An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 30, 1903
Feis Chille Manntáin.
Is maith an nídh é an deagh-shompla.
Bhí feis mhór i gCondae Locha Garmain i
n-uraidh, agus d'éirigh léithi go hádhmharach.
Bhí muinntir Chille Mhanntáin ar chloidhe na
teórainn, agus chonncacadar cionnas mar do
thuit amach. Cheapadar a gcomhairle i gceann
a chéile, agus chinneadar ar feis do bheith aca
féin i mbliadhna. Bhí toradh na hoibre le feic-
sint Diardaoin Deasgabhála seo caithte
againn, nuair do bhí muinntir na Condae ar
fad beagnach bailighthe isteach go Rath-dhroma.
Bhiodar ann o Ghleann-maoil-lughra, agus ó
Ghleann-dá-Locha, ó Ghleann i Máil, ó Each-
dhruim Uí Bhroin, agus ó gach uile áird de'n
Chonndae. B'iongantach an radharc é i gceart-
lár na Galldachta, agus mar a dubhairt an
fíor-Ghaedheal sin, an t-Athair Lorcan Ó Broin,
is beag do shaoil éinne do bhí ann go bhfeic-
idís a leithéid go deo.
Ní raibh seisear sa chonndae tá cúig bliadhna
ó shoin d'fhéadfadh focal Gaedhilge do labhairt,
agus éinne labharfadh í ní bheidhfí acht ag
magadh agus ag gáire faoi. Tá an gháire ar
ár dtaoibh-ne indiu. Bhí timcheall dhá chéad
duine istigh ar chomórtais na teangain ag an
bhfeis, agus bhí an fhurmhór aca go rí-mhaith.
Is soiléir le feiscint as so go bhfuil obair
torthamhail, thairbheach gá déanamh sa Chonndae
ar son na Gaedhilge.
Agus nuair bheidh sí gá spreagadh arís i
ndúthaigh Fiacha Mhic Aodha, is ar an Athair
Lorcan O Broin, fíor-bhile de Ghabháil Ragh-
naill, agus ar Chonchubhar fial Mac Suibhne
is ceart an buidheachas do bheith.