Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Feiseanna agus na Gaedhilgeóirí
Title
Na Feiseanna agus na Gaedhilgeóirí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 25, 1903. Na Feiseanna agus na Gaedhilgeóirí. Is mór an maitheas a dheineas feis, go háirithe ins na ceanntair Gaedhealacha, mar cuireann sí i meabhair do na daoine go bhfuil teanga ar leith aca. Má's áil linn na daoine ag a bhfuil Gaedhilg do chur á labhairt caithfear ar dtúis cur 'n-a luighe orra gur ceart dóibh é dheánamh & nuair chreidfid sinn tosnóghaid. I dtaobh na ndaoine atá ag foghlaim, labharfaid siad-san í nuair bheid i n-ann, mar ní deallrach gur chum í chur i dtaisge fé'n dreisiúr atáid ag fagháil an oiread duaidh is táid. Tá na Gaedhilgeóirí is fearr 'sna ceanntair Gaedhealacha & gan iad (acht amháin fó-dhuine aca) ábalta ar dhá fhocal di a sgríobhadh ná a léigheadh. Badh thairbh- ighe i bhfad na daoine seo a chur ag sgríobhadh nó ag léigheadh 'ná bheith ag iarraidh í mhúineadh do na mic-léighinn nár chlois friotal di riamh & cuid mhaith aca ná fuil meas trumpa gan teangain aca uirri. Má éirgheann linn na daoine ag a bhfuil sí chur a labhairt ins na ceanntair Gaedhealacha, beidh linn. Cur i gcás ceanntar go bhfuil cheithre míle duine ann, agus gan acht dhá mhíle díobh so i n-ann í labhairt; dá labharfadh an dá mhíle sin í ní baoghal ná go mbeadh sí ag an dá mhíle eile i gceann bliadhna nó mar sin — 'sé sin muna ndúnfaidís a gcluasa uirri. Badh chóir comórtasaí le haghaidh Gaedhil- geóirí do chur ar bun ag gach feis — ceann le haghaidh léightheoirí agus ceann le haghaidh sgríbhneóirí — sin é díreach a chuirfeadh ag obair iad. Tá an iomarca comórtas rinnce le déidheanaighe ag cuid de na feiseanna. Tá aithne againn féin ar chraoibh agus bíon445n i bhfad níos mó daoine oidhche an rinnce ann ná oidhche foghlama na teangan. Bíonn an oiread soin rinncí i gcuid de na craobhacha gur dhóigh leat gur chum na sean-rinncí d'aith- bheódhchaint do cuireadh an Connradh ar bun. Is fearr aon Ghaedhilgeóir amháin ná deich- neabhar rinnceóirí. Tiocfaidh an rinnce i ndiaidh na teangan. Ná tuigeadh éinne uainn gur ag tabhairt droich-mheas do na mic- léighinn uile atámaoid. Ní headh, acht do chuid aca. Tá cuid aca go dúthrachtach, acht ní bhfaghmaois é sin a rádh leis an gcuid eile. Aoinne go n-oireann an caipín do caitheadh sé é. Acht deirimíd-ne an méid seo, gur 'mdhó fear a raibh an Ghaedhilg go clisde aige nár chuir aon tsuim innti go raibh sé i n-ann í sgríobhadh bheadh sí ag teacht 'n-a tuiltibh móra chughainn uatha, mar is aca atá an chaint bhríoghmhar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services