An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 23, 1903
Gaedhilg ag an Árd-
Fheis.
Nílmíd gá chur romhainn san áit seo alt do
sgríobhadh thar ghnó na hÁrd-Fheise. Ba
ró-mhór an rud a leithéid sin d'ualach do
thabhairt orainn féin agus chomh dian is atá
uireasbha slighe ag goilleamhaint orainn. Acht
tá éan taobh amháin d'obair na hÁrd-Fheise
agus ní fhéadfamaois é leigint thorainn gan
tagairt dó. Ba chúis áthais dúinn an oiread
Gaedhilge agus do bhí gá labhairt ann. Sé ár
dtuairim go raibh an Ghaedhilg gá labhairt ann
ag leath an chomhtholóin, agus ar shon go raibh
Gaedhilg ann ó gach áird d'Éirinn níor dheacair
do na cainnteóiribh a cheile thuigsint. B'
aoibhinn a bheith ag éisteacht le Gaedhilg teann
Chúige Uladh, agus le Gaedhilg cheart Chúige
Chonnacht agus le Gaedhilg bhinn bhlasda Chúige
Mumhan gá spreagadh ag Gaedhealaibh is iad
ag socrughadh is ag réidhtiughadh gach ceist a
bhaineann le leas na hOibre agus na Dúthaighe.
Ag éisteacht léithi ní féidir gan smaoineadh
uirri agus féachaint siar ar an aimsir i n-a
raibh sí gá cleachtadh ag feis agus ag tionól
ag fearaibh oirdhearca na hÉireann fad ó, ag
Ollamh Fódla agus ag Cormac Mac Áirt, ag
Brian na Banban agus ag Seaghán an Díomais.
Agus ní féidir fós gan féachaint romhainn
amach.
Cúig bliadhna ó shoin is beag de'n Ghaedhilg
do bhí ag an Árd-Fheis. Rinneadh leath na hoibre
as Gaedhilg i mbliadhna. Ní gábhadh iad riagh-
lacha gá chur d'fhiachaibh ar dhaoinibh í labhairt;
tiocfaidh sí féin. Agus iad so ná fuil sí aca
go cliste b'fhearra dhóibh cleachtadh dhéanamh
uirri gan mhoill. Ní bhéidh éan rud ag an
Árd-Fheis go luath acht Gaedhilg. Brosduighidh,
sibh-se atá fós ar bheagán Gaedhilge!