Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gadaidhe Dubh na Slóna

Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gadaidhe Dubh na Slóna
(Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall)



Bhí rí 'n-a chomhnaidhe i nÉirinn fad ó shoin
agus bhí triúr mac aige. Bhí a bhean (an
bhainrioghan) 'n-a bean caomhamhail dóigheamhail,
faoi mheas ag gach duine acht go háirithe ag
an rígh é féin. Lá 'mháin tháinig an bás uirri
agus sgairt sí ar an rígh go codladh na leaptha.
“Faraoir,” ar sí, “tá mo laethe-se ar bhealach
a bheith caithte agus is mian liom anois
athchuinge a iarradh ort sul a bhfágaim an
saoghal seo agus is é sin: Go dtabhairfidh tú
gealltamhnas domh, mar gheall orm féin agus
ar mo pháisdibh, go ndéanfaidh tú teach ar an
oileán uaigneach atá amuigh san fhairrge agus
go bhfágfaidh tú ann iad nó go raibh an fear
is óige aca bliadhain is fiche d'aois. Cuir
máighistir sgoile i n-a gcuideachta agus
oiread bídh agus dighe 's a bhéas a dhith orra


L. 2


ar feadh an ama sin, agus ná bíodh fios nó
tuairisg ag aon duine cá bhfuil siad.”



Gheall an rí sin a dhéanamh agus é ag gul
go brónach. Annsin d'fhág an bhainrioghan slán
aige fhéin agus ag na páisdibh agus dhruid a
súile le gan a bhfosgailt níos mó ar an
tsaoghal seo. Chuir a bás comh trom sin ar
an rígh nár amharc sé fá dhadaidh go ceann
míosa agus ag smuaineadh annsin ar an
ghealltamhnas a thug sé do'n bhainrioghan nuair
a bhí sí ar leabaidh 'n bháis, chonnaiceas dó go
raibh an t-am aige é 'choimhlíonadh. Chruinnigh
sé mórán cuidigh agus lucht céirde agus ba
ghoirid go raibh caisleán breagh tógtha aige ar
an oileán. Thug sé leis annsin na páisdí
agus máighistir sgoile, biadh agus deoch de'n
uile cineál agus i ndiaidh deireadh 'fágháil ar
an oileán tháinig sé 'bhaile go huaigneach
cráidhte.



I gceann bliadhna nó mar sin, tháinig dhá
phrionnsa a bhí 'n-a gcomhnaidhe sa chúige a ba
chomhgaraighe dó, ar chuairt chuige. Ba mhór
an fear seilge an rí féin, agus 'fhad 's d'fhan
na prionnsaí aige is ag seilg a chaith siad an
chuid is mó de'n am. Aon oidhche 'mháin dá
raibh siad ag caint 's ag comhrádh dubhairt
fear de na prionnsaí gur mhór an t-iongantas
gur fhan an rí fhad gan pósadh arís.



“Faraor,” arsa 'n rí, “chuir bás na bain-
rioghna chomh trom sin orm gur deacair liom
pósadh go bráth.”



“Ná géill dó sin”, arsa 'n prionnsa, “ní
féidir leat a bheith beó mar tá tú. Má thig
tú linn-ne ar maidin i mbárach ní bhéidh tú
bhfad gan bean-chéile.”



“Bíodh sé mar sin”! arsa an rí.
Ar maidin lá thar n-a bhárach d'fhág an triúr an
caisleán agus shiubhal leó go tuitim na
hoidhche. Chuaidh siad isteach i dteach beag ar
thaobh an bhóthair agus d'fhiafruigh fear de na
prionnsaí cá raibh teach a léithid seo d'fhear
uasal.



“Tá coill fá leath-mhíle do'n áit seo,” arsa
fear an tighe, “agus níl agaibh le déanamh acht
an bealach a bhfuil sibh air a leanamhaint agus
tídhfidh sibh teach an fhir sin i n-imeall na
coilleadh.”



Thug siad buidheachas do'n seanduine agus
siubhal leó go dtáinig siad go dtí'n caisleán
in a raibh 'n cailín a bhí siad d'iarraidh, 'n-a
comhnaidhe. Thaitin sí go maith leis an rígh
agus rinneadh cleamhnas eatorra an oidhche
sin. Pósadh iad lá thar n-a bhárach agus tháinig
siad a bhaile go cúirt an ríogh.



Chuaidh dhá bhliadhain déag thart i ndiaidh a
bpósta agus ar feadh an ama sin chomhnuigh 'n
rí agus an bhainrioghan óg go sásta suaimh-
neash i gcuideacht' a chéile. Lá 'mháin chuaidh
an bhainríoghan 'un cainte le “Cailleach na
gCearc” agus nuair a bhí sí ag dul isteach ar
an doras, bhuail sí a cos ar chloich agus thuit
sí.



“Go mbrisidh an diabhal do mhuineál,” arsa
'n Chailleach.



“Cáidé beir ort a léithid sin d'athchuinge a
thabhairt orm-sa,” arsa 'n bhainríoghan, “agus
gur tú an seirbhíseach is lugha meas dá bhfuil
fúm?”



“Tá bhall,” arsa Cailleach na gCearc, “má
bheir tú trí nídh domh-sa a iarrfas mé ort
innseóchaidh mé dhuit caidé 'n fáth a dtug mé
an athchuinge.”



“Innis domh,” arsa 'n bhainrioghan, “na trí
nídh atá 'dhith ort agus gheóbhaidh tú iad má tá
sé in mo chumhacht.”



“An chéad nídh atá 'dhith orm,” arsa 'n
Chailleach, “lán mála de mhin choirce.”



“Caidé 'n méid a chuinnigheas an mála?”
arsa 'n bhainrioghan.



“Seacht sgór cloch d'arbhar agus an méid
a d'fhásfadh orra go ceann seacht mbliadhain.”



“Maith go leór,” arsa 'n bhainrioghan,
“gheobhaidh tú sin. Ainmnigh an dara nídh.”



“Tá,” arsa 'n Chailleach, “lán mála d'olann
agus cuinneóchaidh an mála an méid olna a
d'fhasfadh ar sheacht sgór caorach go ceann
seacht mbliadhain.”



“Gheobhaidh tú sin,” arsa 'n bhainrioghan.



“Caidé 'n rud a' tríomhadh nídh?”



“Lán meadair d'im,” arsa 'n Chailleach,
“agus cuinneóchaidh an meadair im seacht mbó
ar feadh seacht mbliadhain.”



“Dhéanfar sin uilig,” arsa 'n bhainrioghan.



Rinneadh, agus i gceann seachtmhaine tháinig
an bhainrioghan fhad la Cailleach na gCearc
arís agus d'fhiafruigh di ádhbhar an athchuinge.



“Tá,” arsa 'n Chailleach, “go bhfeicim go
mb'fhearr dhuit marbh ná'n dóigh a bhéas ort i
ndeireadh do shaoghail. Ta tú pósta anois le
dhá bhliadhain déag agus níor innis an rígh dhuit
ar feadh an ama sin go bhfuil triúr mac aige
ar oileán amuigh san fhairrge, agus máighistir
sgoile dá dteagasg. Is goirid anois go raibh
an fear is óige aca bliadhain is fiche d'aois
agus bhéarfar a bhaile annsin iad, roinnfear
an saidbhreas eatorra agus díbreóchar thusa.
Tá sé 'dheafaidh ort, ar an adbhar sin, an
chomhairle a bhéarfas mise dhuit a dhéanamh.
Gabh 'bhaile anois agus fágh éan choiligh (coileach
óg) marbh. Tug leat an fhuil i soitheach,
gabh 'luighe agus leig ort go bhfuil tú tinn.
Cuir fá choinne 'n ríogh annsin, agus nuair
mhoitheóchas tú ag teacht é, ól bolgam de'n
fhuil. Nuair a thiocfas seisean isteach sa
seomra bí thusa ag caitheadh 'mach fola. Fiaf-
róchaidh 'n rí caidé tháinig ort agus abair gur
chualaidh tú go bhfuil tú pósta ar fhear atá
comh cruaidh sin i gcroidhe agus go mbéadh sé
dhá bhliadhain déag gan éileamh 'chur ar a
thriúr cloinne atá go huaigneach ar oileán
amuigh 'san fhairrge, agus a shéan rith an ama
sin ort-sa go raibh a léithidí ann. Mar gheall
ar do shásamh cuirfidh seisean fá n-a gcoinne
annsin. Leig thusa ort go bhfuil luthgháir in
do chroidhe iad 'fheiceál agus i ndiaidh an din-
néire cuir cuireadh ar na prionnsaí cluithche
cardaí 'imirt. Bhéarfaidh mise paca dhuit
agus ní bhéidh moill ort baint leó. Cuir ann-
sin de gheasaibh orra 'dhul go dtí'n Domhan


L. 3


Íochtarach agus an gearrán óir a ghoid ó
‘Ridire Ghlas an Ghleanna.’ Ní baoghal duit
'n-a diaidh sin iad 'fheicéal go bráth.”



(Ní críoch)



Brian Ó Cianaigh.



1 The initial c is not aspirated in Donegal

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services