An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Feabhra 28, 1903
Saothrughadh na Teangan
Nuair a thug an Dochtúir Mac Aitcin fiadhnaise i
gceist na Gaedhilge, tamall ó shoin, os comhair
an Choisde do bhí ar lorg eólais fa stáid an Oideachais
i nÉirinn dubhairt sé nach raibh aon mhodh seasta
cainnte againn sa nGaedhilg, nach raibh aon bheirt dínn
ag teacht le chéile le modh seasta cainnte do chur ar
bun, acht gach éinneach ag déanamh as féin, & an méid
Gaedhilge nach raibh ina cír-thuathail againn go raibh sí
bun os cionn. Dubhairt sé a lán neithe eile fosta,
acht níor tugadh aon toradh air, mar is beag duine a
cheap go raibh aon tsuim ag Mac Aitcin sa teangaidh,
& ceapadh nar bh'fhearr leis caoi dhá mbeadh sí ná ina
cír-thuathail. Más mian leis sinne tabhairt áird ar a
ghlór, tagadh sé isteach i gConnradh na Gaedhilge, agus
saothrughadh sé an teanga i chongnamh dhúinn, agus
annsin tiubhrfar toradh air, acht go dtí sin tá sé chomh
maith dhó bheith ag cainnt leis an bhfear sa ngealaigh.
Anois tá an bharamhail chéadna againn ó'n Dochtúir
oirbhidneach de Henebre, & is mór an sgéal linn gan
eisean a bheith láidir ina shláinte, mar dá mbeadh, bheadh
súil againn le níos mó ná baramhail uaidh-sean.
Acht, an bhfuil modh seasta cainnte ag fás againn?
Féachtar cé an chaoi bhfuil an sgéal ar dtús. Níl
ann fós acht go bhfuil tosughadh déanta ar an nGaedhilg
do sgríobhadh. Na sgríbhneóirí atá ann ní ar sgoil a
d'fhoghluim siad an méid eólais atá aca ar an tean-
gaidh. Sgríobhadar síos ar dtús í mar chualadar í, &
do réir mar bhíodar ag léigheadh agus ag foghluim ó
dhaoinibh agus ó leabhraibh eile, bhí athrughadh ag teacht
ar a gcuid féin sgríbhneóireachta. Coinnigheadar &
sgríobhadar cainnt na ndaoine mar nach raibh an
tsean-Ghaedhilg aca, agus dá mbeadh féin, ní raibh aon
ghnó aca 'ghá sgríobhadh, mar nach dtuigfidhe uatha í.
Caithfear an teanga a sgríobhadh mar labhartar í go
ceann i bhfad is i bhfad fós. Ní dóigh linn go dtioc-
faidh aon athrughadh air ar fiú trácht ar sgríbhneóire-
acht na Gaedhilge nó go gcurtar an tsean-Ghaedhilg
ar chlár oideachais na sgol, mar do mhol an Dochtúir
de Henebre, & go dtigidh sgoláirí chugainn do bharr
an oideachais sin a mbeidh an oiread eolais aca ar an
tsean-Ghaedhilg agus atá aca anois ar Laidin agus ar
Ghréigis ag fágáil sgoile dhóibh. Acht dá gcuirfeadh
lucht an Oideachais an tsean-Ghaedhilg ar an gclár ar
maidin, badh bheag an chabhair sin, mar ní'l múinteóirí
againn a d'fhéadfadh í mhúnadh. Is ar éigin atá ár
sáith díobh againn le canamhaint an lae indiu féin do
mhúnadh, & cuid aca sin féin is ag obair i n-aghaidh a
dtola atáid.
Ní féidir linn a leigeann thar ar gcluasa gurab í
canamhain na ndaoine a chaithfear a shaothrughadh, & má
sgríobhann fear “thuit sé i ngrádh léi” nó “do dhin
mé suas m'aigne” tá sé le cur ar a shon féin aige go
bhfuil sé ag déanamh a dhíchill, & ag iarraidh éirghe as
an tuile galldachta atá ina thimchioll; dá mbeadh sé i
n-ann a dhéanamh níos fearr dhéanfadh sé é. Caithfear
fós misneach a thabhairt dá leithéid, thar é, má cheapann
duine nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh éireoghaidh sé as
an teangaidh ar fad, & i ndeireadh na dálach bheidh sé
níos measa ná mar bhí sé ar dtús.
Deir an Dochtúir de Henebre gur mheas an mhuinn-
tir do chuir Connradh na Gaedhilge ar bun go mba
í cainnt na ndaoine canamhaint na litridheachta, agus
gur cheapadar nach raibh aca ann acht Gaedhilg a bheith
ag na daoinibh annsin, agus go rabhadar chomh heólgach
i nGaedhilg & bhíodar i mBéarla. Ní dóigh linn féin
gur cheapadar, acht má cheap ba mhór an dul amudha é.
Ní thiocfaidh neach na Gaedhilge chomh hobann soin
chugainn. Caithfear í shaothrughadh bliadhanta móra
fada sul gheibhthear éifeacht agus fíor-spioraid na
nGaedhealg i gceart as an teangaidh, agus dá mhéid dá
mbeidh do sgoláiribh againn chuige sin is amhlaidh is
túisge thiocfas an t-am soin orainn.