Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tOireachtas

Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 09, 1903



Sara dtiocfaidh an chéad “Chlaidheamh
Soluis” eile amach beidh an tOireachtas
tharainn nach mór. Ba dheas an radharc bheith ag
féachaint ar mhór-shiubhal Ghaedhealtacht Bhaile
Átha Cliath. Ba mhór an obair do dhein Gaedh-
ealtacht Bhaile Átha Cliath chum lá saoire i
ndáiríribh do dhéanamh de Lá Fhéile Phádraig.
Acht ní raibh ionnta-san acht mar adéarfá ag
ullmhughadh roimh sheachtmhain an Oireachtais.
Do labhair muinntir Bhaile Átha Cliath d'éan-
ghuth i rith seachtmhain na Gaedhilge i bhfábhar na
hoibre bhí ghá dhéanamh ag Connradh na Gaedh-
ilge, & rud do b'fhearr 'ná soin chuir muinntir
Bhaile Átha Cliath a lámha síos na bpócaí &
thugadar a síntús féin uatha go toilteannach
chum na hoibre a choimeád ar siubhal.



Tá muinntir na Gaedhilge i mBaile Átha
Cliath anois ag ullmhughadh i gcóir an Oireacht-
ais, i slíghe go mbeadh gach éan-rud 'na cheart,
& ná beadh éinne ag gearán. Tá obair mhór
ag baint leis an Oireachtas, & go háirithe an
dá bhliadhain seo caithte againn ó d'fhás sé
chomh mór soin. Ag duine féin is fearr fhios
cá luigheann a bhróg air, & is iad so go dtuit-
eann stiúriughadh an Oireachtais ortha is fearr
fhios i dtaoibh an tsaothair a bhaineann leis.



Acht badh bheag an tairbhe dhúinn an obair go
léir, mara ndéanfaidh muinntir na tuaithe
iarracht ar bheith láithreach & a gcion féin de'n
obair do ghlacadh ar láimh. Ar an ádbhar soin,
is maith an comhartha é, buidhean a bheith ag
teacht ó Chuige Chonnacht chum “An Pósadh”
do léiriughadh agus buidhean Ó Chúige Mumhan
chun “An Tobar Draoidheachta” do léiriúghadh.
Tugtar muinntir na tuaithe go Baile Átha
Cliath, agus ní baoghal ná go bhfoghluimeómíd
go léir rud éigint uatha.



Bíonn eagla ar mórán daoine ó'n dtuaith
roimh chúrsaí an tsaoghail i mBaile Átha Cliath.
Is iomdha míle do thagann cuid dár gcáirdíbh
ó'n dtuaith, & a rádh tar éis na mílte úd go
léir do chur díobh ná beadh de mhisneach ionnta
a gcuid aistí do thabhairt amach go neamh-
spleadhach. Níor bhuaidh fear meathta éan-rud
riamh; & má deintear rud i n-éan-chor is fiú
é a dhéanamh i gceart. Cuirimís ár gcroidhe
'san obair, & ní fuláir nó beidh maitheas ann.



Is í an Árd-Fheis Parlaimint Chonnradh na
Gaedhilge. Tiocfaidh na teachtairí i dteannta
a chéile Dia máirt ar a deich a chlog ar
maidin, & déanfar coistí a thóghadh. Beidh na
coistí seo 'ná suidhe i gceaitheamh an dá lá 'na
dhiaidh sin, & Dia hAoine tiocfaidh na teacht-
airí i gceann a chéile arís. I gcaitheamh na
dtrí la so is iomdha rud go ndéanfar trácht
thairis. Beidh a thuairim féin ag gach éinne, &
labharfar amach go dána. Sin í an tslighe
cheart mar níl éan-rud is fearr chun na fír-
inne a thabhairt amach 'ná aighneas beag do
dhéanamh ar cheist. Bhíodh súil againn i gcomh-
nuidhe, ámh, go nglacfar stuaim & ná raghaidh
an t-aighneas thar fóir. Badh mhaith an rud,
leis, dá ndéantaoi beagán, ar éan-chuma,
de'n chainnt i nGaedhilg.



Fad do bheidh an Árd-Fheis & na coistí ag
déanamh dlighthe i gcoir an Chonnartha, beidh
iomaidheachta ar siubhal 'san Rothunda. Badh
cheart do gach aon iomaidhtheóir clár-aimsire
fhagháil roimh ré & fios cruinn d'fhagháil ar an
uair a bheidh a iomaidheacht féin ar siubhal i
slighe go bhféadfadh sé bheith láithreach 'san áit
cheart i dtráth.



Ar a hocht a' chlog ist' oidhche Dia Luain
tiocfaidh na teachtairí ó'n dtuaith & muinntir
na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath i bhfochair a
chéile. Cuirfidh muinntir na Gaedhilge ó gach
páirt de'n dúthaigh aithne ar a chéile an oidhche
sin & ní baoghal ná go gcuirfidh sin misneach
ionnta i gcóir oibre na seachtmhaine. Luighdís
isteach chum na hoibre & deinidís i mar do
dhéanfadh Gaedhil.



Níl a thuilleadh againn le rádh acht fáilte is
céad do chur roimh na Gaedhilgeóirí do thioc-
faidh go Baile Átha Cliath an tseachtmhain seo
chúghainn agus go sonnradhach roimh theachtairí
Chonnradh na Gaedhilge. Beidh aghaidh na tíre
iompuighthe ar an Oireachtas ar feadh na
seachtmhaine. Is minic roimhe seo do dhein an
Chonnradh gníomh mór, do chuir céim mhór ar
aghaidh é. Anois an t-am aige chum gníomh mór
eile dhéanamh. Taispeánadh an Árd-Fheis an
tslighe. An leanfaidh an tír go léir a comh-
airle?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services