Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Connradh Chuilm Naomhtha

Title
Connradh Chuilm Naomhtha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Iúl 4, 1903



Connradh Chuilm Naomhtha.



Dóchas na hÉireann iad na sagairt óga
atá ag teacht amach as Coláiste Mhuighe
Nuadhat anois ó am go ham & na mic léighinn
atá 'gá n-ullmhughadh ann. Tá muinghin againn
asta go ndéanfaidh siad aghaidh na talmhan
d'athnuadhadh i gceann tamaill. Agus níl
fínnéacht is feárr le haghaidh sin do dhearbh-
ughadh 'ná tuarasgbháil bhliadhantamhail an
Chonnartha so thuas do chuir mic léighinn an
Choláiste ar bun tá timcheall chúig bliadhna ó
shoin ann.



Is mór an t-atharughadh atá tagaithe ar ghné
na Tuarasgbhála sin ó cuireadh an chéad
uimhir i gcló. Is mór an t-atharughadh atá
tagaithe ar an aimsir. Tá an chéad uimhir i
n-ár lámhaibh anois againn, &, ar shon go bhfuil
snas coitcheannta na huimhreach sin go fíor-
Ghaedhealach, níl de Ghaedhilg ann acht éan phíosa
beag amháin. Ag féachaint tré chlár uimhreach
na bliadhna seo láithreach, chímíd Geadhilg go
leór ann, agus Gaedhilg bheó bhríoghmhar leis.
Tá dán beag deas ann ag Tomás Ó Ceall-
aigh ar an gCumann féin, agus tá alt
tábhachtach ciallmhar ann ag tabhairt amach
ar an dúil mí-ádhmharach soin atá ag
na daoinibh 'san imtheacht tar sáile.
Ní gábhadh dhúinn mórán trácht do dhéanamh thar
“Airgead na Croise Caoile.” Is fiú é an
leabhar d'fhagháilt ar son an dráma seo amháin.
Is soi-léighte an cunntas é sin atá ann ar
Bheatha Chárthaigh naomhtha Leasa Móir do chuir
an Árd-sgoil ar bun san áit sin fad ó, agus
do thug congnamh mór ar an t-ainm, “Oileán
na Naomh agus na n-Ollamh” do thuilleamh
d'ár dtír; agus an cunntas eile tá ann ar
Bheatha Eoghain Naomhtha Mhuighe Nuadhat do thug
árd-iarracht ar an t-ainm sin do thabhairt thar
n-ais chughainn arís, agus do mharbh é féin 'san
iarracht do rinne sé. Tá roinnt alt 'sa
Tuarasgbháil i mBéarla, agus ní fhéadfaidís
a bheith níos Gaedhealaighe gan iad do bheith sa
nGaedhilg féin. Cad é is bun-ádhbhar do'n
Chonnradh so? “Is mian le Connradh Chuilm
Naomhtha casadh arís ar Léigheann náisiúnta na
nGaedheal.” Sin é, díreach glan, a fhaid sa
leithead. Beannacht Dé oraibh, a chuideachta
uasail mar gheall ar na foclaibh sin, agus ar
an bhfear atá ag cur na smuaintí sin isteach
i nbhur n-aigne. Ní baoghal ná go mbeadh bail
& rath ó Dhia ar an dtír i mbeidh bhur leithéidí
mar chléir innti.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services