gur i nÉirinn d'éirigheann an ghrian ar maidin agus gurab innti do luigheann sí um thráthnóna. Seadh, agus déanfaidh sé Éire Gaedhealach dóibh fá dheire ó bhun barr, agus ní bheidh Connradh na Gaedhilge sásta go deó go mbeidh an Gaedheal i n-uachtar agus Seaghán Buidhe i n-íochtar i nÉirinn. Agus da bhrígh sin, a léightheóirí, tá sé oraibh Féile an Chonnartha do choimeád an iarracht so go Gaedhealach cóir tairbheach i slighe do tabharfaidh meas orainn-ne agus ar nGaedhilg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services