An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Iúl 18, 1903
Deich mBliadhna.
Támuid ag obair ar an nGaedhilg anois le
dul 'un deich mbliadhna — béidh sé deich
mbliadhna an lá deiridh do'n mhí seo — agus
ní misde dhúinn breathnughadh ar an méid atá
déanta & ar an méid nach bhfuil.
Bhí na mílte 'gus na mílte, nuair a tosuigh-
eadh, nach raibh a fhios aca an raibh teanga
Ghaedhilge ar bith ann. Bhí na mílte eile ann,
& na céadta mílte nár thuig céard ba bhrígh
do theanga ar leith a bheith ag tír. Ní raibh
meas uisge na bhfataí ar an nGaedhilgeóir.
Lán a chroicinn do náire bhí air. Dá mbéadh a
fhios ag éinne go raibh Gaedhilg aige, & mara
raibh an duine sé nó seachráin ann, ní labh-
róchadh fear Gaedhilg an uair sin os comhair
daoine measamhla dá bhfuighfeadh sé geine
buidhe an focal uirri.
Tá sgéal eile anois ann. Na páipéir
nuaidheachta do mhill an Gaedheal cheana le
sgéalta agus nuaidheacht Gallda, sgríobhtha ar
mhodh Gallda, & do tharraing smaointe Gallda
isteach i n-ár measg, tá siad ag géilleadh
beagán anois — sin iad ár ndaoine féin; tá
máighistirí sgoile ag múnadh na teangan do'n
aos ós anois — sin iad ár ndaoine féin
freisin; tá stiúrthóirí sgoile ag cur faoi
ndeara do na máighistríbh í mhúnadh — & is iad-
san ár ndaoine féin. Tá sraith leabhra Gaedh-
ilge ag teacht amach gach uile shéisiúr; tá im-
theacht ar pháipéir nuaidheacht & ar Irisleabhair
i nGaedhilg. Tá athrughadh chomh mór soin ar
an saoghal & go bhfuil dúil ag gach éinneach a
bhéagán nó a mhórán a dhéanamh ar son a
theangan. San áit a raibh tarcuisne & droch-
mheas le fagháil ag an nGaedhilgeóir cheana
tá meas agus onóir dá réir le fagháil anois
aige. Tá luighe baramhail na ndaoine claonta
'un maitheasa na hÉireann ar réir mar cheap-
as siad as a n-ughdarás féin. Tá, & leath-mhíle
maith eile nach bhfuil áit ná am le háireamh
annso. Dubhairt a lán ar dtús nach raibh
againn ann acht girr-fhiadh nó das raithnigh,
deir siad anois nach bhfuil maith dhá dtáinic
le deich mbliadhna nach hiad lucht na Gaedh-
ilge is cionntach leis.
Is maith agus is sár-mhaith an sgéal é an
t-athrughadh soin a bheith tagaighthe. Acht n-a
dhiaidh sin is uilig bhí guth againn ar dhaoinibh a
d'fhan uainn, agus tá guth againn fós orra,
agus tháinic mór-chuid eile ar aon inntinn
linn, agus gan súil ar bith leó. Tá réimse
mór do thaobh tíre annso is annsúd, agus is
cuma goidé gach a bhfuil do'n teanga dá
foghluim ar sgoil aca. Tá, agus istigh i gceart-
lár na Gaedhilge freisin. 'Siad ár ndaoine
féin, ár ndóigh, na stiurthóirí agus na máighis-
trí atá os cionn na sgoilteacha so, agus
fairíor má tá a leithéide sin d'fhaillighe le
bualadh thall orra!
Cé is moite do rud mar sin, agus do dhroich-
mhisneach a bheith ag teacht ar chorr-dhuine eile
mar gheall ar gan a bheith i n-ann cat is dá
ruball a dhéanamh ar an toirt boise, ní mórán
is ion-cháinte ár ndul ar aghaidh.
Nach fearr dhúinn gan a bheith ábalta ar an
teanga fhoghluim agus a sgaipeadh go héasga
agus go sgiopaidh, ná malthruid? Má tá an
teacht aniar agus cur leis ionainn chéadna
neartófar iad, mara bhfuil siad ionainn caith-
fimíd iad d'fhoghluim. Agus cé an bhrígh
gach 's a bhféadfaidhe a dhéanamh i n-imtheacht
deich mbliadhna? Ní raibh litridheacht ná lucht
a léighte le fagháil nó go mb'éigin a ndéanamh
agus níl déanta ar litridheacht acht tosughadh
anois féin. Brostuightear an té tá failligheach,
spadánta — ár ndaoine féin — agus faoi
cheann deich mbliadhna eile cé ar bith cé
bhéas beó, béidh coisméag tugtha ar aghaidh a
chuirfeadh iongantas ar cheachtar againn indiu.
Nuair a bhéas ar n-oideachas Gaedhealach agus
foireann úr oilte tógtha le n-a chabhair béidh a
fhios annsin cé an smior atá san nglan-
Éireannach.