Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cogarnaigh
Title
Cogarnaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cogarnaigh Is fada ó shoin anois é. Ní rabhas acht im' gharsún bheag an uair sin nuair do chonnac cailín óg ó Chathair Dómhnaill ag gabháil tharainn ag dul go hAmeiriceá. Chrom sí síos agus thug sí póg do phort ghlas an bhóthair. Níor imthigh a chuimhne sin as mo cheann riamh. Nár bh'ait an cleas é, adéarfair. Níor bh'ait ámh. Bhí ualach ar a croidhe siúd agus b'fhéidir gur thug an méid sin suaimhneas aigne dhi. Ghnídh sí chomh ciúin chomh socair sin é ná cuir- feá 'n-a leith gur ag leigean uirthi bhí sí go raibh cion aci ar a baile dúthchais. Is dócha go bhfuil Éireannaigh nách í lasmuich indiu do thabharfadh póg do thalamh ghlas na hÉireann leis dá mbeadh caoi aca air. Tá tuairisg i sean-sgríbhinn i dtaobh na Féinne go raibh nós ag na díormaibh sul a dtagadaís ruthag ar a namhaid cromadh síos agus an talamh do phógadh. Ceapaim gur bh'é brígh an chleasa soin na bhFiann go rabhadar ullamh chum báis d'fhulaing ar son na hÉireann agus d'á réir sin gur chóra dóibh póg do thabhairt di mar shlán leí. Badh dhóich leat orainn-ne go dtabharfamuis ár n-anam ar son ár dtíre leis, acht mar sin féin, tugamaoid ár gcúl uirthi agus téidhmíd ar sodar thar sáile. Dá mbeadh fhios againn cad tá rómhainn ní dóich liom go mbeadh an oiread soin deabhaidh orainn ag fágaint an bhaile. “Cad é mo ghnó annso?” adeir an fear óg, “ní fhuil faic agam le déanamh, is cóir dhom bheith ar siubhal ag tuilleamh mo choda.” Dá mbeadh an fhírinne aige-sean ní bhfághfainn-se locht air mar is beag orm cuaille díomhaoin. Acht is beag fear óg do chuarduigheann tír na hÉireann ar lorg oibre sul a bhfágann sé an baile. Fágann sé an méid sin fá'n Albanach agus tá a rian air, tá an buachaill sin ag borradh agus an tÉireannach ag imtheacht chum fáin agus a thír bhláthmhar ag dul chum fiadhan- tais le heasbadh rómhair. Deirthear nuair do bheidh a dtalamh féin ag na feirmeóirí go mbeidh athrughadh sgéil againn. Ní dóich liom é. Boidichíní is eadh cuid aca soin. Beidh éirghe 'n-áirde ortha agus i n-ionad beatha maith do bhaint as a gcuid tal- mhan is amhlaidh do bhéidh siad ag dul i bhfiachaibh ó lá go lá go dtagaidh an báille ortha. Bheadh muinighin agam asda dá seachnuighdís an t-ólachán agus dá n-abróchadh gach mac máthar aca leis na fearaibh óga láidre seo atá ag tiomáint thar na fairrgibh ar nós sguaine éan- laith: “a bhuachaillí, fánaidh sa bhaile, tabhar- faidh gach feirmeóir againn féar bó dos go haon agaibh, tigh deas, glan, chlúthmhar, agus tuarastal maith; tá talamh na hÉireann saidhbhir, cuirfeam a thuilleadh leasuighthe air & tabharfaidh sé toradh do chothóchaidh a cheithre oiread is tá innti indiu; seólfam an méid ná teasdóchaidh uainn féin fá dhéin bhailtí móra Shasana agus gheóbhamuid luach maith air.” Chuir- feadh a leithéid sin do spioraid athrughadh croit ar Éirinn, mar bheadh deire leis an bhflosg fola atá ag sileadh as a féitheannaibh. Muna ngnídhtear rud éigin de'n tsaghas soin is beag an brígh bheith ag caint is ag cúmhadh i dtaobh imtheacht na nÉireannach. Tá sé riacht- anach ar na feirmeóirí an doicheall do chur díobh. Is dóich leis an bhfeirmeóir go bhfuil sé mar dhualgas ar chléirí, is fir siopaí, is ceárdaidhthe cabhrughadh leis chum tailamh saor d'fhagháil dó, agus nach bhfuil aige féin le déanamh acht síneadh ar a thar i n-áirde agus a rádh. “Cabhruighidh liom, is mise cnuasach na tíre; tugaidh bhur gcuid airgid is bhur n-aimsir ag oibriughadh ar mo shon, agus ní gábhadh dhomh-sa pioc do dhéanamh acht liúgh do chur asam anois is arís le nbhur ngríosacht.” A dhuine mhuinteardha, cuir uait an chaint sin. Is beag do ghníos go dtí so dod' thír 'ná dod theanga. Is mithid duit ciall do bheith agat. Beidh sé id' chumas feasda obair thairbheach do chur ar aghaidh ar son do thíre agus do theangan. Caithfear na fir is na mná óga do chong- bháil sa bhaile as béal an deamhain, agus caithfir-se is do bhanntracht luighe isteach chum na hoibre, nó músglóchair namhaid is measa dhuit 'ná an tighearna talmhan. Tuillfir, a fheirmeóir fuath na nÉireannach eile atá ag obair le fada ar do shon, is gan súil le cúiteamh as an gcomhrac soin aca. Is leis gach duine aca an tí sin chomh maith agus is leat-sa, agus bain an chluais díom muna ndéanfair an gnó atá ceapuighthe dhuit go gcuirfear an rith ort luath nó mall. Is dócha má léigheann aon fheirmeóir an giota so, agus má oireann an caipín dó go mbeidh seanabhlas aige orm. Machtnuigheadh sé go maith, ámh, ar dtúis, 'féachaint an bhfuil an ceart agam. Tá muinntir na mbailtí móra, ag obair ar son na hÉireann go leath- lámhach. Is dóich leis an bhfeirmeóir gurab é féin Éire, agus nach bhfuil ag muinntir na mbailtí móra acht a gcuid airgid agus a gcuid aimsire do thabhairt ar a shon. Is mithid dó dúiseacht agus an fhírinne do chlos. B'fhéidir go 'neosfainn dó beagán eile sul a fada. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services