Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Locht Garmain
Title
Feis Locht Garmain
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 13, 1903 Feis Locht Garmain Tá Feis Loch Garmain tharainn agus támaoid- ne lán-dóchasach 'na diaidh. Is iongnadh linn gur éirigh chomh maith léithi i gceart-lár an Bhéarla istigh agus dhá bhrígh sin is dhá mhó an moladh badh cheart a thabhairt do lucht a curtha ar bun agus a stiúrtha. Níor loc muinntir na háite sin ó ghleó riamh; is deacair iad do mhúsgailt as a dtoirchim suain acht nuair músglaid is iontsamhlaighthe iad leis an leómhan. Ní thiocfaidh le haon rud iad do chur ar gcúl ná mí-mhisneach do chur orra. I n-a mbuanacht tá a mbuaidh. Ní dhearnadh tuathal ar bith i léiriughadh na Feise, an rud is annamh linn a chloisint, mar is deacair gach aon rud do chur i gcoir agus nuair nach bhfuil am le spáráil ag na daoinibh a chuireas ar bun í, a gnó féin le déanamh ag gach uile dhuine aca. Tá na sagairt annsoin aca agus ní misde a radh ná gur “sagairt a rúin” iad — sagairt gur creideamhaint do'n dúithche sin & do'n teangain iad. Sé mo léan nach mar sin atáid ins na ceanntair Gaedhealacha. Dá mbadh eadh níor chian an lá go mbéadh an Béarla i n-íochtar agus an Ghaedhilge i n-uachtar; níor saobh-smaoineadh Éire Ghaedhealach agus níor mhaise ar éinne bheith gan an teanga. “Níl a fhios ag éinne luach an uisge go dtéidheann an tobair i ndísc.” Is fíor iad na sean- fhocail cé go sáruighthear fó-uair iad. Nach aisteach an sgéal é ná cuirid na daoine aon tsuim 'sa' nGaedhilge sna háiteachaibh go bhfuil sí go flúirseach aca. Ní iongnadh gur bhailigh sluagh mór daoine i dteannta a chéile ag an bhFeis mar leanaid na daoine rian na sagart. Thugamair faoi ndeara go raibh mór-chuid daoine óga ann agus nár sgafairí iad acht chomh beag. Agus ag tagairt dóibh cuireann sé i gcuimhne dhúinn an blas a bhí aca istigh i lár an Bhéarla duairc. Tá na sgoileanna ann ag obair ar a ndícheall, muna ndéanfaidh na máighistrí í mhúineadh go toilteannach cuirfear d'iachall orra é dhéanamh pé aca maith leó nó nach maith. Is iad na páisdí bun agus bárr & lár gach aon rud agus nuair atá siad linn ní misde dúinn a rádh go gcuirfeam an báire ar an dream eile. Má théidhtear chum cinn ann an bliadhain atá 'nár gcionn chomh maith agus chuadhadh i mbliadhna is féidir le muinntir Loch Garmain a rádh: “Támaoid ag dul ar aghaidh go tréan. Ná téidheadh na ceanntair Gaedhealacha ar gcúl. Béarfam oraibh. Fágaidh an bealach nó cuidighidh linn!”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services