Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Connradh Chuilm Naomhtha
Title
Connradh Chuilm Naomhtha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Iúl 4, 1903 Connradh Chuilm Naomhtha. Dóchas na hÉireann iad na sagairt óga atá ag teacht amach as Coláiste Mhuighe Nuadhat anois ó am go ham & na mic léighinn atá 'gá n-ullmhughadh ann. Tá muinghin againn asta go ndéanfaidh siad aghaidh na talmhan d'athnuadhadh i gceann tamaill. Agus níl fínnéacht is feárr le haghaidh sin do dhearbh- ughadh 'ná tuarasgbháil bhliadhantamhail an Chonnartha so thuas do chuir mic léighinn an Choláiste ar bun tá timcheall chúig bliadhna ó shoin ann. Is mór an t-atharughadh atá tagaithe ar ghné na Tuarasgbhála sin ó cuireadh an chéad uimhir i gcló. Is mór an t-atharughadh atá tagaithe ar an aimsir. Tá an chéad uimhir i n-ár lámhaibh anois againn, &, ar shon go bhfuil snas coitcheannta na huimhreach sin go fíor- Ghaedhealach, níl de Ghaedhilg ann acht éan phíosa beag amháin. Ag féachaint tré chlár uimhreach na bliadhna seo láithreach, chímíd Geadhilg go leór ann, agus Gaedhilg bheó bhríoghmhar leis. Tá dán beag deas ann ag Tomás Ó Ceall- aigh ar an gCumann féin, agus tá alt tábhachtach ciallmhar ann ag tabhairt amach ar an dúil mí-ádhmharach soin atá ag na daoinibh 'san imtheacht tar sáile. Ní gábhadh dhúinn mórán trácht do dhéanamh thar “Airgead na Croise Caoile.” Is fiú é an leabhar d'fhagháilt ar son an dráma seo amháin. Is soi-léighte an cunntas é sin atá ann ar Bheatha Chárthaigh naomhtha Leasa Móir do chuir an Árd-sgoil ar bun san áit sin fad ó, agus do thug congnamh mór ar an t-ainm, “Oileán na Naomh agus na n-Ollamh” do thuilleamh d'ár dtír; agus an cunntas eile tá ann ar Bheatha Eoghain Naomhtha Mhuighe Nuadhat do thug árd-iarracht ar an t-ainm sin do thabhairt thar n-ais chughainn arís, agus do mharbh é féin 'san iarracht do rinne sé. Tá roinnt alt 'sa Tuarasgbháil i mBéarla, agus ní fhéadfaidís a bheith níos Gaedhealaighe gan iad do bheith sa nGaedhilg féin. Cad é is bun-ádhbhar do'n Chonnradh so? “Is mian le Connradh Chuilm Naomhtha casadh arís ar Léigheann náisiúnta na nGaedheal.” Sin é, díreach glan, a fhaid sa leithead. Beannacht Dé oraibh, a chuideachta uasail mar gheall ar na foclaibh sin, agus ar an bhfear atá ag cur na smuaintí sin isteach i nbhur n-aigne. Ní baoghal ná go mbeadh bail & rath ó Dhia ar an dtír i mbeidh bhur leithéidí mar chléir innti.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services