Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Buntáiste Comhpháirteachais
Title
Buntáiste Comhpháirteachais
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 11, 1903 Buntáiste Comhpháirteachais. Tá leabhairín tar éis teacht amach le déidhea- naighe & badh mhaith linn mórán dá shórt a fheicsint óir cuireann sé síos ar cheist go bhfuil eagla ar mórán tabhairt fúithi — sí sin cómhpháirteachas. 'Sé Pádraig Ó Séaghdha an sgríbhneóir agus ní misde a rádh ná gurab é do sgríobh go bríoghmhar é. Fear Pádraig a dheineas a chuid mhachtnamh féin agus annsoin thugas a thoradh dhúinn gan eagla, gan baoghal. Ní bhíonn sé ag rith i ndiaidh smaointe daoine eile chum iad a ghoid uatha. Níl Pádraig 'n-a sheasamh ar nós daoine eile go bhfuil cosa píopaí fútha, tá a chosa féin fé. Tá aistriughadh ag gabháilt leis freisin ó láimh Mháire Spring-Raois. Tá an t-aistriughadh déanta aici go rí-mhaith. Tá an leabhairín seo “lán de chiall” ó thús go deireadh. 'Sé an feall nach bhfuil sé ag gach feirmeóir i nÉirinn. Dá meadh bheadh i bhfad níos lugha donais & i bhfad níos mó sonais ar an tír mí- ádhmharaigh seo. Osglóghfadh sé súile na bhfeirmeóirí amadántach & ní bheidís leath chomh ceanamhail ar an ól & táid siad. Níor cheart a rádh is dócha gur dúil atá aca san ól acht amháin mar adeir Pádraig níor mhaith leó bheith sprionnluighthe. Is rí-dheas an cur síos a dheineann sé ar mhangadóirín na croise agus an tslighe a mheallann sé na hamadáin. Dá mbéadh aon chiall aca-so, d'fhéadfaidís aithne a chur ar cheannuidhthe i sean-Shasana a thabhrfadh luach a gcuid earraí dhóibh i n-áit bheith ag rith go dtí tighthe-tábhairne na gcros-bhóthar agus ag teacht a bhaile ar meisge. Dá mbeadh comhpháirteachas i measg na bhfeirmeóirí, do bheadh sé ar a gcumas feabhas mór do chur ar a chéile seachas mar chuirid. Támaoid cinnte dá gcuirfidhe i n-umhail do na feirmeóirí na buntáistí is féidir a bhaint as comhpháirteachas oibre go ndéanfaidís iarracht ar chumainn dá shórt a chur ar bun, acht tá cuid aca agus ní chuirfidís aon tsuim i rud ar bith. Cumann na Talmhaidheachta ba cionn-tsioca- air leis an leabhairín seo a chur i gcló.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services