Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cogarnaigh

Title
Cogarnaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cogarnaigh



Is fada ó shoin anois é. Ní rabhas acht im'
gharsún bheag an uair sin nuair do chonnac
cailín óg ó Chathair Dómhnaill ag gabháil
tharainn ag dul go hAmeiriceá. Chrom sí síos
agus thug sí póg do phort ghlas an bhóthair.
Níor imthigh a chuimhne sin as mo cheann riamh.
Nár bh'ait an cleas é, adéarfair. Níor bh'ait
ámh. Bhí ualach ar a croidhe siúd agus b'fhéidir
gur thug an méid sin suaimhneas aigne dhi.
Ghnídh sí chomh ciúin chomh socair sin é ná cuir-
feá 'n-a leith gur ag leigean uirthi bhí sí go
raibh cion aci ar a baile dúthchais.



Is dócha go bhfuil Éireannaigh nách í lasmuich
indiu do thabharfadh póg do thalamh ghlas na
hÉireann leis dá mbeadh caoi aca air.



Tá tuairisg i sean-sgríbhinn i dtaobh na
Féinne go raibh nós ag na díormaibh sul a
dtagadaís ruthag ar a namhaid cromadh síos
agus an talamh do phógadh. Ceapaim gur bh'é
brígh an chleasa soin na bhFiann go rabhadar
ullamh chum báis d'fhulaing ar son na hÉireann
agus d'á réir sin gur chóra dóibh póg do
thabhairt di mar shlán leí. Badh dhóich leat
orainn-ne go dtabharfamuis ár n-anam ar son
ár dtíre leis, acht mar sin féin, tugamaoid
ár gcúl uirthi agus téidhmíd ar sodar thar
sáile. Dá mbeadh fhios againn cad tá
rómhainn ní dóich liom go mbeadh an oiread
soin deabhaidh orainn ag fágaint an bhaile.
“Cad é mo ghnó annso?” adeir an fear óg,
“ní fhuil faic agam le déanamh, is cóir dhom
bheith ar siubhal ag tuilleamh mo choda.” Dá
mbeadh an fhírinne aige-sean ní bhfághfainn-se
locht air mar is beag orm cuaille díomhaoin.
Acht is beag fear óg do chuarduigheann tír na
hÉireann ar lorg oibre sul a bhfágann sé an
baile. Fágann sé an méid sin fá'n Albanach
agus tá a rian air, tá an buachaill sin ag
borradh agus an tÉireannach ag imtheacht chum
fáin agus a thír bhláthmhar ag dul chum fiadhan-
tais le heasbadh rómhair.



Deirthear nuair do bheidh a dtalamh féin ag
na feirmeóirí go mbeidh athrughadh sgéil againn.
Ní dóich liom é. Boidichíní is eadh cuid aca
soin. Beidh éirghe 'n-áirde ortha agus i
n-ionad beatha maith do bhaint as a gcuid tal-
mhan is amhlaidh do bhéidh siad ag dul i bhfiachaibh
ó lá go lá go dtagaidh an báille ortha. Bheadh
muinighin agam asda dá seachnuighdís an
t-ólachán agus dá n-abróchadh gach mac máthar
aca leis na fearaibh óga láidre seo atá ag
tiomáint thar na fairrgibh ar nós sguaine éan-
laith: “a bhuachaillí, fánaidh sa bhaile, tabhar-
faidh gach feirmeóir againn féar bó dos go
haon agaibh, tigh deas, glan, chlúthmhar, agus
tuarastal maith; tá talamh na hÉireann
saidhbhir, cuirfeam a thuilleadh leasuighthe air &
tabharfaidh sé toradh do chothóchaidh a cheithre
oiread is tá innti indiu; seólfam an méid
ná teasdóchaidh uainn féin fá dhéin bhailtí móra
Shasana agus gheóbhamuid luach maith air.” Chuir-
feadh a leithéid sin do spioraid athrughadh croit
ar Éirinn, mar bheadh deire leis an bhflosg fola
atá ag sileadh as a féitheannaibh. Muna
ngnídhtear rud éigin de'n tsaghas soin is
beag an brígh bheith ag caint is ag cúmhadh i
dtaobh imtheacht na nÉireannach. Tá sé riacht-
anach ar na feirmeóirí an doicheall do chur
díobh. Is dóich leis an bhfeirmeóir go bhfuil
sé mar dhualgas ar chléirí, is fir siopaí, is
ceárdaidhthe cabhrughadh leis chum tailamh saor
d'fhagháil dó, agus nach bhfuil aige féin le
déanamh acht síneadh ar a thar i n-áirde agus a
rádh. “Cabhruighidh liom, is mise cnuasach na
tíre; tugaidh bhur gcuid airgid is bhur n-aimsir
ag oibriughadh ar mo shon, agus ní gábhadh
dhomh-sa pioc do dhéanamh acht liúgh do chur
asam anois is arís le nbhur ngríosacht.” A
dhuine mhuinteardha, cuir uait an chaint sin. Is
beag do ghníos go dtí so dod' thír 'ná dod
theanga. Is mithid duit ciall do bheith agat.
Beidh sé id' chumas feasda obair thairbheach do
chur ar aghaidh ar son do thíre agus do
theangan.



Caithfear na fir is na mná óga do chong-
bháil sa bhaile as béal an deamhain, agus
caithfir-se is do bhanntracht luighe isteach chum
na hoibre, nó músglóchair namhaid is measa
dhuit 'ná an tighearna talmhan. Tuillfir, a
fheirmeóir fuath na nÉireannach eile atá ag
obair le fada ar do shon, is gan súil le
cúiteamh as an gcomhrac soin aca. Is leis
gach duine aca an tí sin chomh maith agus is
leat-sa, agus bain an chluais díom muna
ndéanfair an gnó atá ceapuighthe dhuit go
gcuirfear an rith ort luath nó mall.



Is dócha má léigheann aon fheirmeóir an
giota so, agus má oireann an caipín dó go
mbeidh seanabhlas aige orm. Machtnuigheadh
sé go maith, ámh, ar dtúis, 'féachaint an bhfuil
an ceart agam. Tá muinntir na mbailtí
móra, ag obair ar son na hÉireann go leath-
lámhach. Is dóich leis an bhfeirmeóir gurab é
féin Éire, agus nach bhfuil ag muinntir na
mbailtí móra acht a gcuid airgid agus a
gcuid aimsire do thabhairt ar a shon. Is mithid
dó dúiseacht agus an fhírinne do chlos.
B'fhéidir go 'neosfainn dó beagán eile sul a
fada.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services