Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéala ó'n Domhan Thiar - An Teas i Nua-Eabhrac.
Title
Sgéala ó'n Domhan Thiar - An Teas i Nua-Eabhrac.
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéala ó'n Domhan Thiar An Teas i Nua-Eabhrac. Ní fheadar an bhfuil éin-tír ar fuid an domhain go léir i n-a mbíonn an t-aer chomh sámh agus chomh fionnfhuar do ghnáth is bhíonn sé againn-ne i nÉirinn. An lá is fuaire sa ngeimhreadh is féidir le duine aeridheacht mhaith a bheith aige a chuirfeadh an fhuil ag rith tré n-a fhéithibh, agus is 'mdhó lá geimhridh a' bhíonn chomh te agus chomh sámh soin gur dhóigh leat nach é an gheimhreadh a bheadh ann i n-éan- chor. Agus nuair a thagann an samhradh chughainn, ní bhíonn an oiread teasaidheacht ann is a bhíonn i dtíorthaibh thar lear. Is 'mdhó beann- acht do thug Dia do mhuinntir na hÉireann, acht ní dóigh liom gur fearr éan-cheann aca ná an aimsir bhreágh, agus an t-aer sámh a bhíonn againn i gcomhnaidhe. Agus is baoghalach go ndéintear dearmhad go minic ar an rud so. D'airigheas cuid mhaith de mhuinntir Bhaile Átha Cliath ag gearán i dtaoibh teas na haimsire an tseachtmhain so ghaibh tharainn. Bhí sé te go leór gan amhras, acht im' thuairim féin níl éan-chúis gearán ag muinntir Bhaile Átha Cliath, ná ag muinntir na hÉireann — mar gheall ar an teas go háirithe. Chonnac 'sna páipéaraibh go bhfuil an teas ag imirt ortha i Nua-Eabhrac, agus i n-áiteachaibh eile i Sasana Nua. Ní misde teas a thabhairt air, mar dubhairt duine dem' aitheantas liom (fear a chaith suas le dhá bhliadhain ann) go bhféadfá uibhe a bheirbhiughadh ar leacachaibh na sráide. Do mhairbh an teas deichneabhar is fiche an tseachtmhain seo chuaidh tharainn, agus tógadh trí céad eile chum na n-óispidéal. Bíonn an aimsir te cruaidh go leór ar na daoinibh saidhbhre, cé go mbíonn leac-oidhre aca dá chur ins gach éan-rud 'á n-ólann siad, agus cé go mbíonn gach éan-gléas aca chum an teas do bhaint as an aer 'na dtimcheall. Bíonn an teas ag imirt ortha súd, acht caidé mar a imrigheann sé ar na hÉireannachaibh bochta a bhíonn ag obair 'sna tíghthíbh ósda, i gcis- tinibh móra thíos fá'n dtalamh, teinte agus gal ar gach taoibh dhíobh, agus gan sos ná suan aca acht bheith ag obair ar a gcroidhe dhíchill ag freastal do sna daoinibh móra a bhíonn sna seómraibh thuas. Ní misde a rádh ná go mbíonn an teas ag luighe ortha súd. Seadh, agus na creatúirí bochta a bhíonn ag déanamh na dtighthe móra ann, cúig stóirí déag ó'n dtalamh, b'fhéidir, agus an ghrian dá losgadh — ní misde a rádh go n-airigheann siad súd teas na haimsire. Agus ní féidir leó stad oiread is leath nóimint chum a n-anál a tharraingt, mar dá bhfeicfeadh an maor iad, chuirfidhe an ruaig ortha ar an mball díreach! Is minic a chuimhnigheann na hÉireannaigh bochta so, ar na laethibh fada samhraidh i n-oileán glas na hÉireann, nuair a bhíodh leóitne fionn-fhuar éicint ag séideadh i gcomhnaidhe ó'n bhfairrge, nó ó bharraibh na sléibhte, agus nuair a gheibhidís a suaimhneas a ghlacadh dá mbíodh an teas ag cur ortha. Seadh! Is 'mdhó duine tá ag obair fá láthair i sráidibh Nua-Eabhrac gur mhaith leis radharc a d'fhagháilt ar na móintibh & ar na sléibhtibh mar ar chaith sé túis a óige. Go ndeónuighidh Dia go mbéidh an méad sin le fagháil ag cuid mhóir díobh sara fada! Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services