Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Locht Garmain

Title
Feis Locht Garmain
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meitheamh 13, 1903



Feis Locht Garmain



Tá Feis Loch Garmain tharainn agus támaoid-
ne lán-dóchasach 'na diaidh. Is iongnadh
linn gur éirigh chomh maith léithi i gceart-lár an
Bhéarla istigh agus dhá bhrígh sin is dhá mhó an
moladh badh cheart a thabhairt do lucht a curtha
ar bun agus a stiúrtha. Níor loc muinntir
na háite sin ó ghleó riamh; is deacair iad do
mhúsgailt as a dtoirchim suain acht nuair
músglaid is iontsamhlaighthe iad leis an
leómhan. Ní thiocfaidh le haon rud iad do
chur ar gcúl ná mí-mhisneach do chur orra. I
n-a mbuanacht tá a mbuaidh. Ní dhearnadh
tuathal ar bith i léiriughadh na Feise, an rud is
annamh linn a chloisint, mar is deacair gach
aon rud do chur i gcoir agus nuair nach bhfuil
am le spáráil ag na daoinibh a chuireas ar bun
í, a gnó féin le déanamh ag gach uile dhuine
aca. Tá na sagairt annsoin aca agus ní
misde a radh ná gur “sagairt a rúin” iad —
sagairt gur creideamhaint do'n dúithche sin
& do'n teangain iad. Sé mo léan nach mar
sin atáid ins na ceanntair Gaedhealacha. Dá
mbadh eadh níor chian an lá go mbéadh an Béarla
i n-íochtar agus an Ghaedhilge i n-uachtar; níor
saobh-smaoineadh Éire Ghaedhealach agus níor
mhaise ar éinne bheith gan an teanga. “Níl a
fhios ag éinne luach an uisge go dtéidheann
an tobair i ndísc.” Is fíor iad na sean-
fhocail cé go sáruighthear fó-uair iad. Nach
aisteach an sgéal é ná cuirid na daoine aon
tsuim 'sa' nGaedhilge sna háiteachaibh go bhfuil
sí go flúirseach aca.



Ní iongnadh gur bhailigh sluagh mór daoine
i dteannta a chéile ag an bhFeis mar leanaid
na daoine rian na sagart. Thugamair faoi
ndeara go raibh mór-chuid daoine óga ann
agus nár sgafairí iad acht chomh beag. Agus
ag tagairt dóibh cuireann sé i gcuimhne dhúinn
an blas a bhí aca istigh i lár an Bhéarla duairc.
Tá na sgoileanna ann ag obair ar a ndícheall,
muna ndéanfaidh na máighistrí í mhúineadh
go toilteannach cuirfear d'iachall orra é
dhéanamh pé aca maith leó nó nach maith. Is
iad na páisdí bun agus bárr & lár gach aon
rud agus nuair atá siad linn ní misde dúinn
a rádh go gcuirfeam an báire ar an dream
eile. Má théidhtear chum cinn ann an
bliadhain atá 'nár gcionn chomh maith agus
chuadhadh i mbliadhna is féidir le muinntir
Loch Garmain a rádh: “Támaoid ag dul ar
aghaidh go tréan. Ná téidheadh na ceanntair
Gaedhealacha ar gcúl. Béarfam oraibh. Fágaidh
an bealach nó cuidighidh linn!”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services