An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 18, 1903
AN tOIREACHTAS
Tá Oireachtas na bliadhna so ag druidea-
mhaint linn, & sul a bheidh a fhios againn é, beidh
sé dhá thionólughadh. Éinne bhí ar inntinn dul ag
iomaidheacht badh cheart na haistí bheith istigh
anois aige. Tá súil againn go mbeidh mór-
chuid iomaightheóirí an babhta so — i bhfad níos
mó ná bhí i n-uraidh, mar d'réir mar tá Connradh
na Gaedhilge ag leathnughadh, tá na sgríbhneóirí
ag dul i n-iomadamhlacht. Féacham ar na
ceannaibh d'imthigh roimhe, & pé ar domhan é,
tá aon deagh-iarsma amháin 'na ndiaidh. Ocht
nó naoi de bhliadhantaibh ó shoin bhí an duine bhí
i n-ann an Ghaedhilg do sgríobhadh & do léigheamh
'na laoch níos iongantaighe ná Cúchulainn, nó
Tailc Mac Treón, nó Fionn Mac Cumhaill.
Is fuiris daoine “iongantacha” d'fhagháil anois,
is d'réir mar atá an tOireachtas ag méadughadh
tá na daoine iongantacha ag dul i laighead &
is é an tOireachtas is ciontach leis seo. Tá
sé ag cur na daoine ag sgríobhadh — idir óg &
aosta — & i gcionn tamaill beidh rud éigin
foghanta againn le léigheamh. Acht is é an locht is
measa ar aiste, ná imtheacht an Bhéarla bheith
uirri — loiteann sé ar fad í. Ní féidir le héinne
Gaedhilg chliste a sgríobhadh muna smaoin-
fidh sé sa teangain sin. Le déidheannaighe
bhraitheamar cúpla leabhar nua & dul & cruth
an Bhéarla orra — bhí boladh an bhéarlachais uatha.
Tá an tOireachtas ag iarraidh an saghas so
sgríbhneóireachta a chur fé chois & má theipeann
uirri ní bheidh aon rud againn acht focail
Ghaedhilge & cora cainte an Bhéarla. D'réir
imtheacht an Oireachtais mheasamaoid neart an
Chonnartha & beidh breall orainn mara sháróchaidh
an ceann so a roimh-reathuidhthe uile le feabhas
a cuid Gaedhilge. Agus ag trácht uirri,
cuireann sí i gcuimhne dhúinn an aimsir
shéanmar a bhí i nÉirinn nuair thionóltaidhe an
tOireachtas i dTeamhair & nuair bhí saoithe
oirdhearca na hÉireann agá spreagadh go
caoin — ag cur síos ar breaghtheacht Éireann
iathghlaise ar mór-ghníomharthaibh a sean, & ar
mhaiseamhlacht a ban.