Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deich mBliadhna
Title
Deich mBliadhna
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 18, 1903 Deich mBliadhna. Támuid ag obair ar an nGaedhilg anois le dul 'un deich mbliadhna — béidh sé deich mbliadhna an lá deiridh do'n mhí seo — agus ní misde dhúinn breathnughadh ar an méid atá déanta & ar an méid nach bhfuil. Bhí na mílte 'gus na mílte, nuair a tosuigh- eadh, nach raibh a fhios aca an raibh teanga Ghaedhilge ar bith ann. Bhí na mílte eile ann, & na céadta mílte nár thuig céard ba bhrígh do theanga ar leith a bheith ag tír. Ní raibh meas uisge na bhfataí ar an nGaedhilgeóir. Lán a chroicinn do náire bhí air. Dá mbéadh a fhios ag éinne go raibh Gaedhilg aige, & mara raibh an duine sé nó seachráin ann, ní labh- róchadh fear Gaedhilg an uair sin os comhair daoine measamhla dá bhfuighfeadh sé geine buidhe an focal uirri. Tá sgéal eile anois ann. Na páipéir nuaidheachta do mhill an Gaedheal cheana le sgéalta agus nuaidheacht Gallda, sgríobhtha ar mhodh Gallda, & do tharraing smaointe Gallda isteach i n-ár measg, tá siad ag géilleadh beagán anois — sin iad ár ndaoine féin; tá máighistirí sgoile ag múnadh na teangan do'n aos ós anois — sin iad ár ndaoine féin freisin; tá stiúrthóirí sgoile ag cur faoi ndeara do na máighistríbh í mhúnadh — & is iad- san ár ndaoine féin. Tá sraith leabhra Gaedh- ilge ag teacht amach gach uile shéisiúr; tá im- theacht ar pháipéir nuaidheacht & ar Irisleabhair i nGaedhilg. Tá athrughadh chomh mór soin ar an saoghal & go bhfuil dúil ag gach éinneach a bhéagán nó a mhórán a dhéanamh ar son a theangan. San áit a raibh tarcuisne & droch- mheas le fagháil ag an nGaedhilgeóir cheana tá meas agus onóir dá réir le fagháil anois aige. Tá luighe baramhail na ndaoine claonta 'un maitheasa na hÉireann ar réir mar cheap- as siad as a n-ughdarás féin. Tá, & leath-mhíle maith eile nach bhfuil áit ná am le háireamh annso. Dubhairt a lán ar dtús nach raibh againn ann acht girr-fhiadh nó das raithnigh, deir siad anois nach bhfuil maith dhá dtáinic le deich mbliadhna nach hiad lucht na Gaedh- ilge is cionntach leis. Is maith agus is sár-mhaith an sgéal é an t-athrughadh soin a bheith tagaighthe. Acht n-a dhiaidh sin is uilig bhí guth againn ar dhaoinibh a d'fhan uainn, agus tá guth againn fós orra, agus tháinic mór-chuid eile ar aon inntinn linn, agus gan súil ar bith leó. Tá réimse mór do thaobh tíre annso is annsúd, agus is cuma goidé gach a bhfuil do'n teanga dá foghluim ar sgoil aca. Tá, agus istigh i gceart- lár na Gaedhilge freisin. 'Siad ár ndaoine féin, ár ndóigh, na stiurthóirí agus na máighis- trí atá os cionn na sgoilteacha so, agus fairíor má tá a leithéide sin d'fhaillighe le bualadh thall orra! Cé is moite do rud mar sin, agus do dhroich- mhisneach a bheith ag teacht ar chorr-dhuine eile mar gheall ar gan a bheith i n-ann cat is dá ruball a dhéanamh ar an toirt boise, ní mórán is ion-cháinte ár ndul ar aghaidh. Nach fearr dhúinn gan a bheith ábalta ar an teanga fhoghluim agus a sgaipeadh go héasga agus go sgiopaidh, ná malthruid? Má tá an teacht aniar agus cur leis ionainn chéadna neartófar iad, mara bhfuil siad ionainn caith- fimíd iad d'fhoghluim. Agus cé an bhrígh gach 's a bhféadfaidhe a dhéanamh i n-imtheacht deich mbliadhna? Ní raibh litridheacht ná lucht a léighte le fagháil nó go mb'éigin a ndéanamh agus níl déanta ar litridheacht acht tosughadh anois féin. Brostuightear an té tá failligheach, spadánta — ár ndaoine féin — agus faoi cheann deich mbliadhna eile cé ar bith cé bhéas beó, béidh coisméag tugtha ar aghaidh a chuirfeadh iongantas ar cheachtar againn indiu. Nuair a bhéas ar n-oideachas Gaedhealach agus foireann úr oilte tógtha le n-a chabhair béidh a fhios annsin cé an smior atá san nglan- Éireannach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services