Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin

Title
Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin
Author(s)
Mac Mic Mhairéaide Ní Thaidhg,
Pen Name
Mac Mic Mairéide Ní Thaidhg.
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gléas Solais Dhomhnaill Uí Shúiliobháin



(Ar leanamhaint)



Chuireamar an oidhche úd dhinn chomh maith a's d'fhéad-
amar é, & an dara lá do dhiúgamar féin & na hasail
gach braon uisge dá raibh againn, & fós ní raibh aon
tsos againn ó'n ngainimh, acht é go síor ag teacht
anuas, &, dá mbeadh do lámh sínte amach romhat, níor
b'fhéidir leat í d'fheicsint. Chum an sgéal do ghiorr-
ughadh, níor sguir sé de chaitheamh an ghainimh go dtí
um tráthnóna an tríomhadh lá. An uair sin, ba mhór an
truagh sinn-ne & na ceithre hasail. Chailleamar dhá
cheann díobh. D'imthigheadar leó féin, & ó'n lá soin
go dtí an lá indiu níor chuireamar súil ar cheann
díobh.



Ba cheart dhom a rádh nuair shaoileas féin nach raibh
aon dul ó'n mbás againn gur gheallas do Dhia & do'n
Mhaighdean Mhuire & do Naomh Ghobnait — dá dtabhar-
faidís saor sinn ó'n gcruadh-chás i n-a rabhamar — go
dtabharfainn trí turais i mBaile Bhóirne. Agus,
moladh le Dia! do saoradh sinn; acht níor thugas
féin na turais úd fós — gidh, tá súil agam, le con-
gnamh Dé, go dtabharfad iad sul a bhfaghad bás.



'Seadh, nuair do ghlan an spéir, chuireamar dhinn ar
lorg na bpoill uisge; acht ní bhfuaramar iad an lá
úd, ná 'san oidhche acht chomh beag. Nuair a tháinig
solus an lae mbáraigh orainn, is í an chomhairle air ar
chinneamar 'ná sgaradh ó n-a chéile, &, dá dheasgadh
sain, cheapamar gur mhó an fhagháil do bheadh ag gach
duine 'n-a aonar na poill uisge d'aimsiughadh 'ná dá
mbeimís i dteannta 'chéile. Bhí fhios againn ná rabh-
adar ró-fhada uainn, acht gurab amhlaidh bhí siad líonta
le gainimh.



Ghluaiseas féin agus m'asailín bocht linn féin. Go
dearbhtha is ró-dheacair dhomh-sa d'innsint — nó d'éinne
nach raibh 'san gcruadh-chás céadna do thuigsint — acht
an mío-chrot do bhí orm. Bhí mo theanga chomh reamhar
le teangaidh mairt, & bhíos chomh tirm sin go raibh mo
chroiceann ag pléasgadh le neart tiormacht & teas.
Thiomáineas liom an fhad a's bhí sé im' chosaibh. Is é an
t-asal do bhí 'a m' threórughadh. I ndeireadh an lae
cheapas nach raibh aon mhaitheas dhom bheith ag cuardach
an uisge & shuidheas síos. Ní fheadar cad é an fad a
bhíos mar sin, nuair a mhothuigheas an t-asal ag búith-
readh. I mbasa, do chuir an rud sain misneach ionnam.
D'éirigheas im' sheasamh & chuireas féin búithreadh eile
asam. Má chuireas, sin a raibh dhá bhárr agam. Chaith-
eas mé féin ar an ngainimh arís, & budh chuma liom
bás nó beathadh dhom. Ní rabhas ró-fhada mar sin,
nuair a chrom m'asailín ar bhúithreadh arís. Phreabas
im' shuidhe an dara huair agus chuireas liugh eile asam
féin. Níor airigheas dadadh.



“Gluais ort,” arsa mise leis an asal. D'iompuigh
sé a aghaidh ó dheas, & siúd chum siubhail é. Do leanas
é. Bhíomar ag imtheacht ar feadh leath-uaire an
chloig, nó mar sin, nuair chualas lámhach gunna. Chuir-
eas béic asam féin, & fuaras freagra an uair seo.
Bhí an oidhche ann; acht níor bh'fhada gur tháinig mo
chompánach chugham, agus bhí a chaintín lán d'uisge aige.


L. 847


Bhí greim daingean aige ar an gcaintín, óir, nuair a
mheasas breith air, níor thug sé dham é, agus is amhlaidh
dhéanadh sé ceirt do thomadh 'san uisge & annsoin an
cheirt d'fháisgeadh, & leigeann do'n uisge tuitim ar
mo theangaidh & ar mo bhéal.



Bhí an poll uisge suas le trí mhíle uainn, &, ar ár
dtriall dhúinn chuige, d'innis [se]{sé} dhom cionnus a fuair
sé an t-uisge. Nuair d'imthigheamar a dtriúr 'n-ár
n-aonar, do ghluais ár gcompánach leis féin, & bhí sé
féin & Donnchadh (Donnchadh thugadh sé mar ainm ar an
asal do bhí aige) ag siubhal leó féin. Bhíodar mar sin
go dtí um tráthnóna. Annsoin do bhí Donnchadh ag
brosdughadh air, & a cheann i n-áirde aige. Bhí sé mar
sin nó gur chuireadar dó nó trí de mhíltibh dhíobh.
Do stad Donnchadh go hobann, & chuireadh sé a shrón
síos ar an ngainimh agus é ag boluigheóireacht, agus
fonn air é féin d'iomlasga 'san ngainimh. Bhí fios ag
ár gcompánach annsoin nach raibh an t-uisge i bhfad
uaidh. Do dhein sé an gainimh do thochailt agus fuair
sé an t-uisge agus troigh gainimh os a chionn.



Tá eagla orm go bhfuil an sgéal so ró-fhada cheana
féin. Dá réir sin, déanfad mo dhícheall ar é do
ghiorrughadh. Is é brigh an sgéil gur imthigheamar
aroan ar lorg Mac Uí Shúiliobháin. Fuaramar an
fear bocht slighe maith ó'n uisge, & é beagnach i ndeir-
eadh na preibe.



Is amhlaidh bhí cosán cruinn déanta aige ó bheith go
síor ag siubhal [mor]{mór}-thimcheall agus gan é ag dul ar
aghaidh coiscéim ar bith. Nár leigidh Dia go bhfeicfeá-
sa a léightheóir, ná éinne ghoillfeadh ort, a leithéid súd
de radharc go deó. Bhí a mhéaranna caithte go cnáimh
aige tar éis bheith ag iarraidh poll do tholladh 'san
ngainimh. Bhí an fhuil smeartha ar a dhá láimh agus ar a
aghaidh, & ní raibh splanc céille i gceann an fhir bhoicht.



Do rinneamar an cleas céadna do dhein ár gcom-
pánach liom-sa, & i gcionn tamaill tháinig sé chuige
féin i riocht gur árduigheamar ar mhuin an asail é, &
choiméadamar annsain é chum go dtángamar go dtí
an t-uisge. Is í an chomhairle do cheapamar le chéile
(ár gcompánach agus mise) 'ná do dhéanamh ceann-ar-
aghaidh nó go mbuailfeamuis an bóthar iarainn. Shaoil-
eamar go bhféadfamuis congnamh éigin d'fhagháil ar
an mbealach sain, níos túisge 'n a i n-aon áit eile.



Sul a raibh a sgéal críochnuighthe ar ár gcompánach
bhíos féin & Mac Uí Shúiliobháin chomh mór tré n-a chéile
a's do bhí seisean. Láithreach bonn do ghreadas féin
an dorus amach ar lorg na n-asal, agus do chrom an
bheirt eile ar tharraing stácanna an chabáin; &, nuair
tháinig mé féin ar ais le na hasalaibh, bhí gach nídh
fillte go baileach aca, agus bhíodar beag-nach ullamh
chum bóthair. Bhí go maith, bhí sé díreach meadhon oidhche
sul ar ghluaiseamar chum siubhail, agus annsin thuga-
mar ár n-aghaidh soir ó thuaidh. Ní gábhadh dhomh-sa
cruadhaileacht an turais úd d'innsint nó gur bhuail-
eamar abha an Cholorado (noch atá mar theóra idir thír
Arizona agus an stáit Challíofornia); mar ní raibh
ionnta go léir acht caitheamh-aimsire seachas an donas
do bhí romhainn. Budh cheart dhom a rádh roimhe seo,
gur bh'é ceann ár riain, ná conntae San Bernardino,
i stáit Cailiofornia. Chuireamar fúinn féin ar feadh
lae a's oidhche, ag an abhainn sin, agus líonamar ár
gcaintíní, agus ár mbairille beag d'uisge. Bhío-
mar ullamh chum gluaiste go moch ar maidin an dara
lae. D'imthigheamar orainn. Is sé an bealach do
thógamar 'na bóthar a bhí ag dul tré lár an fhásaigh go
nglaodhtar an Colorado Desert air. Bhí an bóthar úd
i bhfad níos giorra na dá gcoiméadfamuis le h-ais
an bhóthair iarainn atá ag dul tríd an bhfásach úd 'n-a
theannta sain. Dubhairt Mac Uí Shúiliobháin linn, go
raibh poill uisge annso 'gus annsúd fá'n bhóthair. Bhí
eólas an bhóthair aige, mar ghabh sé cheana é.



An chéad lá, ní raibh puinn cúise gearáin againn,
gidh nár ráinic linn dul san áit shaoileamar go raibh
an t-uisge le fagháil; mar sin féin, bhí na hasail
bhochta & sinn-ne suaite, sáruighthe le neart brothail
an ghainimh, & teas na gréine. Is ró-bheag an tsos
d'fhaghann duine 'san oidhche ó'n mbrothal 'san áit sin,
mar ní shéideann gal gaoithe ann, acht nuair bhíonn
an stoirm ag séideadh. Bíonn an gainimh leis chomh
te leis an luaith-ghríosaigh.



Roimh bhreacadh an lae ar maidin i mbárach, bhíomar
ar siubhal, & chuireamar dínn féin an lae sin, gan aon
pholl uisge d'fhagháil. Bhí a raibh d'uisge againn ar
iomchar, beagnach caithte againn, & muna mbuailfeadh
na poill uisge umainn go grod i mbárach, caillfidhe
cuid de na hasalaibh orainn leis an íota.
D'eirigheamar go moch lá ar na bhárach, & is mór an
t-imshníomh do bhí orainn mar gheall ná raibh puinn
uisge againn. Bhíomar an cur an bhóthair dhínn (sé
sin) ag siubhal ar aghaidh, mar ní raibh rian aon bhóthair
againn, acht sinn ag tabhairt buille faoi thuairim air);
& timcheall meadhon an lae, do chrom an spéir ag dul
i ndorchadas — budh mhór an iongnadh do chuir an nídh
sin orainn, mar bhí an ghrian chomh te feadh na maidne
roimhe sin, gur dhóigh leat go losgfadh sí poll
tré chlár daraigh. Am basa, ní rabhamar
i bhfad, gan fios na cúise bheith againn,
mar gan mhoill tháinig an gainimh anuas orainn chomh
tiugh a's do chonnaic éinne riamh báisteach ag tuitim
as an spéir. Bhí an lá chomh dubh leis an oidhche is
duibhe do chonnac riamh. Bhí an gainimh chomh mín le
plúr, agus gach gráinne dhe chomh géar le snáthaid.
Bhuainfeadh sé na súile asainn, muna mbéadh go
raibh speacloidhe againn.



Do b'é toil Dé nach raibh puinn gaoithe ag séideadh
n'ar dtimcheall. Budh mhór an truaigh na hasail
bhochta, agus sinn-ne, a's gan againn acht braoinín
beag uisge san mbairille, agus nár bh'fiosach dhúinn cá
huain a bheadh aon tsos againn ó'n mbáistigh gain-
imh.



Bhí Mac Uí Shúiliobháin an-lag, agus é lán d'fhiabhras.
Ní túisge dhéanamar an chomhairle úd ná mar
chuireamar i bhfeidhm í, agus ghluaiseamar fá dhéin an
bhóthair iarainn; bhuaileamar é gan aon tubaist eile
d'imtheachd orainn, buidheachas le Dia. Chuireamar
dhinn le hais an bhóthair iarainn ar feadh sé mhíle, agus
dob' é toil Dé gur bhuail tigh umainn go raibh fear
ann & a lucht oibre, do bhíodh ag deisiughadh an bhóthair.


L. 848


Éireannach do bhí ann, de mhuinntir Shuibhne dob eadh
é. Éireannach mná bhí pósda aige leis; & go gcuiridh
Dia rath & séan orra féin agus ar a sliocht. Thugadar
seomra do'n bhfear mbreóite agus dhúinn-ne, agus
dhéanadar gach uile shaghas nídh do b'fhéidir a dhéanamh
do chum é do léigheas. Bhíodh an fear bocht as a
mheabhair ar feadh mórán dá shaoghal.



Is é an nídh is mó bhí ag cur buaireadh air, nuair
bhíodh na spíoraidí air ná saghas éigin rotha go
nglaodhadh sé Turbine Wheel as Béarla mar ainm
air. Bhí sé ceapuighthe aige an rotha úd do chur na
shuidhe ag bun easa atá 'san ait go sgéitheann an
Laoi amach as loch Ghúgáin Barra. Is amhlaidh
shaoileadh sé breith ar an neart, noch atá
ag an uisge sin ag rith le fánadh. Bhí sórt éigin
eile uirlise le bheith gléasda ar bhruach na habhann aige,
agus d'oibreóchadh sé í le cumhachd an uisge — gan
gual ná ádhmad do dhóghadh, i gcóir solas teintreach do
dhéanamh, agus 'na dhiaidh sin é do riaradh ar gach uile
thigh dá raibh ó'n gCaol-Choill go dtí Inse Geimhleach;
ar nós go mbeadh na tighthe chomh soillseach i lár
na hoidhche a's dá mb'é lár an lae ghréine do bheadh
ann.



I gcionn trí seachtmhaine, bhí feabhas mór ar Mhac
Uí Shúiliobháin; d'imthigh an fiabhras dhe, & i gcionn seacht nó
hocht de laethibh, siúd ar ais chum bóthair an triúir dinn,
& ár dtrí n-asail linn. Níor bhuail aon donas na
mí-ádh sinn — buidheachas le Dia — chum gur ráinig
linn teacht go dtí ceann ár riain.



Ba dhóigh le duine gur cheart dúinn bheith sásta an
uair sin. Go bhfóiridh Dia ort! Dá bhfaghmuis-ne
greim ar fhear an mháilín óir, is é mo thuairm muna
mbeadh sé luath-chosach go mbeadh sé thiar air. Cogar liom,
a léightheóir, dá mbeitheá mar bhíomar-ne tar éis
gach pionas agus cruadhtan d'fhulang, ag teacht go
dtí an áit gur shaoileamar go bhfaghamuis luach ar
saothair ann, & annsan eolus d'fhagháil gurab amhlaidh
mealladh thú, cad a dhéanfá-sa leis an té úd, dá
mbeadh greim agat air, bhí ag iarraidh amadáin do
dheánamh dhíot?



Ní raibh ór, ná mianach óir, san áit seo, acht bhí
mianach airgid ann agus é ag obair. Fuaireamar obair
ann. D'fhágas féin an áit tamall 'na dhiaidh sin. Ní
fhaca mé Mac Uí Shúiliobháin, ná ár gcompánach riamh
ó shoin. B'fhéidir gurab amhlaidh chnuasaigh Mac Uí
Shúiliobháin a dhóthain airgid chum na hoibre do bhí
ceapuighthe 'na cheann aige do chur ar siubhal ag loch
Ghugáin Bharra. Má's eadh go gcuiridh Dia sonas &
séan & sonuachur soineanda 'na threó, is é ghuidheann



Mac Mic Mhairéaide Ní Thaidhg.
Calafóirnia, Nodlag, '02

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services