Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Chille Manntáin
Title
Feis Chille Manntáin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 30, 1903 Feis Chille Manntáin. Is maith an nídh é an deagh-shompla. Bhí feis mhór i gCondae Locha Garmain i n-uraidh, agus d'éirigh léithi go hádhmharach. Bhí muinntir Chille Mhanntáin ar chloidhe na teórainn, agus chonncacadar cionnas mar do thuit amach. Cheapadar a gcomhairle i gceann a chéile, agus chinneadar ar feis do bheith aca féin i mbliadhna. Bhí toradh na hoibre le feic- sint Diardaoin Deasgabhála seo caithte againn, nuair do bhí muinntir na Condae ar fad beagnach bailighthe isteach go Rath-dhroma. Bhiodar ann o Ghleann-maoil-lughra, agus ó Ghleann-dá-Locha, ó Ghleann i Máil, ó Each- dhruim Uí Bhroin, agus ó gach uile áird de'n Chonndae. B'iongantach an radharc é i gceart- lár na Galldachta, agus mar a dubhairt an fíor-Ghaedheal sin, an t-Athair Lorcan Ó Broin, is beag do shaoil éinne do bhí ann go bhfeic- idís a leithéid go deo. Ní raibh seisear sa chonndae tá cúig bliadhna ó shoin d'fhéadfadh focal Gaedhilge do labhairt, agus éinne labharfadh í ní bheidhfí acht ag magadh agus ag gáire faoi. Tá an gháire ar ár dtaoibh-ne indiu. Bhí timcheall dhá chéad duine istigh ar chomórtais na teangain ag an bhfeis, agus bhí an fhurmhór aca go rí-mhaith. Is soiléir le feiscint as so go bhfuil obair torthamhail, thairbheach gá déanamh sa Chonndae ar son na Gaedhilge. Agus nuair bheidh sí gá spreagadh arís i ndúthaigh Fiacha Mhic Aodha, is ar an Athair Lorcan O Broin, fíor-bhile de Ghabháil Ragh- naill, agus ar Chonchubhar fial Mac Suibhne is ceart an buidheachas do bheith.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services