Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas
Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 09, 1903 Sara dtiocfaidh an chéad “Chlaidheamh Soluis” eile amach beidh an tOireachtas tharainn nach mór. Ba dheas an radharc bheith ag féachaint ar mhór-shiubhal Ghaedhealtacht Bhaile Átha Cliath. Ba mhór an obair do dhein Gaedh- ealtacht Bhaile Átha Cliath chum lá saoire i ndáiríribh do dhéanamh de Lá Fhéile Phádraig. Acht ní raibh ionnta-san acht mar adéarfá ag ullmhughadh roimh sheachtmhain an Oireachtais. Do labhair muinntir Bhaile Átha Cliath d'éan- ghuth i rith seachtmhain na Gaedhilge i bhfábhar na hoibre bhí ghá dhéanamh ag Connradh na Gaedh- ilge, & rud do b'fhearr 'ná soin chuir muinntir Bhaile Átha Cliath a lámha síos na bpócaí & thugadar a síntús féin uatha go toilteannach chum na hoibre a choimeád ar siubhal. Tá muinntir na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath anois ag ullmhughadh i gcóir an Oireacht- ais, i slíghe go mbeadh gach éan-rud 'na cheart, & ná beadh éinne ag gearán. Tá obair mhór ag baint leis an Oireachtas, & go háirithe an dá bhliadhain seo caithte againn ó d'fhás sé chomh mór soin. Ag duine féin is fearr fhios cá luigheann a bhróg air, & is iad so go dtuit- eann stiúriughadh an Oireachtais ortha is fearr fhios i dtaoibh an tsaothair a bhaineann leis. Acht badh bheag an tairbhe dhúinn an obair go léir, mara ndéanfaidh muinntir na tuaithe iarracht ar bheith láithreach & a gcion féin de'n obair do ghlacadh ar láimh. Ar an ádbhar soin, is maith an comhartha é, buidhean a bheith ag teacht ó Chuige Chonnacht chum “An Pósadh” do léiriughadh agus buidhean Ó Chúige Mumhan chun “An Tobar Draoidheachta” do léiriúghadh. Tugtar muinntir na tuaithe go Baile Átha Cliath, agus ní baoghal ná go bhfoghluimeómíd go léir rud éigint uatha. Bíonn eagla ar mórán daoine ó'n dtuaith roimh chúrsaí an tsaoghail i mBaile Átha Cliath. Is iomdha míle do thagann cuid dár gcáirdíbh ó'n dtuaith, & a rádh tar éis na mílte úd go léir do chur díobh ná beadh de mhisneach ionnta a gcuid aistí do thabhairt amach go neamh- spleadhach. Níor bhuaidh fear meathta éan-rud riamh; & má deintear rud i n-éan-chor is fiú é a dhéanamh i gceart. Cuirimís ár gcroidhe 'san obair, & ní fuláir nó beidh maitheas ann. Is í an Árd-Fheis Parlaimint Chonnradh na Gaedhilge. Tiocfaidh na teachtairí i dteannta a chéile Dia máirt ar a deich a chlog ar maidin, & déanfar coistí a thóghadh. Beidh na coistí seo 'ná suidhe i gceaitheamh an dá lá 'na dhiaidh sin, & Dia hAoine tiocfaidh na teacht- airí i gceann a chéile arís. I gcaitheamh na dtrí la so is iomdha rud go ndéanfar trácht thairis. Beidh a thuairim féin ag gach éinne, & labharfar amach go dána. Sin í an tslighe cheart mar níl éan-rud is fearr chun na fír- inne a thabhairt amach 'ná aighneas beag do dhéanamh ar cheist. Bhíodh súil againn i gcomh- nuidhe, ámh, go nglacfar stuaim & ná raghaidh an t-aighneas thar fóir. Badh mhaith an rud, leis, dá ndéantaoi beagán, ar éan-chuma, de'n chainnt i nGaedhilg. Fad do bheidh an Árd-Fheis & na coistí ag déanamh dlighthe i gcoir an Chonnartha, beidh iomaidheachta ar siubhal 'san Rothunda. Badh cheart do gach aon iomaidhtheóir clár-aimsire fhagháil roimh ré & fios cruinn d'fhagháil ar an uair a bheidh a iomaidheacht féin ar siubhal i slighe go bhféadfadh sé bheith láithreach 'san áit cheart i dtráth. Ar a hocht a' chlog ist' oidhche Dia Luain tiocfaidh na teachtairí ó'n dtuaith & muinntir na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath i bhfochair a chéile. Cuirfidh muinntir na Gaedhilge ó gach páirt de'n dúthaigh aithne ar a chéile an oidhche sin & ní baoghal ná go gcuirfidh sin misneach ionnta i gcóir oibre na seachtmhaine. Luighdís isteach chum na hoibre & deinidís i mar do dhéanfadh Gaedhil. Níl a thuilleadh againn le rádh acht fáilte is céad do chur roimh na Gaedhilgeóirí do thioc- faidh go Baile Átha Cliath an tseachtmhain seo chúghainn agus go sonnradhach roimh theachtairí Chonnradh na Gaedhilge. Beidh aghaidh na tíre iompuighthe ar an Oireachtas ar feadh na seachtmhaine. Is minic roimhe seo do dhein an Chonnradh gníomh mór, do chuir céim mhór ar aghaidh é. Anois an t-am aige chum gníomh mór eile dhéanamh. Taispeánadh an Árd-Fheis an tslighe. An leanfaidh an tír go léir a comh- airle?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services