Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá Fhéile an Chonnartha

Title
Lá Fhéile an Chonnartha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 01, 1903.



Lá Fhéile an Chonnartha



Nach gairid a bhíonn na bliadhanta ag rith.
Beidh sé deich mbliadhna go díreach lá
deiridh ná míosa seo ó cuireadh Connradh na
Gaedhilge ar bun. Is iomdha cor do bhain an
saoghal as féin ó shoin, & is mór an t-athar-
rughadh tháinig ar ghné na tíre seo. Ní féidir
an t-atharrughadh soin do thómhas go díreach
gan féachaint siar ar an staid a raibh an tír
ann sul ar tháinig an Connradh do láthair.
Nuair cuireadh an Connradh ar bun is amhlaidh
do bhí an tír ar fad ná mar do bheadh conn-
dae de Shasana; agus ní théidheadh lagadh ar
mhuinntir na hÉireann acht a d'iarraidh bheith
chomh Gallda is dob' fhéidir é. Ní raibh neamh-
spleadhchas ná smior ná croidhe ná sprioc is
na daoinibh; ní raibh spórt ná sult ná greann
fá'n tuaith, acht gach éan rud go dona duaibh-
seach, & sgiatháin an Phréacháin Mhóir leathta
ar an tír ó Fhanaid go Tonn Clíodhna.



Thárla draoidheacht nó teidhmse trom do
Chlannaibh Gaedheal. Bhí fonn orra iad féin
do dhealughadh ó chlú a sinnsear. Bhí fonn orra
gach nídh dar bhain le náisiúnteacht fé leith na
tíre — a gcuid nósa, a gcuid ceóil, agus a
dteanga dhúthchasach — do leigint ar lár.



Cad fá ndearr an daille & an donas so
ar fad do theacht ar mhuinntir na hÉireann?
Is iomdha rud. Acht ar dtúis & go háirithe,
na sgoileanna náisiúnta do cuireadh ar bun
tá deich mbliadhna is trí fichid ó shoin. Tá's
ag gach éinne anois gur le haghaidh spiorad &
náisiúntacht do cuireadh na sgoileanna seo
ar bun. Agus is maith do rinneadar a gcuid
oibre agus ní baoghal ná raibh a sliocht ar an
dtír nuair thárla an Connradh dúinn.



Bhí an Bórd Náisiúnta ag obair ar feadh
deich mbliadhna is trí fichid, agus bhí cisde
Shasana taobh thiar de. Rud eile, bhí grádh ag
daoinibh bochta na hÉireann ar an léigheann
riamh, agus muna dtógfaidís an cinéal
léighinn mío-nádúrtha do bhí ga múineadh sna
sgoileannaibh sin, ní raibh a mhalairt le fagháil
aca. Agus is beag nár múchadh anam na tíre
ar fad. Do dhéanfaidhe gan amhras muna
mbeadh COnnradh na Gaedhilge, agus ar shon
ná fhuil sé acht deich mbliadhna ar bun, is mór
an feabhsughadh atá tar éis teacht ar an
saoghal i nÉirinn ar feadh na deich mbliadhain
soin. Is féidir a rádh gurab é Connradh na
Gaedhilge fá ndearr an feabhsughadh soin go
léir. Ní raibh namhaid ag an nGaedhealtacht
nár thug sé iarach faoi, agus ní raibh acht
corr-uairr nár rug sé an bhuaidh leis. Chuir
sé d'fhiachaibh ar an mBórd Náisiúnta — an
namhaid ba threise — an gléas foghlama do bhí
aca do mhalartughadh go mór, agus beagán dá
ceart do thabhairt do'n Ghaedhilg. Seadh,
agus d'fhág sé an Bórd céadna soin gan
chreideamhaint gan meas ag éinne air fá
dheireadh, agus sagairt agus bainisteóirí
sgoile na hÉireann féin ag féachaint chum
tabhairt-suas agus oideachas ceart d'fhagháil
do'n aos óg.



Thug sé ar na daoine meas do bheith aca
orra féin agus ar a dtír, chuir sé spioraid
agus anam ionnta, thug sé leabhra agus litri-
dheacht dóibh, thug sé sult agus greann dóibh,
thug sé orra a chreideamhaint gur i nÉirinn
d'éirigheann an ghrian ar maidin agus gurab
innti do luigheann sí um thráthnóna. Seadh,
agus déanfaidh sé Éire Gaedhealach dóibh fá
dheire ó bhun barr, agus ní bheidh Connradh na
Gaedhilge sásta go deó go mbeidh an Gaedheal
i n-uachtar agus Seaghán Buidhe i n-íochtar i
nÉirinn. Agus da bhrígh sin, a léightheóirí, tá
sé oraibh Féile an Chonnartha do choimeád an
iarracht so go Gaedhealach cóir tairbheach i
slighe do tabharfaidh meas orainn-ne agus ar
nGaedhilg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services