Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
IMTHEACHT NA nGAEDHEAL TAR LEAR.
Title
IMTHEACHT NA nGAEDHEAL TAR LEAR.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 20, 1903 IMTHEACHT NA nGAEDHEAL TAR LEAR. Sí ceist imtheachta na nGaedheal tar lear atá ag goilleamhaint ar aigne na nGaedh- eal fá láthair, & ní haon iongnadh linn é sin, mar atá sgoth na bhfear & plúr na mban ag tabhairt a n-aghaidh ar Ameiriocá. 'Sí an chéad cheist a rithfidh i n-aigne éinne go bhfuil aon spéis aige i dtír a dhúthchais 'ná cionnus is féidir cosg do chur leis an síor-trághchant? Tá daoine gasta ealadhnta meabhracha tar éis an cheist seo do mhion-sgrúdughadh go minic; tá éacht daoine ag caint fúithi — & ráiméis go leór leis — & is dóigh le gach óráididhe dhíobh gur aige féin atá réidhteach na ceiste. Pé ar domhan é, is minic do na hóráididthe breall orra, & ní in-chreidte gach friotal a sgaoilid amach, óir nílid do-earráideach acht an oiread le cách. Anois ní ag na hóráididhthe atá réidh- teach na ceiste, cé go bhfuil sé ar a gcumas mór-chuid do dhéanamh, mar leanaid na daoine rian a dtaoiseach go dian, acht ag an gcoit- cheanntacht. Níl fear, bean, ná páisde nach dtiocfadh leó a gcion féin a dhéanamh. Cuir i gcás nach bhfuil ag duine le caitheamh acht pinginn, ná téidheadh sé go dtí bodaire neamh-shuimeamhail i dtaoibh neithe a bhaineas leis an dtír, acht téidheadh sé go dtí an Gaedhilgeóir. Iarradh sé earraí Gaedhealacha & ná bíodh náire ná faitchios air roimh éinne. Mar sin méadófar gnótha lucht na siopaí & tabharfar obair do na Gaedhilgeóirí atá ar tí dul tar lear. Cloiseann an-chuid cainte mar gheall ar “ceannuigh earraí na hÉireann,” & na daoine céadna sin is ó Shasana a gheibhid siad a gcuid earraí. Táthar tar eis an chomh- airle seo a thabhairt minic go leór cheana, acht 'sé an chuid is measa de'n sgéal ná déantar cleachtadh uirri. Ní dhéarfam a thuilleadh 'na taobh; acht, muna gcuirfear cosg eicínt ar an imtheacht, ní fearrde an Ghaedhilge é. Nach mí-ádhbharach an tír í! Chomh luath & atá na daoine óga i n-ann aon phioc maitheasa do dhéanamh bailighid leó chum tíortha tar lear d'fheabhsughadh. Tá na céadta ag imtheacht gach lá i n-aimdheóin an méid cainte a dhéantar. 'Siad na sagairt na daoine is fearr do chuir- feadh cosg leis an droch-obair seo, & badh cheart dóibh suim do chur innti, mar, d'réir an follamhughadh atáthar ag déanamh anois, ní bheidh mórán le freastal aca air i gcionn fiche bliadhain eile. Déanamaois uile iarracht ar chosg do chur ar an trághchant seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services