Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
I gComhair an tSamhraidh
Title
I gComhair an tSamhraidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 27, 1903 I gComhair an tSamhraidh Tá dream ann a deir gurab í an mhalairt oibre an sosa nó an leigheas is fearr nuair a bhíonn duine cortha traochttha ag an saothar. Agus má's fíor so i dtaoibh na sglábh- aidheachta is seacht bhfíre i dtaoibh na hint- leachta é. Dá bhrígh sin comhairleóchaimís do na Gaedhilgeóiríbh machtnamh do dhéanamh go maith air. Mar tá fhios againn go bhfuil na mílte aca ins na bailtíbh móra annso & ann- súd agus a ndícheall dian gá dhéanamh aca, rith na bliadhna, d'iarraidh an croidhe do stracadh as na leabhraibh. Tá go leór díobh so ar bheagán congnaimh leis acht níl a gcuid saothair ag dul amudha. Tá obair mhór déanta aca; tá ádhbhar na Gaedhilge faghálta as na leabh- raibh aca. Acht tá rud éigin ag teasdáil, tá rud éigin d'uireasbha fós orra. Agus goidé rud é sin, agus cionnus is féidir é d'fhagháilt? Ta rud ná fuil le fagháil acht 'sa nGaedhealtacht, rud ná fuil 'n-a bheatha acht 'sna ceanntair Gaedhealacha, agus sé rud é sin ná an puth-anáil a chuirfidh brígh agus beatha 'n-a gcuid Gaedhilge chum an tairbhe ceart a bhaint as an saothar cruaidh atá déanta aca. Mar sin de caithfidh siad an malartughadh do dhéanamh, caithfidh siad na leabhra a leagaint i leath-taoibh agus caithfidh siad a n-aghaidh thabhairt ar an nGaedhealtacht, ar na dúithchíbh sin a bhfuil an Ghaedhilge gá spreagadh ionnta ó aimsir Mhílídh Easpáine go dtí an lá indiu ann. Ná fanaidís sna bailtíbh móra ná sna bailtíbh beaga acht an oiread. Ní measa cách ná Conchubhar. Téidhidís go dtí Gabhgán Barra aoibhinn uaigneach nó go hUíbh-Ráthach cois mara thiar nó go Connamara mar a bhfuil ceart agus blas ann nó go gleanntaibh agus cuantaibh Tír- Chonaill, nó go Rinn Ó gCuanach na nDéise. Gheóbhaidh siad Gaedhilg agus compórd agus sláinte 'sna háiteannaibh seo gan bacaint leis na bailtibh móra. Agus gheóbhaidh siad fós, sé sin éinne tá ábalt ar iad a chur síos, lán an mhála de'n chainnt, agus de'n bhfilidheacht, agus de'n tseanchaidheacht is breagha dá bhfuil ag lucht tuaithe i n-éan tír ar thalamh an domhain indiu. Cuimhnighidh, a léigh- theóirí, go bhfuilid na seana-seóid seo ag imtheacht uainn go mear. Déanaidh-se bhur ndícheall ar iad a choimeád. Ná bíodh éan dearmhad oraibh i dtaoibh na hoibre seo, pé sgéal é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services