Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhilg ag an Árd-Fheis
Title
Gaedhilg ag an Árd-Fheis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 23, 1903 Gaedhilg ag an Árd- Fheis. Nílmíd gá chur romhainn san áit seo alt do sgríobhadh thar ghnó na hÁrd-Fheise. Ba ró-mhór an rud a leithéid sin d'ualach do thabhairt orainn féin agus chomh dian is atá uireasbha slighe ag goilleamhaint orainn. Acht tá éan taobh amháin d'obair na hÁrd-Fheise agus ní fhéadfamaois é leigint thorainn gan tagairt dó. Ba chúis áthais dúinn an oiread Gaedhilge agus do bhí gá labhairt ann. Sé ár dtuairim go raibh an Ghaedhilg gá labhairt ann ag leath an chomhtholóin, agus ar shon go raibh Gaedhilg ann ó gach áird d'Éirinn níor dheacair do na cainnteóiribh a cheile thuigsint. B' aoibhinn a bheith ag éisteacht le Gaedhilg teann Chúige Uladh, agus le Gaedhilg cheart Chúige Chonnacht agus le Gaedhilg bhinn bhlasda Chúige Mumhan gá spreagadh ag Gaedhealaibh is iad ag socrughadh is ag réidhtiughadh gach ceist a bhaineann le leas na hOibre agus na Dúthaighe. Ag éisteacht léithi ní féidir gan smaoineadh uirri agus féachaint siar ar an aimsir i n-a raibh sí gá cleachtadh ag feis agus ag tionól ag fearaibh oirdhearca na hÉireann fad ó, ag Ollamh Fódla agus ag Cormac Mac Áirt, ag Brian na Banban agus ag Seaghán an Díomais. Agus ní féidir fós gan féachaint romhainn amach. Cúig bliadhna ó shoin is beag de'n Ghaedhilg do bhí ag an Árd-Fheis. Rinneadh leath na hoibre as Gaedhilg i mbliadhna. Ní gábhadh iad riagh- lacha gá chur d'fhiachaibh ar dhaoinibh í labhairt; tiocfaidh sí féin. Agus iad so ná fuil sí aca go cliste b'fhearra dhóibh cleachtadh dhéanamh uirri gan mhoill. Ní bhéidh éan rud ag an Árd-Fheis go luath acht Gaedhilg. Brosduighidh, sibh-se atá fós ar bheagán Gaedhilge!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services