Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Máirtín Ó Raghallaigh, Píobaire.
Title
Máirtín Ó Raghallaigh, Píobaire.
Author(s)
An Chraobh Ruadh,
Pen Name
An Chraobh Ruadh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Máirtín Ó Raghallaigh, Píobaire. Rugadh Máirtín Ó Raghallaigh i nGaillimh cúpla míle o'n mbaile mór san mbliadhain 1829, nó, mar adeir sé féin, “Bhí mé deich mbliadhna go díreach, oidhche na gaoithe móire.” Bhí Máirtín dall ó rugadh é, agus mar ba ghnáthach an t-am sin, nuair do bhéarfaidhe leanbh & é bheith dall, dubhairt a thuismightheóirí leobhtha féin go mbeadh sé chomh maith aca píobaire a dhéanamh de Mháirtin. Colceathar dó féin, fear dar bh'ainm Séamus Ó Raghallaigh, do thug an chéad cheacht dó, agus lean sé de'n cheól chomh dian, dícheallach sin gur gearr go raibh Máirtín óg ionán ceól binn a bhaint as na píopaibh. Shiubhail Máirtín roimhe i gcuideachta le píobaire eile thart-thimcheall na hÉireann, agus go deimhin is iomdha áit ar thug sé cuairt uirri. Ní bheinn tuirseach go bráthach na breithe ag éisteacht le Máirtín ag cur síos ar an tsean-aimsir agus ar na sean-cheóltóiribh, idir fidléirí agus píobairí. San am sin ní raibh baile i nÉirinn beag ná mór, nach mbíodh píobaire nó beirt nó triúr ann, agus is iad a bhíodh cruadhógach sa ngeimhreadh ag céilidh is ag banfheis nó ag an gcros- bhóthar san samhradh fhaid 's bhéadh solus an lae aca. Acht tháinig an gorta agus an droch-shaoghal. D'imthigh na daoine 'na gcéadtaibh go hÁmeiriocá agus go tíorthaibh eile thar muir. Níor fágadh sa mbaile ach na seandaoine is na naoidhneáin agus ní raibh siad -san ionán na píobairí a chothughadh. Faoi dheireadh thiar, chuir siad suas do'n cheoil agus sgaipeadh a gcuid píopaí anonn 's anall ar fhuaid na tíre. Ní raibh aon trácht faoi Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeachaidh Pádraig Mac an Ailghe ar lorg na bpíobairí thimchioll is a hocht nó naoi de bhliadhantaibh ó shoin. Casadh isteach i dteach beag i nGaillimh é, & is ann a fuair sé mo phíobaire bocht Máirtín. Ní túisge chuala Pádraig é ná bhí a fhios aige gur bh' iongantach an píobaire a bhí ann. Sa mbliadhain 1901 tugadh aníos chum na “Feise Ceoil” é agus ní gabhadh a radh gur b'é ghnothuigh an cheád duais. Thug sé an chéad duais ag an Oireachtas tamall gearr in a dhiaidh sin agus rinne sé an cleas céadna an bhliadhain d'a cionn. Bhíodh teach damhsa ag Máirtín anuas go dtí fiche bliadhain ó shoin, acht níor thaithnigh sé sin leis na sagairt agus chuir siad deireadh leis. Is cosmhail go raibh fios a ngrathaidhe aca, acht sé mo bharamhail féin gur mó an dochar a rinneadh ar an gcaoi seo ná ag an dream gallda a chuir na sgoileanna mí-náisúntacha ar bun. Cí bé sin de, buaileadh an droch-bheart seo ar Mháirtin, tóigeadh uaidh an slighe-mhaireachtáil agus ní hiongnadh nar éirigh an saoghal leis in a dhiaidh. Chuireadh sé blath na hóige ar sheanduine bheith ag éisteacht le Máirtín ag seinnm. Dheamhan ríl na dig dá gcualthas riamh nach bhfuil aige. Maidir le sean- amhránaibh tá lán a mhála díobh-san aige. Ní magadh nach bhfuil. Chaithfeá seacht n-oidhche & seacht lá ag éisteacht leis agus gan an port céadna a choisteál uaidh. Tá dhá phíosa go háirithe go mba mhaith liom
trácht ortha, .i. “The Fox Chase” agus “Cath Eachdhroma” (The Battle of Aughrim). Tá sean- eolas ar an gcéad cheann, acht is beag duine chuala “Cath Eachdhroma.” Cloiseann tú ar dtús gluaiseacht an dá shliaigh ag ionnsughadh a chéile. Annsin toisigheann an clampar dá ríribh. Séidtear an chuaille-chomhraic. Faoi dheireadh, thar éis mórán troda éist le caoineadh na baintrighe “Mo mhac marbh, mo mhac dílis, mo mhac bán.” Sin é gol na mban san ár. Mo léan, is iomdha uair a briseadh an cath orainn, san am fad ó! Stopann an géar- chaoineadh agus siúd iad ag imtheacht abhaile iad. Tá a mhalairt de cheol anois againn — “Mairseál Bhriain Bhoroimhe.” Do b'fhiú do lucht stiúrtha féise nó chuirm cheóil, cí bé áit a bhfuil sí, fios a chur ar Mháirtín agus é chur ag seinnm an dá phíosa seo thuas. Seo roinnt bheag eile d'á chuid ceóil: — “An Chúis d'á Phléidh,” “An Maidrín Ruadh,” “Bríghdín Bhéasaigh”, “An Caisideach Bán,” “An Lon Dubh,” “An Páisdín Fionn,” “An Baile Beag mBím-se 'mo Chomhnuidhe.” “An Staicín Eorna,” &c. Seinneann sé ríl freisin a chum sé fhéin. “The Fair Maids of Oran Hill” a thugann sé mar ainm air. Tá mé cinnte go dtiubhradh Rúnaire Chumann na bPíobairí i mBaile Átha Cliath nó muinntir Chonnartha na Gaedhilge i nGaillimh fios faoi do dhuine ar bith a bheas ar lorg Mháirtin le haghaidh Feise nó Cuirme Cheoil. Beannacht leat, a Mháirtín chroidhe, agus go gcuiridh Dia an t-ádh ort i rith do shaoghail. “An Chraobh Ruadh.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services