Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin
Title
Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin
Author(s)
Mac Mic Mhairéaide Ní Thaidhg,
Pen Name
Mac Mic Mairéide Ní Thaidhg.
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin (Ar leanamhaint) Chuireamar an oidhche úd dhinn chomh maith a's d'fhéad- amar é, & an dara lá do dhiúgamar féin & na hasail gach braon uisge dá raibh againn, & fós ní raibh aon tsos againn ó'n ngainimh, acht é go síor ag teacht anuas, &, dá mbeadh do lámh sínte amach romhat, níor b'fhéidir leat í d'fheicsint. Chum an sgéal do ghiorr- ughadh, níor sguir sé de chaitheamh an ghainimh go dtí um tráthnóna an tríomhadh lá. An uair sin, ba mhór an truagh sinn-ne & na ceithre hasail. Chailleamar dhá cheann díobh. D'imthigheadar leó féin, & ó'n lá soin go dtí an lá indiu níor chuireamar súil ar cheann díobh. Ba cheart dhom a rádh nuair shaoileas féin nach raibh aon dul ó'n mbás againn gur gheallas do Dhia & do'n Mhaighdean Mhuire & do Naomh Ghobnait — dá dtabhar- faidís saor sinn ó'n gcruadh-chás i n-a rabhamar — go dtabharfainn trí turais i mBaile Bhóirne. Agus, moladh le Dia! do saoradh sinn; acht níor thugas féin na turais úd fós — gidh, tá súil agam, le con- gnamh Dé, go dtabharfad iad sul a bhfaghad bás. 'Seadh, nuair do ghlan an spéir, chuireamar dhinn ar lorg na bpoill uisge; acht ní bhfuaramar iad an lá úd, ná 'san oidhche acht chomh beag. Nuair a tháinig solus an lae mbáraigh orainn, is í an chomhairle air ar chinneamar 'ná sgaradh ó n-a chéile, &, dá dheasgadh sain, cheapamar gur mhó an fhagháil do bheadh ag gach duine 'n-a aonar na poill uisge d'aimsiughadh 'ná dá mbeimís i dteannta 'chéile. Bhí fhios againn ná rabh- adar ró-fhada uainn, acht gurab amhlaidh bhí siad líonta le gainimh. Ghluaiseas féin agus m'asailín bocht linn féin. Go dearbhtha is ró-dheacair dhomh-sa d'innsint — nó d'éinne nach raibh 'san gcruadh-chás céadna do thuigsint — acht an mío-chrot do bhí orm. Bhí mo theanga chomh reamhar le teangaidh mairt, & bhíos chomh tirm sin go raibh mo chroiceann ag pléasgadh le neart tiormacht & teas. Thiomáineas liom an fhad a's bhí sé im' chosaibh. Is é an t-asal do bhí 'a m' threórughadh. I ndeireadh an lae cheapas nach raibh aon mhaitheas dhom bheith ag cuardach an uisge & shuidheas síos. Ní fheadar cad é an fad a bhíos mar sin, nuair a mhothuigheas an t-asal ag búith- readh. I mbasa, do chuir an rud sain misneach ionnam. D'éirigheas im' sheasamh & chuireas féin búithreadh eile asam. Má chuireas, sin a raibh dhá bhárr agam. Chaith- eas mé féin ar an ngainimh arís, & budh chuma liom bás nó beathadh dhom. Ní rabhas ró-fhada mar sin, nuair a chrom m'asailín ar bhúithreadh arís. Phreabas im' shuidhe an dara huair agus chuireas liugh eile asam féin. Níor airigheas dadadh. “Gluais ort,” arsa mise leis an asal. D'iompuigh sé a aghaidh ó dheas, & siúd chum siubhail é. Do leanas é. Bhíomar ag imtheacht ar feadh leath-uaire an chloig, nó mar sin, nuair chualas lámhach gunna. Chuir- eas béic asam féin, & fuaras freagra an uair seo. Bhí an oidhche ann; acht níor bh'fhada gur tháinig mo chompánach chugham, agus bhí a chaintín lán d'uisge aige.
Bhí greim daingean aige ar an gcaintín, óir, nuair a mheasas breith air, níor thug sé dham é, agus is amhlaidh dhéanadh sé ceirt do thomadh 'san uisge & annsoin an cheirt d'fháisgeadh, & leigeann do'n uisge tuitim ar mo theangaidh & ar mo bhéal. Bhí an poll uisge suas le trí mhíle uainn, &, ar ár dtriall dhúinn chuige, d'innis [se]{sé} dhom cionnus a fuair sé an t-uisge. Nuair d'imthigheamar a dtriúr 'n-ár n-aonar, do ghluais ár gcompánach leis féin, & bhí sé féin & Donnchadh (Donnchadh thugadh sé mar ainm ar an asal do bhí aige) ag siubhal leó féin. Bhíodar mar sin go dtí um tráthnóna. Annsoin do bhí Donnchadh ag brosdughadh air, & a cheann i n-áirde aige. Bhí sé mar sin nó gur chuireadar dó nó trí de mhíltibh dhíobh. Do stad Donnchadh go hobann, & chuireadh sé a shrón síos ar an ngainimh agus é ag boluigheóireacht, agus fonn air é féin d'iomlasga 'san ngainimh. Bhí fios ag ár gcompánach annsoin nach raibh an t-uisge i bhfad uaidh. Do dhein sé an gainimh do thochailt agus fuair sé an t-uisge agus troigh gainimh os a chionn. Tá eagla orm go bhfuil an sgéal so ró-fhada cheana féin. Dá réir sin, déanfad mo dhícheall ar é do ghiorrughadh. Is é brigh an sgéil gur imthigheamar aroan ar lorg Mac Uí Shúiliobháin. Fuaramar an fear bocht slighe maith ó'n uisge, & é beagnach i ndeir- eadh na preibe. Is amhlaidh bhí cosán cruinn déanta aige ó bheith go síor ag siubhal [mor]{mór}-thimcheall agus gan é ag dul ar aghaidh coiscéim ar bith. Nár leigidh Dia go bhfeicfeá- sa a léightheóir, ná éinne ghoillfeadh ort, a leithéid súd de radharc go deó. Bhí a mhéaranna caithte go cnáimh aige tar éis bheith ag iarraidh poll do tholladh 'san ngainimh. Bhí an fhuil smeartha ar a dhá láimh agus ar a aghaidh, & ní raibh splanc céille i gceann an fhir bhoicht. Do rinneamar an cleas céadna do dhein ár gcom- pánach liom-sa, & i gcionn tamaill tháinig sé chuige féin i riocht gur árduigheamar ar mhuin an asail é, & choiméadamar annsain é chum go dtángamar go dtí an t-uisge. Is í an chomhairle do cheapamar le chéile (ár gcompánach agus mise) 'ná do dhéanamh ceann-ar- aghaidh nó go mbuailfeamuis an bóthar iarainn. Shaoil- eamar go bhféadfamuis congnamh éigin d'fhagháil ar an mbealach sain, níos túisge 'n a i n-aon áit eile. Sul a raibh a sgéal críochnuighthe ar ár gcompánach bhíos féin & Mac Uí Shúiliobháin chomh mór tré n-a chéile a's do bhí seisean. Láithreach bonn do ghreadas féin an dorus amach ar lorg na n-asal, agus do chrom an bheirt eile ar tharraing stácanna an chabáin; &, nuair tháinig mé féin ar ais le na hasalaibh, bhí gach nídh fillte go baileach aca, agus bhíodar beag-nach ullamh chum bóthair. Bhí go maith, bhí sé díreach meadhon oidhche sul ar ghluaiseamar chum siubhail, agus annsin thuga- mar ár n-aghaidh soir ó thuaidh. Ní gábhadh dhomh-sa cruadhaileacht an turais úd d'innsint nó gur bhuail- eamar abha an Cholorado (noch atá mar theóra idir thír Arizona agus an stáit Challíofornia); mar ní raibh ionnta go léir acht caitheamh-aimsire seachas an donas do bhí romhainn. Budh cheart dhom a rádh roimhe seo, gur bh'é ceann ár riain, ná conntae San Bernardino, i stáit Cailiofornia. Chuireamar fúinn féin ar feadh lae a's oidhche, ag an abhainn sin, agus líonamar ár gcaintíní, agus ár mbairille beag d'uisge. Bhío- mar ullamh chum gluaiste go moch ar maidin an dara lae. D'imthigheamar orainn. Is sé an bealach do thógamar 'na bóthar a bhí ag dul tré lár an fhásaigh go nglaodhtar an Colorado Desert air. Bhí an bóthar úd i bhfad níos giorra na dá gcoiméadfamuis le h-ais an bhóthair iarainn atá ag dul tríd an bhfásach úd 'n-a theannta sain. Dubhairt Mac Uí Shúiliobháin linn, go raibh poill uisge annso 'gus annsúd fá'n bhóthair. Bhí eólas an bhóthair aige, mar ghabh sé cheana é. An chéad lá, ní raibh puinn cúise gearáin againn, gidh nár ráinic linn dul san áit shaoileamar go raibh an t-uisge le fagháil; mar sin féin, bhí na hasail bhochta & sinn-ne suaite, sáruighthe le neart brothail an ghainimh, & teas na gréine. Is ró-bheag an tsos d'fhaghann duine 'san oidhche ó'n mbrothal 'san áit sin, mar ní shéideann gal gaoithe ann, acht nuair bhíonn an stoirm ag séideadh. Bíonn an gainimh leis chomh te leis an luaith-ghríosaigh. Roimh bhreacadh an lae ar maidin i mbárach, bhíomar ar siubhal, & chuireamar dínn féin an lae sin, gan aon pholl uisge d'fhagháil. Bhí a raibh d'uisge againn ar iomchar, beagnach caithte againn, & muna mbuailfeadh na poill uisge umainn go grod i mbárach, caillfidhe cuid de na hasalaibh orainn leis an íota. D'eirigheamar go moch lá ar na bhárach, & is mór an t-imshníomh do bhí orainn mar gheall ná raibh puinn uisge againn. Bhíomar an cur an bhóthair dhínn (sé sin) ag siubhal ar aghaidh, mar ní raibh rian aon bhóthair againn, acht sinn ag tabhairt buille faoi thuairim air); & timcheall meadhon an lae, do chrom an spéir ag dul i ndorchadas — budh mhór an iongnadh do chuir an nídh sin orainn, mar bhí an ghrian chomh te feadh na maidne roimhe sin, gur dhóigh leat go losgfadh sí poll tré chlár daraigh. Am basa, ní rabhamar i bhfad, gan fios na cúise bheith againn, mar gan mhoill tháinig an gainimh anuas orainn chomh tiugh a's do chonnaic éinne riamh báisteach ag tuitim as an spéir. Bhí an lá chomh dubh leis an oidhche is duibhe do chonnac riamh. Bhí an gainimh chomh mín le plúr, agus gach gráinne dhe chomh géar le snáthaid. Bhuainfeadh sé na súile asainn, muna mbéadh go raibh speacloidhe againn. Do b'é toil Dé nach raibh puinn gaoithe ag séideadh n'ar dtimcheall. Budh mhór an truaigh na hasail bhochta, agus sinn-ne, a's gan againn acht braoinín beag uisge san mbairille, agus nár bh'fiosach dhúinn cá huain a bheadh aon tsos againn ó'n mbáistigh gain- imh. Bhí Mac Uí Shúiliobháin an-lag, agus é lán d'fhiabhras. Ní túisge dhéanamar an chomhairle úd ná mar chuireamar i bhfeidhm í, agus ghluaiseamar fá dhéin an bhóthair iarainn; bhuaileamar é gan aon tubaist eile d'imtheachd orainn, buidheachas le Dia. Chuireamar dhinn le hais an bhóthair iarainn ar feadh sé mhíle, agus dob' é toil Dé gur bhuail tigh umainn go raibh fear ann & a lucht oibre, do bhíodh ag deisiughadh an bhóthair.
Éireannach do bhí ann, de mhuinntir Shuibhne dob eadh é. Éireannach mná bhí pósda aige leis; & go gcuiridh Dia rath & séan orra féin agus ar a sliocht. Thugadar seomra do'n bhfear mbreóite agus dhúinn-ne, agus dhéanadar gach uile shaghas nídh do b'fhéidir a dhéanamh do chum é do léigheas. Bhíodh an fear bocht as a mheabhair ar feadh mórán dá shaoghal. Is é an nídh is mó bhí ag cur buaireadh air, nuair bhíodh na spíoraidí air ná saghas éigin rotha go nglaodhadh sé Turbine Wheel as Béarla mar ainm air. Bhí sé ceapuighthe aige an rotha úd do chur na shuidhe ag bun easa atá 'san ait go sgéitheann an Laoi amach as loch Ghúgáin Barra. Is amhlaidh shaoileadh sé breith ar an neart, noch atá ag an uisge sin ag rith le fánadh. Bhí sórt éigin eile uirlise le bheith gléasda ar bhruach na habhann aige, agus d'oibreóchadh sé í le cumhachd an uisge — gan gual ná ádhmad do dhóghadh, i gcóir solas teintreach do dhéanamh, agus 'na dhiaidh sin é do riaradh ar gach uile thigh dá raibh ó'n gCaol-Choill go dtí Inse Geimhleach; ar nós go mbeadh na tighthe chomh soillseach i lár na hoidhche a's dá mb'é lár an lae ghréine do bheadh ann. I gcionn trí seachtmhaine, bhí feabhas mór ar Mhac Uí Shúiliobháin; d'imthigh an fiabhras dhe, & i gcionn seacht nó hocht de laethibh, siúd ar ais chum bóthair an triúir dinn, & ár dtrí n-asail linn. Níor bhuail aon donas na mí-ádh sinn — buidheachas le Dia — chum gur ráinig linn teacht go dtí ceann ár riain. Ba dhóigh le duine gur cheart dúinn bheith sásta an uair sin. Go bhfóiridh Dia ort! Dá bhfaghmuis-ne greim ar fhear an mháilín óir, is é mo thuairm muna mbeadh sé luath-chosach go mbeadh sé thiar air. Cogar liom, a léightheóir, dá mbeitheá mar bhíomar-ne tar éis gach pionas agus cruadhtan d'fhulang, ag teacht go dtí an áit gur shaoileamar go bhfaghamuis luach ar saothair ann, & annsan eolus d'fhagháil gurab amhlaidh mealladh thú, cad a dhéanfá-sa leis an té úd, dá mbeadh greim agat air, bhí ag iarraidh amadáin do dheánamh dhíot? Ní raibh ór, ná mianach óir, san áit seo, acht bhí mianach airgid ann agus é ag obair. Fuaireamar obair ann. D'fhágas féin an áit tamall 'na dhiaidh sin. Ní fhaca mé Mac Uí Shúiliobháin, ná ár gcompánach riamh ó shoin. B'fhéidir gurab amhlaidh chnuasaigh Mac Uí Shúiliobháin a dhóthain airgid chum na hoibre do bhí ceapuighthe 'na cheann aige do chur ar siubhal ag loch Ghugáin Bharra. Má's eadh go gcuiridh Dia sonas & séan & sonuachur soineanda 'na threó, is é ghuidheann Mac Mic Mhairéaide Ní Thaidhg. Calafóirnia, Nodlag, '02
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services