Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéala ó'n Domhan Thiar - An Teas i Nua-Eabhrac.

Title
Sgéala ó'n Domhan Thiar - An Teas i Nua-Eabhrac.
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéala ó'n Domhan Thiar



An Teas i Nua-Eabhrac.



Ní fheadar an bhfuil éin-tír ar fuid an
domhain go léir i n-a mbíonn an t-aer chomh
sámh agus chomh fionnfhuar do ghnáth is bhíonn
sé againn-ne i nÉirinn. An lá is fuaire sa
ngeimhreadh is féidir le duine aeridheacht
mhaith a bheith aige a chuirfeadh an fhuil ag rith
tré n-a fhéithibh, agus is 'mdhó lá geimhridh a'
bhíonn chomh te agus chomh sámh soin gur dhóigh
leat nach é an gheimhreadh a bheadh ann i n-éan-
chor. Agus nuair a thagann an samhradh chughainn,
ní bhíonn an oiread teasaidheacht ann is a
bhíonn i dtíorthaibh thar lear. Is 'mdhó beann-
acht do thug Dia do mhuinntir na hÉireann,
acht ní dóigh liom gur fearr éan-cheann aca
ná an aimsir bhreágh, agus an t-aer sámh a
bhíonn againn i gcomhnaidhe. Agus is baoghalach
go ndéintear dearmhad go minic ar an rud
so. D'airigheas cuid mhaith de mhuinntir Bhaile
Átha Cliath ag gearán i dtaoibh teas na
haimsire an tseachtmhain so ghaibh tharainn. Bhí
sé te go leór gan amhras, acht im' thuairim
féin níl éan-chúis gearán ag muinntir Bhaile
Átha Cliath, ná ag muinntir na hÉireann — mar
gheall ar an teas go háirithe. Chonnac 'sna
páipéaraibh go bhfuil an teas ag imirt ortha i
Nua-Eabhrac, agus i n-áiteachaibh eile i Sasana
Nua. Ní misde teas a thabhairt air, mar
dubhairt duine dem' aitheantas liom (fear a
chaith suas le dhá bhliadhain ann) go bhféadfá
uibhe a bheirbhiughadh ar leacachaibh na sráide.
Do mhairbh an teas deichneabhar is fiche an
tseachtmhain seo chuaidh tharainn, agus tógadh
trí céad eile chum na n-óispidéal. Bíonn an
aimsir te cruaidh go leór ar na daoinibh
saidhbhre, cé go mbíonn leac-oidhre aca dá
chur ins gach éan-rud 'á n-ólann siad, agus cé
go mbíonn gach éan-gléas aca chum an teas do
bhaint as an aer 'na dtimcheall. Bíonn an
teas ag imirt ortha súd, acht caidé mar a
imrigheann sé ar na hÉireannachaibh bochta a
bhíonn ag obair 'sna tíghthíbh ósda, i gcis-
tinibh móra thíos fá'n dtalamh, teinte
agus gal ar gach taoibh dhíobh, agus
gan sos ná suan aca acht bheith ag obair
ar a gcroidhe dhíchill ag freastal do sna
daoinibh móra a bhíonn sna seómraibh thuas.
Ní misde a rádh ná go mbíonn an teas ag
luighe ortha súd. Seadh, agus na creatúirí
bochta a bhíonn ag déanamh na dtighthe móra
ann, cúig stóirí déag ó'n dtalamh, b'fhéidir,
agus an ghrian dá losgadh — ní misde a rádh go
n-airigheann siad súd teas na haimsire.
Agus ní féidir leó stad oiread is leath
nóimint chum a n-anál a tharraingt, mar
dá bhfeicfeadh an maor iad, chuirfidhe an
ruaig ortha ar an mball díreach! Is minic a
chuimhnigheann na hÉireannaigh bochta so, ar na
laethibh fada samhraidh i n-oileán glas na
hÉireann, nuair a bhíodh leóitne fionn-fhuar
éicint ag séideadh i gcomhnaidhe ó'n bhfairrge,
nó ó bharraibh na sléibhte, agus nuair a gheibhidís a
suaimhneas a ghlacadh dá mbíodh an teas ag
cur ortha. Seadh! Is 'mdhó duine tá ag
obair fá láthair i sráidibh Nua-Eabhrac gur
mhaith leis radharc a d'fhagháilt ar na móintibh
& ar na sléibhtibh mar ar chaith sé túis a óige.
Go ndeónuighidh Dia go mbéidh an méad sin le
fagháil ag cuid mhóir díobh sara fada!



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services