Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Buntáiste Comhpháirteachais

Title
Buntáiste Comhpháirteachais
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Iúl 11, 1903



Buntáiste Comhpháirteachais.



Tá leabhairín tar éis teacht amach le déidhea-
naighe & badh mhaith linn mórán dá shórt a
fheicsint óir cuireann sé síos ar cheist
go bhfuil eagla ar mórán tabhairt fúithi — sí
sin cómhpháirteachas.



'Sé Pádraig Ó Séaghdha an sgríbhneóir agus
ní misde a rádh ná gurab é do sgríobh go
bríoghmhar é. Fear Pádraig a dheineas a
chuid mhachtnamh féin agus annsoin thugas a
thoradh dhúinn gan eagla, gan baoghal. Ní
bhíonn sé ag rith i ndiaidh smaointe daoine
eile chum iad a ghoid uatha. Níl Pádraig 'n-a
sheasamh ar nós daoine eile go bhfuil cosa
píopaí fútha, tá a chosa féin fé.



Tá aistriughadh ag gabháilt leis freisin ó
láimh Mháire Spring-Raois. Tá an t-aistriughadh
déanta aici go rí-mhaith. Tá an leabhairín seo
“lán de chiall” ó thús go deireadh. 'Sé an
feall nach bhfuil sé ag gach feirmeóir i
nÉirinn. Dá meadh bheadh i bhfad níos lugha
donais & i bhfad níos mó sonais ar an tír mí-
ádhmharaigh seo. Osglóghfadh sé súile na
bhfeirmeóirí amadántach & ní bheidís leath chomh
ceanamhail ar an ól & táid siad. Níor cheart
a rádh is dócha gur dúil atá aca san ól acht
amháin mar adeir Pádraig níor mhaith leó bheith
sprionnluighthe.



Is rí-dheas an cur síos a dheineann sé ar
mhangadóirín na croise agus an tslighe a
mheallann sé na hamadáin. Dá mbéadh aon
chiall aca-so, d'fhéadfaidís aithne a chur ar
cheannuidhthe i sean-Shasana a thabhrfadh luach
a gcuid earraí dhóibh i n-áit bheith ag rith
go dtí tighthe-tábhairne na gcros-bhóthar agus
ag teacht a bhaile ar meisge. Dá mbeadh
comhpháirteachas i measg na bhfeirmeóirí, do
bheadh sé ar a gcumas feabhas mór do chur ar
a chéile seachas mar chuirid. Támaoid cinnte
dá gcuirfidhe i n-umhail do na feirmeóirí na
buntáistí is féidir a bhaint as comhpháirteachas
oibre go ndéanfaidís iarracht ar chumainn dá
shórt a chur ar bun, acht tá cuid aca agus ní
chuirfidís aon tsuim i rud ar bith.



Cumann na Talmhaidheachta ba cionn-tsioca-
air leis an leabhairín seo a chur i gcló.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services