An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Márta 28, 1903
Seachtmhain na Gaedhilge
Níor thárla éan nídh le lá agus bliadhain is mó a
chuir ríméad i n-ár gcroidhe 'ná an chaith-
réim mhór a bhí ag na Gaedhil an tseachtmhain
seo a caitheadh i mbaile mór Gaedhealach
Gallda Bhaile Átha Cliath. Is beag nach raibh
an chathair fré chéile faoi n-a gcomhairle féin
ag na Gaedhilgeóiribh ar feadh na seachtmhaine,
agus bhí aghaidh na ndaoine, idir Ghaedhil agus Gaill,
tugtha orra — na Gaedhil go luthgháireach lán-
aigeantach agus go misneamhail meanmnach, agus
muinghin aca gur gearr uatha, le congnamh
Dé, go mbídh Gaedhil ar a gceart 'sa' dheir-
eadh agus áit aca i measg ríoghachtaí an domhain.
Agus nuair a chuaidh an sluagh mór millteach
sin thríd an mbaile mór, an chéad lá do
Sheachtmhain na Gaedhilge, gan samhail nó
sompla le tabhairt air acht sruth beó bríogh-
mhar do sgoith an bhaile mhóir — mar
rabhartha mór na Féile Pádraig ins an
bhfairrge, a bhrisfeadh agus a réabfadh, a bháthfadh
agus a bhasgfadh gach is a dtuicfadh roimhe — bhí na
Gaill agus na staigíní bochta 'na sheasamh gacha
taobh, agus iad ag dearcadh go fuar faitcheach,
gan fhios aca cia mb'fhearr dhóibh imtheacht leis
an sruth nó fanacht tamall beag eile gream-
uighthe do bhruach na Galldachta mar bhíodar.
Agus nuair a tháinic lá mór na nGaedheal
.i. Lá Fhéil' Pádraic, má bhí rud ar bith le
cruthughadh go bhfuil bhrígh agus beódhas i gcroidhthibh
na nGaedhilgeóirí, agus smior láidir i n-a
gcnámhaibh, badh é gur bhriseadar, ar an lá sin,
gnás Gallda a bhí ag cuibhriughadh na nGaedheal
leis na ciantaibh, agus go ndéarnadar lá saoire
do'n lá, le onóir a thabhairt do Naomh
Pádraic, agus le n-a mheabhrughadh mar badh chóir.
Bhí lá saoire ag na Gaedhil i n-imtheacht an lae,
agus bhí ceól agus siamsa aca le tuitim na hoidhche, agus
níor lúgh-de leóbhtha an siamsa sin, chomh maith
agus bhí sé tuillte aca. 'San oidhche, lá ar na
bháireach, bhí comh-chruinniughadh do sgoith na
nGaedheal 'sa' Seomra Cruinn, ag glacadh
comhairle le chéile ar an mbealach is fearr le
obair an Chonnartha a chur ar aghaidh ar feadh
na bliadhna, agus leis an solus a bhí ag lonnradh
an tseachtmhain sin a choinneál soillseach.
Acht ní i mBaile Átha Cliath amháin, acht in
gach uile chúige ar fud na tíre, bhí na fíor-
Ghaedhil ag obair ar a ndícheall le congnamh agus
le cuidiughadh a tabhairt do'n mhuinntir atá ag
coinneál lóchrainn na Gaedhilge lasta; agus
tá súil againn go mbéidh toradh a gcuid
saothair le feiceál go goirid sa gcaoi a
neartóchaidh siad Cisde Chonnartha na Gaedh-
ilge. Tá meabhair mhaith againn ar gach ar
deárnadh i n-uraidh, agus tá súil againn, dá
mhéad é, go mbainfidh toradh na bliadhna seo
barr dhe. Tá 'fhios againn anois cia tá dílis
d'Éirinn, agus cia tá failligheach. Tá 'fhios
againn freisin, má tá daoine dílis do'n tír,
agus ag iarraidh cliú agus cáil na nGaedheal a
choinneál suas i measg na ríoghachtaí, gur beo
í an ócáid atá aca le n-a thasbáint. Agus
an mhuinntir atá failligheach — an mhuinntir a
d'fheicfeadh an sgéimh agus an bláth ag imtheacht
d'Éirinn, meath agus éag ag tigheacht uirri, agus an
t-anam ag éalódh aisdi — an mhuinntir a
d'fheicfeadh an méid sin gan lámh a thógbháil
le n-a cosaint, tá siad sin go fóill ag
déanamh a mhíle dhíchill do chongnamh do'n
dream Ghallda i n-aghaidh a dtíre. Ná
mealltar sinn, a cháirde. Bhí glórtha móra
ag cuid do na páipéir Ghall-Ghaedhealacha, i
n-imtheacht na seachtmhaine ag cur i gcéill go
bhfuil siad ag cuidiughadh linn. Ná bíodh dul
amudha ar bith orainn. Staigíní atá ionnta —
agus is ar éigin a bhí an tseachtmhain caithte
nuair a bhí sé sin le feiceál go soiléar ortha.
Ní rabhadar i n-imtheacht na seachtmhaine, acht
ag iarraidh “greim an dá bhruach” a bheith aca.
Rinneadar an rud céadna i n-uraidh acht
d'fhuaruigheadar go tobann. Bhíodar ag
ceapadh go bh'fhuigheadh leisg agus neamh-shuim na
staigíní buaidh orainn le linn na haimsire;
agus is cosamhail go bhfuil muinghin ag cuid
aca as na staigínibh go fóill, go bhféachaidh
Dia orainn!
Cuireadh i n-umhal do go leór do na daoinibh
neamh-shuimeamhla an tseachtmhain seo a
caitheadh: “Mura mbeiridh siad ar an rud,”
mar dubhairt an sean-fhocal, “gur gearr go
mbeiridh an rud ortha.” Acht caithfear
tuilleadh do'n tsolus a sgapadh, agus beagán
léarguis a thabhairt do'n dream atá fós
i n-ain-eólas ar an gcúis. Tá go leór daoine
atá failigheach anois, a bhéas ag cuidiughadh
linn go duthrachtach faoi ceann bliadhna eile.
Má tá dream daoine sa tír is cora solus a
thabhairt dóbhtha ná a chéile faoi láthair is iad
an mhuinntir a bhfuil an Ghaedhilg aca; agus ní dhá
luaithe a dhéanfar sin nach amhlaidh is fearr.
Deárnadh obair mhaith, Seachtmhain na Gaedhilge
i mbliadhna; acht ní hé méid ná feabhas na
hoibre is mó is ádhbhar riméid againn, acht an
tsamhail agus an sompla atá againn ann, ar
an ngníomh atá na Gaedhil i n-ann a dhéanamh,
nuair a sheasann siad amach go croidheamhail
fearamhail ar a n-aghaidh féin, agus rún aca an
teanga agus an inntleacht agus na tréartha a bhronn
Dia ar Chlannaibh Gaedheal a chur i n-úsáid, agus
a chur 'un tairbhe dóibh féin agus dá dtír.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11