Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-Fhocla na Gaedhilge

Title
Sean-Fhocla na Gaedhilge
Author(s)
Ua Muirgheasa, Énrí,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sean-Fhocla na Gaedhilge



Páipéar ó Énrí Ua Muirgheasa, do léigheadh os comhair na hÁrd-
Chraoibhe, i mBaile Átha Cliath.



Is fíor-luachmhar iad sean-fhocla is sean-ráidhte cinidh
no tíre. Nochtuighthear dhuit ins na sean-ráidhtibh
cineál na ndaoine a bhfuil siad aca. Nochtuighthear
dhuit ionnta caidé an seórt croidhe & méine, aigeanta
& inntinne, nós & creideamh, atá ag an aicme a
chum iad. Chan bréagach an sgéal atá aca, & char
ársuigh siad ariamh acht an fhírinne. Má tá daoine
innsean (= éigin) ann atá sanntach, saoghalta, ór-
ghrádhmhar, agus mí-charthannach chídhfidh tú sin in a
gcuid sean-fhocal. Má tá siad tréan, uasal, cóir,
árd-intinneach & fíor bhriathrach, lághach & greannmhar tá
sin le feicéal i n-a gcuid sean-fhocal. Agus, ar an
láimh eile, má tá siad cladhartha, fealltach,
díoghaltach, droch-bhéasach, nó borb, leigfidh a gcuid
sean-fhocal an rún amach.



Fear a léigh céadta sean-fhocal na hEigipte
dubhairt sé nar bh'fhiosach dó acht ceann amháin aca a
raibh muinighin i nádúr daonna ann. Fear eile a
léigh sean-fhocal na Fraince & na h-Iodáile, deir
sé go bhfuil neart aca ag milleadh & ag cáineadh
cléire & ban.



Sin a' dóigh; is cosamhail sean-fhocla & sean-ráidhte
le bonnaibh airgid, acht i n-ionad deilbhe ríogh na tíre
is í dealbh intinne daoine na tíre atá cló-bhuailte
orra.



Ar an ádhbhar sin gheóbhaidh sinn dealbh inntinne na
nGaedheal cló-bhuailte ar shean-fhoclaibh na Gaedhilge.
Agus tá an dealbh sin, cha mór, caillte againn anois,
is tá sí do dhíth orainn go mór-mhór.



Nó an cás a chuir ar dóigh eile: tá an chuid is mó
dhinn san tír so ar seachrán. Chan fhuilmíd ag siubhal
ar bhóthar na nGaedheal, acht fairíor ar bhealach gránda
na Sasanach. Acht, buidheachas do Dhia, tá cuid againn
ag déanamh ar ndíchill ar theacht ar ais ar bhóthar na
nGaedheal, ar ghnáth le n-ar sinsearaibh a shiubhail air.



Dá mbéadh sinn ar an mbóthar sin arís, 'chífeadh
sinn gach uile rud le súilibh Gaedhealacha, agus bhéadh
againn tuigbheal na nGaedheal arís.



Is eól dúinn an áit a bhfuil an bóthar sin 'na luighe
ann, acht caidé an dóigh le dul chuige, sin a' cheist
chruaidh. Chan fhairsing an casán é casán na sean-
fhocal, acht is dearbh go dtéidheann sé i bhfad chuige
bóthar na nGaedheal.



Creidim mar sin gur cóir dúinn sean-ráidhte ar
sinsear a chruinniughadh is a choigilt, a fhoghluim & a chur
i bhfoghnadh. Ba chóir dúinn iad a bheith againn ar
bhárr ar dteanga i gcomhnuidhe, & iad a labhairt in
ar mion-chainnt. Ba hé sin an dóigh bhí leis na
sean-Ghaedhilgeóiribh. Bhí sean-fhocal aca le haghaidh
gach uile nídh a thárluigh dóibh ó rugadh iad go
ngeóbhadh siad bás. Bhain siad lán de n-a gcuid
críonnachta as na sean-ráidhtibh & fuair siad ionnta
mórán riaghail 'un iad a sheóladh i rith a saoghal.



Is iomdha ceist docrach cham a shocruigheadh go rómhail
le sean-fhocal. Is iomdha uair chonnaic mé
Gaedhilgeóir eadar (= idir) an dá chomhairle & tháinic
sean-fhocal in a cheann. Ar a' bponc bhí an cheist
sgaoilte aige & cha dtiocfadh le fearaibh an domhain
é a athrughadh. Pósaidhthe & margaidh & na céadta nídh
eile, socruigheadh iad ar an nós céadna.



Agus go dearbhtha, is go díreach a bhí neart &
líonmhaireacht sean-rádh aca. Amharcamais thart ar
lucht an Bhéarla. Cá mhéad sean-fhocal atá ag duine
aca? B'fhéadfaidhe go bhfuil fiche ceann aige. Má
tá sé aineólach, is cosamhail nach bhfuil an oiread sin
aige. Acht bíodh sé eólach no aineólach is deacair &
ró-dheacair Béarlóir a fhagháil a bhfuil dó nó trí fichid
aige.



Iompuighmis anois ar an Ghaedhilgeóir. Tá na
céadta is na céadta aige. Agus b'fhéadfaidhe nár
sheas sé i scoil ariamh, nó nár léigh sé leith-thaoibh
leabhair.



Chruinnigh an Laoideach & mé féin tuairim cúig céad
ó'n triúir céadna i bhFearmaigh. Agus tá Béarla
'na theangaidh choitchinn 'san cheanntar sin le dá fhichid
bliadhain roimhe le sin. Tá aithne agam ar lán daoine
nach dtiocfadh leóbhtha “lá breagh” a rádh leat i
nGaedhilg, acht mar sin féin tá a sáith sean-fhocal
Gaedhilge aca, & cuireann siad i bhfoghnadh go tráthmhail
iad.



Agus cad as sin? Is é gur chualaidh siad chomh
minic sin iad go bhfuil siad aca dh'á n-aimhdheóin.



Is é mo thuairim féin go bhfuil corradh is ceithre
chéad do shean-fhoclaibh ag gach uile Ghaedhilgeóir maith.
Agus nach iongantach an sgéal é?



Tá sean-fhocla na Sasanach sgríobhtha síos nó cló-
bhuailte ina a gcuid leabhra, acht chan bhfuil siad ar
theangaibh na ndaoine.



Tá a athrughadh de dhóigh leis na Gaedhilgeóiribh. Tá
siad uilig ar a dteangaibh & is fíor-bheagán díobh
atá i gcló go seadh.



Tá sean-fhocla na Mumhan againn le tamall i
leabhairín & chan fhada le congnamh Dé go mbéidh sean-
fhocla Uladh & Chonnacht againn fósta.



Agus tá súil agam annsin go gcuirfidh duine
innsean (= éigin) sean-fhocla na gcúig cúige le chéile
i leabhar amháin.



Rinne Gaedhil na h-Alban é so le n-a gcuid sean-
fhocal Gaedhilge féin; & is breagh an leabhar é leabhar
Mhic Neacail. Tá beagnach ceithre mhíle sean-ráidhte
ann. Ba chóir dúinn i bhfad níos mó 'ná sin a bheith
againn i nÉirinn & tá mé cinnte go bhfuil, acht má
tá chan fhuil siad cruinnighthe againn go fóill, & is
mór an náire dhúinn é.



Is iad fir óga & mná óga Chonnartha na Gaedhilge a
dhéanfas an obair so, tá súil agam, & go deimhin is
mór tá sé do dhíth orainn.



Oir na Gaedhilgeóirí is aosta, is aca tá an cisde
is mó aca, &, fairíor! chan fhuil seachtmhain ann nach
mbíonn siad-san ag dul síos 'san chréafóig fhuair & a
gcuid seanchuis i n-a gcuideachta.



Agus nach míle truagh é na sean-ráidhte áilne,
uaisle a chailleamhaint? Cá ngeóbhfá a leithéid?


L. 867


Tá comhardadh† ag mór-chuid aca, agus is é an
comhartha is cinnte gur fíor-Ghaedhealach an rádh é.



Éistigidh le beagán díobh —



“An té atá thuas óltar deoch air,
An té atá thíos buailtear cloch air.”



“An chuairt is fearr cuairt ghearr
Agus a dhéanamh acht go hannamh,”



“Rud chídheas an leanbh,
'Sé ghnídheas an leanbh.”



“Ná cuir an sócamhal roimh an dócamhal,”
“Is fearr an tsláinte ná an táinte.”



“An óige 'san amaideacht
Is doiligh a cheannaireacht.”



“Bofhullan amuigh fothanan istigh.”



“Cur ar cáirde cur nach fearr-de.”



“Cha dtuigeann bró sáitheach bró thámhach.”



“Chan ionann fad do gach méar nó méin do gach mac,”



“Cuid a tóighteór ag an chaithteóir.”



Nach deas iad so, agus nach forus cuimhniughadh
ortha? Tá cuid eile agus is amhlaidh dhóibh mórán
céille ar bheagán focal —



“Fear na bó 'sa lag.”



“Is binn béal 'ná thost.”



“Soláthar an chromáin.”



“Béal dúnta, ceann críonna.”



“Broidiughadh fear-mire ná mí-thapa.”



“Ní cara gach bladaire.”
“Nodlaig ghlas, roilig mhéith.”



Tá mór-chuid aca greannmhar, agus is é greann na
nGaedheal atá ionnta —



“‘Is iomdha seórt ceóil a bhíonns ann,’ mar adubhairt
an fear a raibh trompa maide aige.”



“Bhí tú áluinn fá'n bhainne, nuair a bhí do bhó féin
tirim.”



“Ceann céillidhe a bháith an éasga.”



“Ag cur claidhe thimchioll ghuirt leis an chuach do
chongbháil istigh.”



“Amaideacht Mháire ag ól cáthbhruith le meanaidh.”



“Foghluim do do mháthair brochán a dhéanamh,”



“Ní gach lá mharbhas Maghnús bológ.”



“Má's peacadh bheith buidhe tá daoine damanta.”



Samhluighim gur bh'iad na fir a rinne na sean-
ráidhte uilig, óir tá lán aca ag déanamh magaidh
shoineannta fá na mnáibh. Acht, má tá, is mór an meas
a bhí ar na mnáibh fad ó i nÉirinn; deimhnigheann
abhráin ghrádha ar dtíre é sin.



Acht rud atá soiléar & an-shoiléar ins na sean-
fhoclaibh, is é an dóchas & an mhuinighin bhí aca i nDia.



“Is foisge cabhair Dé 'ná na doras.”



“Ní raibh gann ariamh ann nach mbéadh fairsing.”



“Moch no mall mar éirgheas an ghrian,
Is mar thoil le Dia bhéas an lá.”



“Is fada siar an rud a chuireas Dia aniar.”



“Char chuir Dia béal ariamh gan rud leis.”



“Char dhún Dia bearna ariamh nach bhfosglóchadh Sé
bearna.”



“Ní'l glóir acht glóir neimhe.”



Tá na céadta aca cosamhail leis na ceannaibh so.
Nach fiú míle seanmóir an ceann so bheith ar theanga
agus i gcroidhe duine —



“Níl aon duine bocht acht an té a bhfuil fuath ag
Dia air.”



Agus nach mór an t-athrughadh tháinic ar
Éireannachaibh ó'n uair gur bh' é so mian & guidhe a
gcroidhe.



“Grása Dé chugainn & bás i n-Éirinn.”



Acht caithfidh mé stad sul a ndéanfaidh mé “rann
roighin” de'n pháipéar so.



Is é mo thuairim gurab againn féin atá an cisde
sean-fhocal is breagha & is deise san domhan. Agus
d'ar ndóighthe, is dual dúinn an cisde sin a choigilt &
gan a leigint amógha. Tá sé ag dul amógha anois
againn. Tá na sean-daoine ag dul síos 'san uaigh, &
tá sinn ag leigint leobhtha maoine níos luachmhaire 'ná
an t-ór.



Ba chóir do gach uile Chonnradhóir gach aon sean-
rádh a chluineas sé ag na sean-daoinibh a sgríobhadh
síos. Agus chan leór sin. Caithfidh sinn iad a
fhoghluim agus a labhairt ar maidin, ar neóin is fá
choinfheasgar ar gach uile ócáid tráthamhail. Gheóbhaidh
sinn ionnta eólas ar an teangaidh; gheóbhaidh sinn
ionnta mórán críonnachta, & chan é críonnacht
shaoghalta na Sasana é sin; & gheóbhaidh sinn ionnta
ciall & smuaintí ar sinnsear nGaedhealach.



Gheóbhaidh sinn ionnta mór-chuid de'n chineál
inntinne, aigeanta & méine bhí ag na Gaedhealaibh fad
ó, agus gan sin a bheith againn, chan Gaedhil atá
ionnainn acht Gaill.



Ar na hádhbharaibh so is cóir dúinn spéir mhór a
bheith againn i sean-fhoclaibh áilne na Gaedhilge.



† Ryme or assonance.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services