Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Feiseanna agus na Gaedhilgeóirí

Title
Na Feiseanna agus na Gaedhilgeóirí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Iúl 25, 1903.



Na Feiseanna agus na
Gaedhilgeóirí.



Is mór an maitheas a dheineas feis, go
háirithe ins na ceanntair Gaedhealacha,
mar cuireann sí i meabhair do na daoine go
bhfuil teanga ar leith aca. Má's áil linn na
daoine ag a bhfuil Gaedhilg do chur á
labhairt caithfear ar dtúis cur 'n-a luighe orra
gur ceart dóibh é dheánamh & nuair chreidfid
sinn tosnóghaid. I dtaobh na ndaoine atá
ag foghlaim, labharfaid siad-san í nuair bheid i
n-ann, mar ní deallrach gur chum í chur i
dtaisge fé'n dreisiúr atáid ag fagháil an
oiread duaidh is táid. Tá na Gaedhilgeóirí
is fearr 'sna ceanntair Gaedhealacha & gan
iad (acht amháin fó-dhuine aca) ábalta ar dhá
fhocal di a sgríobhadh ná a léigheadh. Badh thairbh-
ighe i bhfad na daoine seo a chur ag sgríobhadh
nó ag léigheadh 'ná bheith ag iarraidh í mhúineadh
do na mic-léighinn nár chlois friotal di riamh
& cuid mhaith aca ná fuil meas trumpa gan
teangain aca uirri. Má éirgheann linn na
daoine ag a bhfuil sí chur a labhairt ins na
ceanntair Gaedhealacha, beidh linn. Cur i
gcás ceanntar go bhfuil cheithre míle duine
ann, agus gan acht dhá mhíle díobh so i n-ann í
labhairt; dá labharfadh an dá mhíle sin í ní
baoghal ná go mbeadh sí ag an dá mhíle eile i
gceann bliadhna nó mar sin — 'sé sin muna
ndúnfaidís a gcluasa uirri.



Badh chóir comórtasaí le haghaidh Gaedhil-
geóirí do chur ar bun ag gach feis — ceann le
haghaidh léightheoirí agus ceann le haghaidh
sgríbhneóirí — sin é díreach a chuirfeadh ag
obair iad. Tá an iomarca comórtas rinnce
le déidheanaighe ag cuid de na feiseanna.
Tá aithne againn féin ar chraoibh agus bíon445n i
bhfad níos mó daoine oidhche an rinnce ann
ná oidhche foghlama na teangan. Bíonn an
oiread soin rinncí i gcuid de na craobhacha
gur dhóigh leat gur chum na sean-rinncí d'aith-
bheódhchaint do cuireadh an Connradh ar bun.
Is fearr aon Ghaedhilgeóir amháin ná deich-
neabhar rinnceóirí. Tiocfaidh an rinnce i
ndiaidh na teangan. Ná tuigeadh éinne uainn
gur ag tabhairt droich-mheas do na mic-
léighinn uile atámaoid. Ní headh, acht do
chuid aca. Tá cuid aca go dúthrachtach, acht
ní bhfaghmaois é sin a rádh leis an gcuid eile.
Aoinne go n-oireann an caipín do caitheadh
sé é. Acht deirimíd-ne an méid seo, gur
'mdhó fear a raibh an Ghaedhilg go clisde aige
nár chuir aon tsuim innti go raibh sé i n-ann í
sgríobhadh bheadh sí ag teacht 'n-a tuiltibh móra
chughainn uatha, mar is aca atá an chaint
bhríoghmhar.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services