Historical Irish Corpus
1600 - 1926

I gComhair an tSamhraidh

Title
I gComhair an tSamhraidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meitheamh 27, 1903



I gComhair an tSamhraidh



Tá dream ann a deir gurab í an mhalairt
oibre an sosa nó an leigheas is fearr
nuair a bhíonn duine cortha traochttha ag an
saothar. Agus má's fíor so i dtaoibh na sglábh-
aidheachta is seacht bhfíre i dtaoibh na hint-
leachta é. Dá bhrígh sin comhairleóchaimís do
na Gaedhilgeóiríbh machtnamh do dhéanamh go
maith air. Mar tá fhios againn go bhfuil na
mílte aca ins na bailtíbh móra annso & ann-
súd agus a ndícheall dian gá dhéanamh aca, rith
na bliadhna, d'iarraidh an croidhe do stracadh
as na leabhraibh. Tá go leór díobh so ar
bheagán congnaimh leis acht níl a gcuid saothair
ag dul amudha. Tá obair mhór déanta aca;
tá ádhbhar na Gaedhilge faghálta as na leabh-
raibh aca. Acht tá rud éigin ag teasdáil, tá
rud éigin d'uireasbha fós orra. Agus goidé
rud é sin, agus cionnus is féidir é
d'fhagháilt? Ta rud ná fuil le fagháil acht
'sa nGaedhealtacht, rud ná fuil 'n-a bheatha
acht 'sna ceanntair Gaedhealacha, agus sé rud
é sin ná an puth-anáil a chuirfidh brígh agus
beatha 'n-a gcuid Gaedhilge chum an tairbhe
ceart a bhaint as an saothar cruaidh atá
déanta aca. Mar sin de caithfidh siad an
malartughadh do dhéanamh, caithfidh siad na
leabhra a leagaint i leath-taoibh agus caithfidh
siad a n-aghaidh thabhairt ar an nGaedhealtacht,
ar na dúithchíbh sin a bhfuil an Ghaedhilge gá
spreagadh ionnta ó aimsir Mhílídh Easpáine
go dtí an lá indiu ann. Ná fanaidís sna
bailtíbh móra ná sna bailtíbh beaga acht an
oiread. Ní measa cách ná Conchubhar.
Téidhidís go dtí Gabhgán Barra aoibhinn
uaigneach nó go hUíbh-Ráthach cois mara thiar nó
go Connamara mar a bhfuil ceart agus blas
ann nó go gleanntaibh agus cuantaibh Tír-
Chonaill, nó go Rinn Ó gCuanach na nDéise.
Gheóbhaidh siad Gaedhilg agus compórd agus
sláinte 'sna háiteannaibh seo gan bacaint
leis na bailtibh móra.



Agus gheóbhaidh siad fós, sé sin éinne tá
ábalt ar iad a chur síos, lán an mhála
de'n chainnt, agus de'n bhfilidheacht, agus
de'n tseanchaidheacht is breagha dá bhfuil
ag lucht tuaithe i n-éan tír ar thalamh
an domhain indiu. Cuimhnighidh, a léigh-
theóirí, go bhfuilid na seana-seóid seo ag
imtheacht uainn go mear. Déanaidh-se bhur
ndícheall ar iad a choimeád. Ná bíodh éan
dearmhad oraibh i dtaoibh na hoibre seo, pé
sgéal é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services