Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-Fhocla na Gaedhilge
Title
Sean-Fhocla na Gaedhilge
Author(s)
Ua Muirgheasa, Énrí,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sean-Fhocla na Gaedhilge Páipéar ó Énrí Ua Muirgheasa, do léigheadh os comhair na hÁrd- Chraoibhe, i mBaile Átha Cliath. Is fíor-luachmhar iad sean-fhocla is sean-ráidhte cinidh no tíre. Nochtuighthear dhuit ins na sean-ráidhtibh cineál na ndaoine a bhfuil siad aca. Nochtuighthear dhuit ionnta caidé an seórt croidhe & méine, aigeanta & inntinne, nós & creideamh, atá ag an aicme a chum iad. Chan bréagach an sgéal atá aca, & char ársuigh siad ariamh acht an fhírinne. Má tá daoine innsean (= éigin) ann atá sanntach, saoghalta, ór- ghrádhmhar, agus mí-charthannach chídhfidh tú sin in a gcuid sean-fhocal. Má tá siad tréan, uasal, cóir, árd-intinneach & fíor bhriathrach, lághach & greannmhar tá sin le feicéal i n-a gcuid sean-fhocal. Agus, ar an láimh eile, má tá siad cladhartha, fealltach, díoghaltach, droch-bhéasach, nó borb, leigfidh a gcuid sean-fhocal an rún amach. Fear a léigh céadta sean-fhocal na hEigipte dubhairt sé nar bh'fhiosach dó acht ceann amháin aca a raibh muinighin i nádúr daonna ann. Fear eile a léigh sean-fhocal na Fraince & na h-Iodáile, deir sé go bhfuil neart aca ag milleadh & ag cáineadh cléire & ban. Sin a' dóigh; is cosamhail sean-fhocla & sean-ráidhte le bonnaibh airgid, acht i n-ionad deilbhe ríogh na tíre is í dealbh intinne daoine na tíre atá cló-bhuailte orra. Ar an ádhbhar sin gheóbhaidh sinn dealbh inntinne na nGaedheal cló-bhuailte ar shean-fhoclaibh na Gaedhilge. Agus tá an dealbh sin, cha mór, caillte againn anois, is tá sí do dhíth orainn go mór-mhór. Nó an cás a chuir ar dóigh eile: tá an chuid is mó dhinn san tír so ar seachrán. Chan fhuilmíd ag siubhal ar bhóthar na nGaedheal, acht fairíor ar bhealach gránda na Sasanach. Acht, buidheachas do Dhia, tá cuid againn ag déanamh ar ndíchill ar theacht ar ais ar bhóthar na nGaedheal, ar ghnáth le n-ar sinsearaibh a shiubhail air. Dá mbéadh sinn ar an mbóthar sin arís, 'chífeadh sinn gach uile rud le súilibh Gaedhealacha, agus bhéadh againn tuigbheal na nGaedheal arís. Is eól dúinn an áit a bhfuil an bóthar sin 'na luighe ann, acht caidé an dóigh le dul chuige, sin a' cheist chruaidh. Chan fhairsing an casán é casán na sean- fhocal, acht is dearbh go dtéidheann sé i bhfad chuige bóthar na nGaedheal. Creidim mar sin gur cóir dúinn sean-ráidhte ar sinsear a chruinniughadh is a choigilt, a fhoghluim & a chur i bhfoghnadh. Ba chóir dúinn iad a bheith againn ar bhárr ar dteanga i gcomhnuidhe, & iad a labhairt in ar mion-chainnt. Ba hé sin an dóigh bhí leis na sean-Ghaedhilgeóiribh. Bhí sean-fhocal aca le haghaidh gach uile nídh a thárluigh dóibh ó rugadh iad go ngeóbhadh siad bás. Bhain siad lán de n-a gcuid críonnachta as na sean-ráidhtibh & fuair siad ionnta mórán riaghail 'un iad a sheóladh i rith a saoghal. Is iomdha ceist docrach cham a shocruigheadh go rómhail le sean-fhocal. Is iomdha uair chonnaic mé Gaedhilgeóir eadar (= idir) an dá chomhairle & tháinic sean-fhocal in a cheann. Ar a' bponc bhí an cheist sgaoilte aige & cha dtiocfadh le fearaibh an domhain é a athrughadh. Pósaidhthe & margaidh & na céadta nídh eile, socruigheadh iad ar an nós céadna. Agus go dearbhtha, is go díreach a bhí neart & líonmhaireacht sean-rádh aca. Amharcamais thart ar lucht an Bhéarla. Cá mhéad sean-fhocal atá ag duine aca? B'fhéadfaidhe go bhfuil fiche ceann aige. Má tá sé aineólach, is cosamhail nach bhfuil an oiread sin aige. Acht bíodh sé eólach no aineólach is deacair & ró-dheacair Béarlóir a fhagháil a bhfuil dó nó trí fichid aige. Iompuighmis anois ar an Ghaedhilgeóir. Tá na céadta is na céadta aige. Agus b'fhéadfaidhe nár sheas sé i scoil ariamh, nó nár léigh sé leith-thaoibh leabhair. Chruinnigh an Laoideach & mé féin tuairim cúig céad ó'n triúir céadna i bhFearmaigh. Agus tá Béarla 'na theangaidh choitchinn 'san cheanntar sin le dá fhichid bliadhain roimhe le sin. Tá aithne agam ar lán daoine nach dtiocfadh leóbhtha “lá breagh” a rádh leat i nGaedhilg, acht mar sin féin tá a sáith sean-fhocal Gaedhilge aca, & cuireann siad i bhfoghnadh go tráthmhail iad. Agus cad as sin? Is é gur chualaidh siad chomh minic sin iad go bhfuil siad aca dh'á n-aimhdheóin. Is é mo thuairim féin go bhfuil corradh is ceithre chéad do shean-fhoclaibh ag gach uile Ghaedhilgeóir maith. Agus nach iongantach an sgéal é? Tá sean-fhocla na Sasanach sgríobhtha síos nó cló- bhuailte ina a gcuid leabhra, acht chan bhfuil siad ar theangaibh na ndaoine. Tá a athrughadh de dhóigh leis na Gaedhilgeóiribh. Tá siad uilig ar a dteangaibh & is fíor-bheagán díobh atá i gcló go seadh. Tá sean-fhocla na Mumhan againn le tamall i leabhairín & chan fhada le congnamh Dé go mbéidh sean- fhocla Uladh & Chonnacht againn fósta. Agus tá súil agam annsin go gcuirfidh duine innsean (= éigin) sean-fhocla na gcúig cúige le chéile i leabhar amháin. Rinne Gaedhil na h-Alban é so le n-a gcuid sean- fhocal Gaedhilge féin; & is breagh an leabhar é leabhar Mhic Neacail. Tá beagnach ceithre mhíle sean-ráidhte ann. Ba chóir dúinn i bhfad níos mó 'ná sin a bheith againn i nÉirinn & tá mé cinnte go bhfuil, acht má tá chan fhuil siad cruinnighthe againn go fóill, & is mór an náire dhúinn é. Is iad fir óga & mná óga Chonnartha na Gaedhilge a dhéanfas an obair so, tá súil agam, & go deimhin is mór tá sé do dhíth orainn. Oir na Gaedhilgeóirí is aosta, is aca tá an cisde is mó aca, &, fairíor! chan fhuil seachtmhain ann nach mbíonn siad-san ag dul síos 'san chréafóig fhuair & a gcuid seanchuis i n-a gcuideachta. Agus nach míle truagh é na sean-ráidhte áilne, uaisle a chailleamhaint? Cá ngeóbhfá a leithéid?
Tá comhardadh† ag mór-chuid aca, agus is é an comhartha is cinnte gur fíor-Ghaedhealach an rádh é. Éistigidh le beagán díobh — “An té atá thuas óltar deoch air, An té atá thíos buailtear cloch air.” “An chuairt is fearr cuairt ghearr Agus a dhéanamh acht go hannamh,” “Rud chídheas an leanbh, 'Sé ghnídheas an leanbh.” “Ná cuir an sócamhal roimh an dócamhal,” “Is fearr an tsláinte ná an táinte.” “An óige 'san amaideacht Is doiligh a cheannaireacht.” “Bofhullan amuigh fothanan istigh.” “Cur ar cáirde cur nach fearr-de.” “Cha dtuigeann bró sáitheach bró thámhach.” “Chan ionann fad do gach méar nó méin do gach mac,” “Cuid a tóighteór ag an chaithteóir.” Nach deas iad so, agus nach forus cuimhniughadh ortha? Tá cuid eile agus is amhlaidh dhóibh mórán céille ar bheagán focal — “Fear na bó 'sa lag.” “Is binn béal 'ná thost.” “Soláthar an chromáin.” “Béal dúnta, ceann críonna.” “Broidiughadh fear-mire ná mí-thapa.” “Ní cara gach bladaire.” “Nodlaig ghlas, roilig mhéith.” Tá mór-chuid aca greannmhar, agus is é greann na nGaedheal atá ionnta — “‘Is iomdha seórt ceóil a bhíonns ann,’ mar adubhairt an fear a raibh trompa maide aige.” “Bhí tú áluinn fá'n bhainne, nuair a bhí do bhó féin tirim.” “Ceann céillidhe a bháith an éasga.” “Ag cur claidhe thimchioll ghuirt leis an chuach do chongbháil istigh.” “Amaideacht Mháire ag ól cáthbhruith le meanaidh.” “Foghluim do do mháthair brochán a dhéanamh,” “Ní gach lá mharbhas Maghnús bológ.” “Má's peacadh bheith buidhe tá daoine damanta.” Samhluighim gur bh'iad na fir a rinne na sean- ráidhte uilig, óir tá lán aca ag déanamh magaidh shoineannta fá na mnáibh. Acht, má tá, is mór an meas a bhí ar na mnáibh fad ó i nÉirinn; deimhnigheann abhráin ghrádha ar dtíre é sin. Acht rud atá soiléar & an-shoiléar ins na sean- fhoclaibh, is é an dóchas & an mhuinighin bhí aca i nDia. “Is foisge cabhair Dé 'ná na doras.” “Ní raibh gann ariamh ann nach mbéadh fairsing.” “Moch no mall mar éirgheas an ghrian, Is mar thoil le Dia bhéas an lá.” “Is fada siar an rud a chuireas Dia aniar.” “Char chuir Dia béal ariamh gan rud leis.” “Char dhún Dia bearna ariamh nach bhfosglóchadh Sé bearna.” “Ní'l glóir acht glóir neimhe.” Tá na céadta aca cosamhail leis na ceannaibh so. Nach fiú míle seanmóir an ceann so bheith ar theanga agus i gcroidhe duine — “Níl aon duine bocht acht an té a bhfuil fuath ag Dia air.” Agus nach mór an t-athrughadh tháinic ar Éireannachaibh ó'n uair gur bh' é so mian & guidhe a gcroidhe. “Grása Dé chugainn & bás i n-Éirinn.” Acht caithfidh mé stad sul a ndéanfaidh mé “rann roighin” de'n pháipéar so. Is é mo thuairim gurab againn féin atá an cisde sean-fhocal is breagha & is deise san domhan. Agus d'ar ndóighthe, is dual dúinn an cisde sin a choigilt & gan a leigint amógha. Tá sé ag dul amógha anois againn. Tá na sean-daoine ag dul síos 'san uaigh, & tá sinn ag leigint leobhtha maoine níos luachmhaire 'ná an t-ór. Ba chóir do gach uile Chonnradhóir gach aon sean- rádh a chluineas sé ag na sean-daoinibh a sgríobhadh síos. Agus chan leór sin. Caithfidh sinn iad a fhoghluim agus a labhairt ar maidin, ar neóin is fá choinfheasgar ar gach uile ócáid tráthamhail. Gheóbhaidh sinn ionnta eólas ar an teangaidh; gheóbhaidh sinn ionnta mórán críonnachta, & chan é críonnacht shaoghalta na Sasana é sin; & gheóbhaidh sinn ionnta ciall & smuaintí ar sinnsear nGaedhealach. Gheóbhaidh sinn ionnta mór-chuid de'n chineál inntinne, aigeanta & méine bhí ag na Gaedhealaibh fad ó, agus gan sin a bheith againn, chan Gaedhil atá ionnainn acht Gaill. Ar na hádhbharaibh so is cóir dúinn spéir mhór a bheith againn i sean-fhoclaibh áilne na Gaedhilge. † Ryme or assonance.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services