Máirtín Ó Raghallaigh, Píobaire.
Rugadh Máirtín Ó Raghallaigh i nGaillimh cúpla míle
o'n mbaile mór san mbliadhain 1829, nó, mar
adeir sé féin, “Bhí mé deich mbliadhna go díreach, oidhche
na gaoithe móire.” Bhí Máirtín dall ó rugadh é, agus
mar ba ghnáthach an t-am sin, nuair do bhéarfaidhe leanbh
& é bheith dall, dubhairt a thuismightheóirí leobhtha féin
go mbeadh sé chomh maith aca píobaire a dhéanamh de
Mháirtin. Colceathar dó féin, fear dar bh'ainm
Séamus Ó Raghallaigh, do thug an chéad cheacht dó,
agus lean sé de'n cheól chomh dian, dícheallach sin
gur gearr go raibh Máirtín óg ionán ceól binn a
bhaint as na píopaibh.
Shiubhail Máirtín roimhe i gcuideachta le píobaire
eile thart-thimcheall na hÉireann, agus go deimhin is
iomdha áit ar thug sé cuairt uirri. Ní bheinn tuirseach
go bráthach na breithe ag éisteacht le Máirtín ag cur
síos ar an tsean-aimsir agus ar na sean-cheóltóiribh,
idir fidléirí agus píobairí. San am sin ní raibh baile
i nÉirinn beag ná mór, nach mbíodh píobaire nó beirt
nó triúr ann, agus is iad a bhíodh cruadhógach sa
ngeimhreadh ag céilidh is ag banfheis nó ag an gcros-
bhóthar san samhradh fhaid 's bhéadh solus an lae aca.
Acht tháinig an gorta agus an droch-shaoghal. D'imthigh
na daoine 'na gcéadtaibh go hÁmeiriocá agus go
tíorthaibh eile thar muir. Níor fágadh sa mbaile ach
na seandaoine is na naoidhneáin agus ní raibh siad
-san ionán na píobairí a chothughadh. Faoi dheireadh thiar,
chuir siad suas do'n cheoil agus sgaipeadh a gcuid
píopaí anonn 's anall ar fhuaid na tíre. Ní raibh aon
trácht faoi Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go
ndeachaidh Pádraig Mac an Ailghe ar lorg na
bpíobairí thimchioll is a hocht nó naoi de bhliadhantaibh
ó shoin. Casadh isteach i dteach beag i nGaillimh é,
& is ann a fuair sé mo phíobaire bocht Máirtín. Ní
túisge chuala Pádraig é ná bhí a fhios aige gur bh'
iongantach an píobaire a bhí ann. Sa mbliadhain 1901
tugadh aníos chum na “Feise Ceoil” é agus ní
gabhadh a radh gur b'é ghnothuigh an cheád duais. Thug
sé an chéad duais ag an Oireachtas tamall gearr in
a dhiaidh sin agus rinne sé an cleas céadna an
bhliadhain d'a cionn.
Bhíodh teach damhsa ag Máirtín anuas go dtí fiche
bliadhain ó shoin, acht níor thaithnigh sé sin leis na
sagairt agus chuir siad deireadh leis. Is cosmhail go
raibh fios a ngrathaidhe aca, acht sé mo bharamhail féin
gur mó an dochar a rinneadh ar an gcaoi seo ná ag an
dream gallda a chuir na sgoileanna mí-náisúntacha
ar bun. Cí bé sin de, buaileadh an droch-bheart seo ar
Mháirtin, tóigeadh uaidh an slighe-mhaireachtáil agus ní
hiongnadh nar éirigh an saoghal leis in a dhiaidh.
Chuireadh sé blath na hóige ar sheanduine bheith ag
éisteacht le Máirtín ag seinnm. Dheamhan ríl na dig
dá gcualthas riamh nach bhfuil aige. Maidir le sean-
amhránaibh tá lán a mhála díobh-san aige. Ní magadh
nach bhfuil. Chaithfeá seacht n-oidhche & seacht lá
ag éisteacht leis agus gan an port céadna a choisteál
uaidh. Tá dhá phíosa go háirithe go mba mhaith liom
trácht ortha, .i. “The Fox Chase” agus “Cath
Eachdhroma” (The Battle of Aughrim). Tá sean-
eolas ar an gcéad cheann, acht is beag duine chuala
“Cath Eachdhroma.” Cloiseann tú ar dtús gluaiseacht
an dá shliaigh ag ionnsughadh a chéile. Annsin
toisigheann an clampar dá ríribh. Séidtear an
chuaille-chomhraic. Faoi dheireadh, thar éis mórán
troda éist le caoineadh na baintrighe “Mo mhac
marbh, mo mhac dílis, mo mhac bán.” Sin é gol na
mban san ár. Mo léan, is iomdha uair a briseadh an
cath orainn, san am fad ó! Stopann an géar-
chaoineadh agus siúd iad ag imtheacht abhaile iad.
Tá a mhalairt de cheol anois againn — “Mairseál
Bhriain Bhoroimhe.” Do b'fhiú do lucht stiúrtha féise
nó chuirm cheóil, cí bé áit a bhfuil sí, fios a chur ar
Mháirtín agus é chur ag seinnm an dá phíosa seo thuas.
Seo roinnt bheag eile d'á chuid ceóil: — “An Chúis d'á
Phléidh,” “An Maidrín Ruadh,” “Bríghdín Bhéasaigh”,
“An Caisideach Bán,” “An Lon Dubh,” “An
Páisdín Fionn,” “An Baile Beag mBím-se 'mo
Chomhnuidhe.” “An Staicín Eorna,” &c. Seinneann
sé ríl freisin a chum sé fhéin. “The Fair Maids of
Oran Hill” a thugann sé mar ainm air.
Tá mé cinnte go dtiubhradh Rúnaire Chumann na
bPíobairí i mBaile Átha Cliath nó muinntir Chonnartha
na Gaedhilge i nGaillimh fios faoi do dhuine ar bith a
bheas ar lorg Mháirtin le haghaidh Feise nó Cuirme
Cheoil.
Beannacht leat, a Mháirtín chroidhe, agus go gcuiridh
Dia an t-ádh ort i rith do shaoghail.
“An Chraobh Ruadh.”