Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas
Title
An tOireachtas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 18, 1903 AN tOIREACHTAS Tá Oireachtas na bliadhna so ag druidea- mhaint linn, & sul a bheidh a fhios againn é, beidh sé dhá thionólughadh. Éinne bhí ar inntinn dul ag iomaidheacht badh cheart na haistí bheith istigh anois aige. Tá súil againn go mbeidh mór- chuid iomaightheóirí an babhta so — i bhfad níos mó ná bhí i n-uraidh, mar d'réir mar tá Connradh na Gaedhilge ag leathnughadh, tá na sgríbhneóirí ag dul i n-iomadamhlacht. Féacham ar na ceannaibh d'imthigh roimhe, & pé ar domhan é, tá aon deagh-iarsma amháin 'na ndiaidh. Ocht nó naoi de bhliadhantaibh ó shoin bhí an duine bhí i n-ann an Ghaedhilg do sgríobhadh & do léigheamh 'na laoch níos iongantaighe ná Cúchulainn, nó Tailc Mac Treón, nó Fionn Mac Cumhaill. Is fuiris daoine “iongantacha” d'fhagháil anois, is d'réir mar atá an tOireachtas ag méadughadh tá na daoine iongantacha ag dul i laighead & is é an tOireachtas is ciontach leis seo. Tá sé ag cur na daoine ag sgríobhadh — idir óg & aosta — & i gcionn tamaill beidh rud éigin foghanta againn le léigheamh. Acht is é an locht is measa ar aiste, ná imtheacht an Bhéarla bheith uirri — loiteann sé ar fad í. Ní féidir le héinne Gaedhilg chliste a sgríobhadh muna smaoin- fidh sé sa teangain sin. Le déidheannaighe bhraitheamar cúpla leabhar nua & dul & cruth an Bhéarla orra — bhí boladh an bhéarlachais uatha. Tá an tOireachtas ag iarraidh an saghas so sgríbhneóireachta a chur fé chois & má theipeann uirri ní bheidh aon rud againn acht focail Ghaedhilge & cora cainte an Bhéarla. D'réir imtheacht an Oireachtais mheasamaoid neart an Chonnartha & beidh breall orainn mara sháróchaidh an ceann so a roimh-reathuidhthe uile le feabhas a cuid Gaedhilge. Agus ag trácht uirri, cuireann sí i gcuimhne dhúinn an aimsir shéanmar a bhí i nÉirinn nuair thionóltaidhe an tOireachtas i dTeamhair & nuair bhí saoithe oirdhearca na hÉireann agá spreagadh go caoin — ag cur síos ar breaghtheacht Éireann iathghlaise ar mór-ghníomharthaibh a sean, & ar mhaiseamhlacht a ban.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services