Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gadaidhe Dubh na Slóna
Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gadaidhe Dubh na Slóna (Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall) Bhí rí 'n-a chomhnaidhe i nÉirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí a bhean (an bhainrioghan) 'n-a bean caomhamhail dóigheamhail, faoi mheas ag gach duine acht go háirithe ag an rígh é féin. Lá 'mháin tháinig an bás uirri agus sgairt sí ar an rígh go codladh na leaptha. “Faraoir,” ar sí, “tá mo laethe-se ar bhealach a bheith caithte agus is mian liom anois athchuinge a iarradh ort sul a bhfágaim an saoghal seo agus is é sin: Go dtabhairfidh tú gealltamhnas domh, mar gheall orm féin agus ar mo pháisdibh, go ndéanfaidh tú teach ar an oileán uaigneach atá amuigh san fhairrge agus go bhfágfaidh tú ann iad nó go raibh an fear is óige aca bliadhain is fiche d'aois. Cuir máighistir sgoile i n-a gcuideachta agus oiread bídh agus dighe 's a bhéas a dhith orra
ar feadh an ama sin, agus ná bíodh fios nó tuairisg ag aon duine cá bhfuil siad.” Gheall an rí sin a dhéanamh agus é ag gul go brónach. Annsin d'fhág an bhainrioghan slán aige fhéin agus ag na páisdibh agus dhruid a súile le gan a bhfosgailt níos mó ar an tsaoghal seo. Chuir a bás comh trom sin ar an rígh nár amharc sé fá dhadaidh go ceann míosa agus ag smuaineadh annsin ar an ghealltamhnas a thug sé do'n bhainrioghan nuair a bhí sí ar leabaidh 'n bháis, chonnaiceas dó go raibh an t-am aige é 'choimhlíonadh. Chruinnigh sé mórán cuidigh agus lucht céirde agus ba ghoirid go raibh caisleán breagh tógtha aige ar an oileán. Thug sé leis annsin na páisdí agus máighistir sgoile, biadh agus deoch de'n uile cineál agus i ndiaidh deireadh 'fágháil ar an oileán tháinig sé 'bhaile go huaigneach cráidhte. I gceann bliadhna nó mar sin, tháinig dhá phrionnsa a bhí 'n-a gcomhnaidhe sa chúige a ba chomhgaraighe dó, ar chuairt chuige. Ba mhór an fear seilge an rí féin, agus 'fhad 's d'fhan na prionnsaí aige is ag seilg a chaith siad an chuid is mó de'n am. Aon oidhche 'mháin dá raibh siad ag caint 's ag comhrádh dubhairt fear de na prionnsaí gur mhór an t-iongantas gur fhan an rí fhad gan pósadh arís. “Faraor,” arsa 'n rí, “chuir bás na bain- rioghna chomh trom sin orm gur deacair liom pósadh go bráth.” “Ná géill dó sin”, arsa 'n prionnsa, “ní féidir leat a bheith beó mar tá tú. Má thig tú linn-ne ar maidin i mbárach ní bhéidh tú bhfad gan bean-chéile.” “Bíodh sé mar sin”! arsa an rí. Ar maidin lá thar n-a bhárach d'fhág an triúr an caisleán agus shiubhal leó go tuitim na hoidhche. Chuaidh siad isteach i dteach beag ar thaobh an bhóthair agus d'fhiafruigh fear de na prionnsaí cá raibh teach a léithid seo d'fhear uasal. “Tá coill fá leath-mhíle do'n áit seo,” arsa fear an tighe, “agus níl agaibh le déanamh acht an bealach a bhfuil sibh air a leanamhaint agus tídhfidh sibh teach an fhir sin i n-imeall na coilleadh.” Thug siad buidheachas do'n seanduine agus siubhal leó go dtáinig siad go dtí'n caisleán in a raibh 'n cailín a bhí siad d'iarraidh, 'n-a comhnaidhe. Thaitin sí go maith leis an rígh agus rinneadh cleamhnas eatorra an oidhche sin. Pósadh iad lá thar n-a bhárach agus tháinig siad a bhaile go cúirt an ríogh. Chuaidh dhá bhliadhain déag thart i ndiaidh a bpósta agus ar feadh an ama sin chomhnuigh 'n rí agus an bhainrioghan óg go sásta suaimh- neash i gcuideacht' a chéile. Lá 'mháin chuaidh an bhainríoghan 'un cainte le “Cailleach na gCearc” agus nuair a bhí sí ag dul isteach ar an doras, bhuail sí a cos ar chloich agus thuit sí. “Go mbrisidh an diabhal do mhuineál,” arsa 'n Chailleach. “Cáidé beir ort a léithid sin d'athchuinge a thabhairt orm-sa,” arsa 'n bhainríoghan, “agus gur tú an seirbhíseach is lugha meas dá bhfuil fúm?” “Tá bhall,” arsa Cailleach na gCearc, “má bheir tú trí nídh domh-sa a iarrfas mé ort innseóchaidh mé dhuit caidé 'n fáth a dtug mé an athchuinge.” “Innis domh,” arsa 'n bhainrioghan, “na trí nídh atá 'dhith ort agus gheóbhaidh tú iad má tá sé in mo chumhacht.” “An chéad nídh atá 'dhith orm,” arsa 'n Chailleach, “lán mála de mhin choirce.” “Caidé 'n méid a chuinnigheas an mála?” arsa 'n bhainrioghan. “Seacht sgór cloch d'arbhar agus an méid a d'fhásfadh orra go ceann seacht mbliadhain.” “Maith go leór,” arsa 'n bhainrioghan, “gheobhaidh tú sin. Ainmnigh an dara nídh.” “Tá,” arsa 'n Chailleach, “lán mála d'olann agus cuinneóchaidh an mála an méid olna a d'fhasfadh ar sheacht sgór caorach go ceann seacht mbliadhain.” “Gheobhaidh tú sin,” arsa 'n bhainrioghan. “Caidé 'n rud a' tríomhadh nídh?” “Lán meadair d'im,” arsa 'n Chailleach, “agus cuinneóchaidh an meadair im seacht mbó ar feadh seacht mbliadhain.” “Dhéanfar sin uilig,” arsa 'n bhainrioghan. Rinneadh, agus i gceann seachtmhaine tháinig an bhainrioghan fhad la Cailleach na gCearc arís agus d'fhiafruigh di ádhbhar an athchuinge. “Tá,” arsa 'n Chailleach, “go bhfeicim go mb'fhearr dhuit marbh ná'n dóigh a bhéas ort i ndeireadh do shaoghail. Ta tú pósta anois le dhá bhliadhain déag agus níor innis an rígh dhuit ar feadh an ama sin go bhfuil triúr mac aige ar oileán amuigh san fhairrge, agus máighistir sgoile dá dteagasg. Is goirid anois go raibh an fear is óige aca bliadhain is fiche d'aois agus bhéarfar a bhaile annsin iad, roinnfear an saidbhreas eatorra agus díbreóchar thusa. Tá sé 'dheafaidh ort, ar an adbhar sin, an chomhairle a bhéarfas mise dhuit a dhéanamh. Gabh 'bhaile anois agus fágh éan choiligh (coileach óg) marbh. Tug leat an fhuil i soitheach, gabh 'luighe agus leig ort go bhfuil tú tinn. Cuir fá choinne 'n ríogh annsin, agus nuair mhoitheóchas tú ag teacht é, ól bolgam de'n fhuil. Nuair a thiocfas seisean isteach sa seomra bí thusa ag caitheadh 'mach fola. Fiaf- róchaidh 'n rí caidé tháinig ort agus abair gur chualaidh tú go bhfuil tú pósta ar fhear atá comh cruaidh sin i gcroidhe agus go mbéadh sé dhá bhliadhain déag gan éileamh 'chur ar a thriúr cloinne atá go huaigneach ar oileán amuigh 'san fhairrge, agus a shéan rith an ama sin ort-sa go raibh a léithidí ann. Mar gheall ar do shásamh cuirfidh seisean fá n-a gcoinne annsin. Leig thusa ort go bhfuil luthgháir in do chroidhe iad 'fheiceál agus i ndiaidh an din- néire cuir cuireadh ar na prionnsaí cluithche cardaí 'imirt. Bhéarfaidh mise paca dhuit agus ní bhéidh moill ort baint leó. Cuir ann- sin de gheasaibh orra 'dhul go dtí'n Domhan
Íochtarach agus an gearrán óir a ghoid ó ‘Ridire Ghlas an Ghleanna.’ Ní baoghal duit 'n-a diaidh sin iad 'fheicéal go bráth.” (Ní críoch) Brian Ó Cianaigh. 1 The initial c is not aspirated in Donegal
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services