Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothrughadh na Teangan
Title
Saothrughadh na Teangan
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Feabhra 28, 1903 Saothrughadh na Teangan Nuair a thug an Dochtúir Mac Aitcin fiadhnaise i gceist na Gaedhilge, tamall ó shoin, os comhair an Choisde do bhí ar lorg eólais fa stáid an Oideachais i nÉirinn dubhairt sé nach raibh aon mhodh seasta cainnte againn sa nGaedhilg, nach raibh aon bheirt dínn ag teacht le chéile le modh seasta cainnte do chur ar bun, acht gach éinneach ag déanamh as féin, & an méid Gaedhilge nach raibh ina cír-thuathail againn go raibh sí bun os cionn. Dubhairt sé a lán neithe eile fosta, acht níor tugadh aon toradh air, mar is beag duine a cheap go raibh aon tsuim ag Mac Aitcin sa teangaidh, & ceapadh nar bh'fhearr leis caoi dhá mbeadh sí ná ina cír-thuathail. Más mian leis sinne tabhairt áird ar a ghlór, tagadh sé isteach i gConnradh na Gaedhilge, agus saothrughadh sé an teanga i chongnamh dhúinn, agus annsin tiubhrfar toradh air, acht go dtí sin tá sé chomh maith dhó bheith ag cainnt leis an bhfear sa ngealaigh. Anois tá an bharamhail chéadna againn ó'n Dochtúir oirbhidneach de Henebre, & is mór an sgéal linn gan eisean a bheith láidir ina shláinte, mar dá mbeadh, bheadh súil againn le níos mó ná baramhail uaidh-sean. Acht, an bhfuil modh seasta cainnte ag fás againn? Féachtar cé an chaoi bhfuil an sgéal ar dtús. Níl ann fós acht go bhfuil tosughadh déanta ar an nGaedhilg do sgríobhadh. Na sgríbhneóirí atá ann ní ar sgoil a d'fhoghluim siad an méid eólais atá aca ar an tean- gaidh. Sgríobhadar síos ar dtús í mar chualadar í, & do réir mar bhíodar ag léigheadh agus ag foghluim ó dhaoinibh agus ó leabhraibh eile, bhí athrughadh ag teacht ar a gcuid féin sgríbhneóireachta. Coinnigheadar & sgríobhadar cainnt na ndaoine mar nach raibh an tsean-Ghaedhilg aca, agus dá mbeadh féin, ní raibh aon ghnó aca 'ghá sgríobhadh, mar nach dtuigfidhe uatha í. Caithfear an teanga a sgríobhadh mar labhartar í go ceann i bhfad is i bhfad fós. Ní dóigh linn go dtioc- faidh aon athrughadh air ar fiú trácht ar sgríbhneóire- acht na Gaedhilge nó go gcurtar an tsean-Ghaedhilg ar chlár oideachais na sgol, mar do mhol an Dochtúir de Henebre, & go dtigidh sgoláirí chugainn do bharr an oideachais sin a mbeidh an oiread eolais aca ar an tsean-Ghaedhilg agus atá aca anois ar Laidin agus ar Ghréigis ag fágáil sgoile dhóibh. Acht dá gcuirfeadh lucht an Oideachais an tsean-Ghaedhilg ar an gclár ar maidin, badh bheag an chabhair sin, mar ní'l múinteóirí againn a d'fhéadfadh í mhúnadh. Is ar éigin atá ár sáith díobh againn le canamhaint an lae indiu féin do mhúnadh, & cuid aca sin féin is ag obair i n-aghaidh a dtola atáid. Ní féidir linn a leigeann thar ar gcluasa gurab í canamhain na ndaoine a chaithfear a shaothrughadh, & má sgríobhann fear “thuit sé i ngrádh léi” nó “do dhin mé suas m'aigne” tá sé le cur ar a shon féin aige go bhfuil sé ag déanamh a dhíchill, & ag iarraidh éirghe as an tuile galldachta atá ina thimchioll; dá mbeadh sé i n-ann a dhéanamh níos fearr dhéanfadh sé é. Caithfear fós misneach a thabhairt dá leithéid, thar é, má cheapann duine nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh éireoghaidh sé as an teangaidh ar fad, & i ndeireadh na dálach bheidh sé níos measa ná mar bhí sé ar dtús. Deir an Dochtúir de Henebre gur mheas an mhuinn- tir do chuir Connradh na Gaedhilge ar bun go mba í cainnt na ndaoine canamhaint na litridheachta, agus gur cheapadar nach raibh aca ann acht Gaedhilg a bheith ag na daoinibh annsin, agus go rabhadar chomh heólgach i nGaedhilg & bhíodar i mBéarla. Ní dóigh linn féin gur cheapadar, acht má cheap ba mhór an dul amudha é. Ní thiocfaidh neach na Gaedhilge chomh hobann soin chugainn. Caithfear í shaothrughadh bliadhanta móra fada sul gheibhthear éifeacht agus fíor-spioraid na nGaedhealg i gceart as an teangaidh, agus dá mhéid dá mbeidh do sgoláiribh againn chuige sin is amhlaidh is túisge thiocfas an t-am soin orainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services