Historical Irish Corpus
1600 - 1926

IMTHEACHT NA nGAEDHEAL TAR LEAR.

Title
IMTHEACHT NA nGAEDHEAL TAR LEAR.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meitheamh 20, 1903



IMTHEACHT NA nGAEDHEAL TAR LEAR.



Sí ceist imtheachta na nGaedheal tar lear
atá ag goilleamhaint ar aigne na nGaedh-
eal fá láthair, & ní haon iongnadh linn é sin,
mar atá sgoth na bhfear & plúr na mban ag
tabhairt a n-aghaidh ar Ameiriocá. 'Sí an chéad
cheist a rithfidh i n-aigne éinne go bhfuil aon
spéis aige i dtír a dhúthchais 'ná cionnus is
féidir cosg do chur leis an síor-trághchant?
Tá daoine gasta ealadhnta meabhracha tar éis
an cheist seo do mhion-sgrúdughadh go minic;
tá éacht daoine ag caint fúithi — & ráiméis go
leór leis — & is dóigh le gach óráididhe dhíobh gur
aige féin atá réidhteach na ceiste. Pé ar
domhan é, is minic do na hóráididthe breall
orra, & ní in-chreidte gach friotal a sgaoilid
amach, óir nílid do-earráideach acht an oiread
le cách. Anois ní ag na hóráididhthe atá réidh-
teach na ceiste, cé go bhfuil sé ar a gcumas
mór-chuid do dhéanamh, mar leanaid na daoine
rian a dtaoiseach go dian, acht ag an gcoit-
cheanntacht. Níl fear, bean, ná páisde nach
dtiocfadh leó a gcion féin a dhéanamh. Cuir
i gcás nach bhfuil ag duine le caitheamh acht
pinginn, ná téidheadh sé go dtí bodaire
neamh-shuimeamhail i dtaoibh neithe a bhaineas
leis an dtír, acht téidheadh sé go dtí an
Gaedhilgeóir. Iarradh sé earraí Gaedhealacha
& ná bíodh náire ná faitchios air roimh éinne.
Mar sin méadófar gnótha lucht na siopaí &
tabharfar obair do na Gaedhilgeóirí atá ar tí
dul tar lear. Cloiseann an-chuid cainte mar
gheall ar “ceannuigh earraí na hÉireann,” &
na daoine céadna sin is ó Shasana a gheibhid
siad a gcuid earraí. Táthar tar eis an chomh-
airle seo a thabhairt minic go leór cheana, acht
'sé an chuid is measa de'n sgéal ná déantar
cleachtadh uirri. Ní dhéarfam a thuilleadh 'na
taobh; acht, muna gcuirfear cosg eicínt ar
an imtheacht, ní fearrde an Ghaedhilge é.
Nach mí-ádhbharach an tír í! Chomh luath &
atá na daoine óga i n-ann aon phioc maitheasa
do dhéanamh bailighid leó chum tíortha tar lear
d'fheabhsughadh. Tá na céadta ag imtheacht gach
lá i n-aimdheóin an méid cainte a dhéantar.
'Siad na sagairt na daoine is fearr do chuir-
feadh cosg leis an droch-obair seo, & badh cheart
dóibh suim do chur innti, mar, d'réir an
follamhughadh atáthar ag déanamh anois, ní
bheidh mórán le freastal aca air i gcionn fiche
bliadhain eile. Déanamaois uile iarracht ar
chosg do chur ar an trághchant seo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services