Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sa mBaile & Thall - Sa mBaile.

Title
Sa mBaile & Thall - Sa mBaile.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Bealtaine 02, 1903



Sa mBaile & Thall



Sa mBaile.



“Bhfuil tú ag dul anonn i mbliadhna?”
adeir Aindriú le Colum an lá cheana.
“Á! ní fhéadaim, a dhearbhráthair. Níl deór-
aidhe ann a chlúdóchadh síol ná a chuirfeadh
gráinne choirce, ná dhéanfadh smeach, dhá n-im-
theoghainn.” “Tá feamuinn tirm againn féin,
& neart aoiligh, acht mar gheall ar an talamh a
bheith fliuch, dheamhan a bhfuil do'n rath déanta
fós againn 'na dhiaidh sin, acht cuiridís féin
iad, tá mise ag imtheacht Dia Sathairn. Dá
bhfanainn i mbliadhna arís b'é an sgéal
céadna é, bhéadh an oiread céadna le déan-
amh, & céard tá dhá bhárr againn faoi dheir-
eadh?” ar Aindriú. “Ní'l aon bhlas, a mhic ó,
acht an t-anró & an-chaoi.” “Tá cúigear
as an taoibh aniar ag imteacht & chuala mé go
raibh mathshluagh eile anuas, & casfar tuilleadh
linn ar an mbealach, chreidim.” “Ó! ní bhéidh
tú gan comhluadar. Tá Paits Éamuinn ag
imtheacht freisin, deir siad. Á, nach hí an
tír bhreágh í, & beatha thabhairt do 'ach uile dhuine,
& a liachtaigh créatúr atá ag tarraint uirri!
Mo léan! is beag an greann a bhéas againn
feasda.” “Níl fhios agam, muis; deir siad
go bhfuil an áit thall collóideach go maith
faoi láthair.” “Má tá féin, tá sí fairsing, &
tá sibh luath láidir, & fios agaibh cá dtiubhraidh
sibh bhur n-aghaidh ar a dhul anonn daoibh.”



Sin beirt a casadh le chéile — duine aca ag
brath ar triall thar sáile & an fear eile ag
fuireach sa mbaile. Is forusta iad d'fhagháil
faoi seo sa nGaedhealtacht. Tá smaointe
gach uile-dhuine ar na tíorthaibh coimhthigheacha,
& iad ag baint na sál dhá chéile ag teicheadh
mar bheidís ag rith ó'n gColera Morbus.



Thall.
Ní raibh Aindriú thall acht mí nuair a bhuail
fear faoi, lá, do bhí ag lorg oibre. Níor
aithnigh Aindriú do dhaoinibh an domhain é, nó
gur chuir an strainséara caidéis air. “An
tú Aindriú?” ar seisean; “goidé mar tá
siad sa mbaile ar an aimsir seo? Cinnus
a bhfuil na comhursanna ar fad — nó a bhfuil
tú i bfad annso? Mo choinsias! ní aithnigheann
tú cor ar bith mé.” Agus bhí Aindriú ag cur
na súil tríd, nó gur facthas dó faoi dheireadh
gur aithnigh sé Antoine Shaidhbh Mhóir Ní Dhroigh-
eanáin. Buachaill measamhail creideamhnach
do bhí ann sa mbaile, acht duine nach raibh
mórán thairis sin do mhaoin an tsaoghail aige.
Bhí sé slán folláin croidheamhail, a dhóthain le
n-ithe & le n-ól aige, & leath-choróin ina phóca
nuair a thiocfadh air, ó am go ham. Acht chuir
an aereighil nó an tubaiste ina cheann go
ndéanfadh sé go maith acht é beith thar fharraige,
agus d'árduigh leis, lá, nó go ndeachaidh do'n
Oileán Úr. Ní mó ná maith a chuaidh sin dó.
Bhí a sparán spíonta & gan an chianóg ruadh
féin aige nuair a fuair comharsa eile obair
dhó. Bhí an obair ró-throm — dar leis féin go
raibh obair na gcapall air — & bhí an pháighe ró-
bheag, & níor chaith sé ina bun acht trí seacht-
mhainí nuair a dubhairt sé leis féin go mbadh
chruaidh an cás é nó chuirfeadh sé sgiobal
éigin air féin seachas a bheith ag pléidh le
saothar chomh neamh-thairbheach soin.



Bhuail ruaig thinnis annsin é, & b'éigin dó
dhul isteach san oispidéal, & i gceann míosa
ní raibh tarraint na gcos 'na dhiaidh sa bhfear
bocht. Ní raibh duine ná deóraidhe ann a
d'aithnigh sé ná d'aithin é, agus is iomdha deór
gur cráidhte do shil sé nuair a chuimhnigh sé
ar na cáirdibh córa nádúrtha a d'fháguigh sé 'na
dhiaidh sa mbaile — daoine nach bhfeicfeadh call
ná an-shógh air. Ní raibh do shuim anois ann
acht an oiread & dá mbadh madadh bacaigh é.
Bhí sé ag coinneál snáithe sa bhfiacail ó shoin,
acht sin é an méid.



Is beag dá chumharaidheacht féin do chonnaic
Aindriú ann, acht ar bhás an domhain ní leig-
feadh sé sin le n-ais. Ní raibh Antoine féin
mar sin. D'innis sé mar d'éirigh leis. “Mo
mhallacht-sa do'n uabhair,” adeir sé, “atá ag
díbirt na ndaoine as Éirinn. Is ar éigin
áithnigheas tú mé, acht, dá mbeadh arís ann, ní
mar so a chasfaidhe ort mé. Níl aon mhaith
dham dhá innseacht duit, is gearr go mbeidh
tú féin chomh sean-chríonna liom-sa.” “'nDomh-
nach! hóbair nach n-aithnighinn tú. Bhí imnidhe
ar do mhuinntir fút le fada, & bhí do mháthair
ag rádh gur rud éigin a d'éirigh dhuit le nár
sgríobh tú a bhaile.” “Dá mbéadh a fhios aici,
bhéadh imnidhe uirri; acht ní fearr dhi fios a
bheith aici air,” ar Antoine. “Níl cuimse le
n-a bhfaca mé do dhaoinibh annso le dhá bhliadh-
ain, & is duine sa gcéad aca atá sásta le
n-a bhealach.” “Tá an t-uathbhás daoine
bocht ann ar chuma ar bith,” adeir Aindriú.
“Fan leat, nó go bhfeicfidh tú gacha le duine
liom-sa; annsin béidh sgéal nuaidhe agat.
Nach orra tá an tubaiste & an cathughadh, an
mí-adh mór & an mac-mallachtain, nach bhfuir-
igheann a leath sa mbaile!”



Bhuail sgannradh & creathadh Aindriú nuair
a chuala sé tuile cúthaigh tháinig ar an bhfear
eile; acht níor dhubhairt sé cat dubh ná cat
bán. Cheap sé go raibh an t-ádh dearg air
féin fós, cebí mar d'éireóchadh leis ina raibh
amach roimhe. Go bhfóiridh Dia ar a cheann
éadtrom!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services