Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sa mBaile & Thall - Sa mBaile.
Title
Sa mBaile & Thall - Sa mBaile.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 02, 1903 Sa mBaile & Thall Sa mBaile. “Bhfuil tú ag dul anonn i mbliadhna?” adeir Aindriú le Colum an lá cheana. “Á! ní fhéadaim, a dhearbhráthair. Níl deór- aidhe ann a chlúdóchadh síol ná a chuirfeadh gráinne choirce, ná dhéanfadh smeach, dhá n-im- theoghainn.” “Tá feamuinn tirm againn féin, & neart aoiligh, acht mar gheall ar an talamh a bheith fliuch, dheamhan a bhfuil do'n rath déanta fós againn 'na dhiaidh sin, acht cuiridís féin iad, tá mise ag imtheacht Dia Sathairn. Dá bhfanainn i mbliadhna arís b'é an sgéal céadna é, bhéadh an oiread céadna le déan- amh, & céard tá dhá bhárr againn faoi dheir- eadh?” ar Aindriú. “Ní'l aon bhlas, a mhic ó, acht an t-anró & an-chaoi.” “Tá cúigear as an taoibh aniar ag imteacht & chuala mé go raibh mathshluagh eile anuas, & casfar tuilleadh linn ar an mbealach, chreidim.” “Ó! ní bhéidh tú gan comhluadar. Tá Paits Éamuinn ag imtheacht freisin, deir siad. Á, nach hí an tír bhreágh í, & beatha thabhairt do 'ach uile dhuine, & a liachtaigh créatúr atá ag tarraint uirri! Mo léan! is beag an greann a bhéas againn feasda.” “Níl fhios agam, muis; deir siad go bhfuil an áit thall collóideach go maith faoi láthair.” “Má tá féin, tá sí fairsing, & tá sibh luath láidir, & fios agaibh cá dtiubhraidh sibh bhur n-aghaidh ar a dhul anonn daoibh.” Sin beirt a casadh le chéile — duine aca ag brath ar triall thar sáile & an fear eile ag fuireach sa mbaile. Is forusta iad d'fhagháil faoi seo sa nGaedhealtacht. Tá smaointe gach uile-dhuine ar na tíorthaibh coimhthigheacha, & iad ag baint na sál dhá chéile ag teicheadh mar bheidís ag rith ó'n gColera Morbus. Thall. Ní raibh Aindriú thall acht mí nuair a bhuail fear faoi, lá, do bhí ag lorg oibre. Níor aithnigh Aindriú do dhaoinibh an domhain é, nó gur chuir an strainséara caidéis air. “An tú Aindriú?” ar seisean; “goidé mar tá siad sa mbaile ar an aimsir seo? Cinnus a bhfuil na comhursanna ar fad — nó a bhfuil tú i bfad annso? Mo choinsias! ní aithnigheann tú cor ar bith mé.” Agus bhí Aindriú ag cur na súil tríd, nó gur facthas dó faoi dheireadh gur aithnigh sé Antoine Shaidhbh Mhóir Ní Dhroigh- eanáin. Buachaill measamhail creideamhnach do bhí ann sa mbaile, acht duine nach raibh mórán thairis sin do mhaoin an tsaoghail aige. Bhí sé slán folláin croidheamhail, a dhóthain le n-ithe & le n-ól aige, & leath-choróin ina phóca nuair a thiocfadh air, ó am go ham. Acht chuir an aereighil nó an tubaiste ina cheann go ndéanfadh sé go maith acht é beith thar fharraige, agus d'árduigh leis, lá, nó go ndeachaidh do'n Oileán Úr. Ní mó ná maith a chuaidh sin dó. Bhí a sparán spíonta & gan an chianóg ruadh féin aige nuair a fuair comharsa eile obair dhó. Bhí an obair ró-throm — dar leis féin go raibh obair na gcapall air — & bhí an pháighe ró- bheag, & níor chaith sé ina bun acht trí seacht- mhainí nuair a dubhairt sé leis féin go mbadh chruaidh an cás é nó chuirfeadh sé sgiobal éigin air féin seachas a bheith ag pléidh le saothar chomh neamh-thairbheach soin. Bhuail ruaig thinnis annsin é, & b'éigin dó dhul isteach san oispidéal, & i gceann míosa ní raibh tarraint na gcos 'na dhiaidh sa bhfear bocht. Ní raibh duine ná deóraidhe ann a d'aithnigh sé ná d'aithin é, agus is iomdha deór gur cráidhte do shil sé nuair a chuimhnigh sé ar na cáirdibh córa nádúrtha a d'fháguigh sé 'na dhiaidh sa mbaile — daoine nach bhfeicfeadh call ná an-shógh air. Ní raibh do shuim anois ann acht an oiread & dá mbadh madadh bacaigh é. Bhí sé ag coinneál snáithe sa bhfiacail ó shoin, acht sin é an méid. Is beag dá chumharaidheacht féin do chonnaic Aindriú ann, acht ar bhás an domhain ní leig- feadh sé sin le n-ais. Ní raibh Antoine féin mar sin. D'innis sé mar d'éirigh leis. “Mo mhallacht-sa do'n uabhair,” adeir sé, “atá ag díbirt na ndaoine as Éirinn. Is ar éigin áithnigheas tú mé, acht, dá mbeadh arís ann, ní mar so a chasfaidhe ort mé. Níl aon mhaith dham dhá innseacht duit, is gearr go mbeidh tú féin chomh sean-chríonna liom-sa.” “'nDomh- nach! hóbair nach n-aithnighinn tú. Bhí imnidhe ar do mhuinntir fút le fada, & bhí do mháthair ag rádh gur rud éigin a d'éirigh dhuit le nár sgríobh tú a bhaile.” “Dá mbéadh a fhios aici, bhéadh imnidhe uirri; acht ní fearr dhi fios a bheith aici air,” ar Antoine. “Níl cuimse le n-a bhfaca mé do dhaoinibh annso le dhá bhliadh- ain, & is duine sa gcéad aca atá sásta le n-a bhealach.” “Tá an t-uathbhás daoine bocht ann ar chuma ar bith,” adeir Aindriú. “Fan leat, nó go bhfeicfidh tú gacha le duine liom-sa; annsin béidh sgéal nuaidhe agat. Nach orra tá an tubaiste & an cathughadh, an mí-adh mór & an mac-mallachtain, nach bhfuir- igheann a leath sa mbaile!” Bhuail sgannradh & creathadh Aindriú nuair a chuala sé tuile cúthaigh tháinig ar an bhfear eile; acht níor dhubhairt sé cat dubh ná cat bán. Cheap sé go raibh an t-ádh dearg air féin fós, cebí mar d'éireóchadh leis ina raibh amach roimhe. Go bhfóiridh Dia ar a cheann éadtrom!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services