Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain na Gaedhilge
Title
Seachtmhain na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Márta 28, 1903 Seachtmhain na Gaedhilge Níor thárla éan nídh le lá agus bliadhain is mó a chuir ríméad i n-ár gcroidhe 'ná an chaith- réim mhór a bhí ag na Gaedhil an tseachtmhain seo a caitheadh i mbaile mór Gaedhealach Gallda Bhaile Átha Cliath. Is beag nach raibh an chathair fré chéile faoi n-a gcomhairle féin ag na Gaedhilgeóiribh ar feadh na seachtmhaine, agus bhí aghaidh na ndaoine, idir Ghaedhil agus Gaill, tugtha orra — na Gaedhil go luthgháireach lán- aigeantach agus go misneamhail meanmnach, agus muinghin aca gur gearr uatha, le congnamh Dé, go mbídh Gaedhil ar a gceart 'sa' dheir- eadh agus áit aca i measg ríoghachtaí an domhain. Agus nuair a chuaidh an sluagh mór millteach sin thríd an mbaile mór, an chéad lá do Sheachtmhain na Gaedhilge, gan samhail nó sompla le tabhairt air acht sruth beó bríogh- mhar do sgoith an bhaile mhóir — mar rabhartha mór na Féile Pádraig ins an bhfairrge, a bhrisfeadh agus a réabfadh, a bháthfadh agus a bhasgfadh gach is a dtuicfadh roimhe — bhí na Gaill agus na staigíní bochta 'na sheasamh gacha taobh, agus iad ag dearcadh go fuar faitcheach, gan fhios aca cia mb'fhearr dhóibh imtheacht leis an sruth nó fanacht tamall beag eile gream- uighthe do bhruach na Galldachta mar bhíodar. Agus nuair a tháinic lá mór na nGaedheal .i. Lá Fhéil' Pádraic, má bhí rud ar bith le cruthughadh go bhfuil bhrígh agus beódhas i gcroidhthibh na nGaedhilgeóirí, agus smior láidir i n-a gcnámhaibh, badh é gur bhriseadar, ar an lá sin, gnás Gallda a bhí ag cuibhriughadh na nGaedheal leis na ciantaibh, agus go ndéarnadar lá saoire do'n lá, le onóir a thabhairt do Naomh Pádraic, agus le n-a mheabhrughadh mar badh chóir. Bhí lá saoire ag na Gaedhil i n-imtheacht an lae, agus bhí ceól agus siamsa aca le tuitim na hoidhche, agus níor lúgh-de leóbhtha an siamsa sin, chomh maith agus bhí sé tuillte aca. 'San oidhche, lá ar na bháireach, bhí comh-chruinniughadh do sgoith na nGaedheal 'sa' Seomra Cruinn, ag glacadh comhairle le chéile ar an mbealach is fearr le obair an Chonnartha a chur ar aghaidh ar feadh na bliadhna, agus leis an solus a bhí ag lonnradh an tseachtmhain sin a choinneál soillseach. Acht ní i mBaile Átha Cliath amháin, acht in gach uile chúige ar fud na tíre, bhí na fíor- Ghaedhil ag obair ar a ndícheall le congnamh agus le cuidiughadh a tabhairt do'n mhuinntir atá ag coinneál lóchrainn na Gaedhilge lasta; agus tá súil againn go mbéidh toradh a gcuid saothair le feiceál go goirid sa gcaoi a neartóchaidh siad Cisde Chonnartha na Gaedh- ilge. Tá meabhair mhaith againn ar gach ar deárnadh i n-uraidh, agus tá súil againn, dá mhéad é, go mbainfidh toradh na bliadhna seo barr dhe. Tá 'fhios againn anois cia tá dílis d'Éirinn, agus cia tá failligheach. Tá 'fhios againn freisin, má tá daoine dílis do'n tír, agus ag iarraidh cliú agus cáil na nGaedheal a choinneál suas i measg na ríoghachtaí, gur beo í an ócáid atá aca le n-a thasbáint. Agus an mhuinntir atá failligheach — an mhuinntir a d'fheicfeadh an sgéimh agus an bláth ag imtheacht d'Éirinn, meath agus éag ag tigheacht uirri, agus an t-anam ag éalódh aisdi — an mhuinntir a d'fheicfeadh an méid sin gan lámh a thógbháil le n-a cosaint, tá siad sin go fóill ag déanamh a mhíle dhíchill do chongnamh do'n dream Ghallda i n-aghaidh a dtíre. Ná mealltar sinn, a cháirde. Bhí glórtha móra ag cuid do na páipéir Ghall-Ghaedhealacha, i n-imtheacht na seachtmhaine ag cur i gcéill go bhfuil siad ag cuidiughadh linn. Ná bíodh dul amudha ar bith orainn. Staigíní atá ionnta — agus is ar éigin a bhí an tseachtmhain caithte nuair a bhí sé sin le feiceál go soiléar ortha. Ní rabhadar i n-imtheacht na seachtmhaine, acht ag iarraidh “greim an dá bhruach” a bheith aca. Rinneadar an rud céadna i n-uraidh acht d'fhuaruigheadar go tobann. Bhíodar ag ceapadh go bh'fhuigheadh leisg agus neamh-shuim na staigíní buaidh orainn le linn na haimsire; agus is cosamhail go bhfuil muinghin ag cuid aca as na staigínibh go fóill, go bhféachaidh Dia orainn! Cuireadh i n-umhal do go leór do na daoinibh neamh-shuimeamhla an tseachtmhain seo a caitheadh: “Mura mbeiridh siad ar an rud,” mar dubhairt an sean-fhocal, “gur gearr go mbeiridh an rud ortha.” Acht caithfear tuilleadh do'n tsolus a sgapadh, agus beagán léarguis a thabhairt do'n dream atá fós i n-ain-eólas ar an gcúis. Tá go leór daoine atá failigheach anois, a bhéas ag cuidiughadh linn go duthrachtach faoi ceann bliadhna eile. Má tá dream daoine sa tír is cora solus a thabhairt dóbhtha ná a chéile faoi láthair is iad an mhuinntir a bhfuil an Ghaedhilg aca; agus ní dhá luaithe a dhéanfar sin nach amhlaidh is fearr. Deárnadh obair mhaith, Seachtmhain na Gaedhilge i mbliadhna; acht ní hé méid ná feabhas na hoibre is mó is ádhbhar riméid againn, acht an tsamhail agus an sompla atá againn ann, ar an ngníomh atá na Gaedhil i n-ann a dhéanamh, nuair a sheasann siad amach go croidheamhail fearamhail ar a n-aghaidh féin, agus rún aca an teanga agus an inntleacht agus na tréartha a bhronn Dia ar Chlannaibh Gaedheal a chur i n-úsáid, agus a chur 'un tairbhe dóibh féin agus dá dtír.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services