Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Timthireacht Oibre.
Title
Timthireacht Oibre.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Baile Átha Cliath, Feabhra 21, 1903 Timthireacht Oibre. An lá a bhfuil lucht an airgid ar tí greim d'fhagháil ar bhóithribh iarainn na hÉireann, déarfá go bhfuil sé fánach ag duine labhairt ath-uair ar rud do moladh annso cheana. Acht mar sin féin mara labhartar air ní thiocfaidh sé 'un cinn, ná 'un suime. Tá na daoine ag imtheacht & ag síor-imtheacht, ceal rud le déanamh. Tá siad ag gluaiseacht & ag tabhairt na teangadh leó, & tá an ghalldacht ag teacht isteach & ag brath ar cur fúithe níos daingne ná bhí sí fós riamh; tá na neithe seo ag teacht 'un cinn, & gan aon rud ghá dhéanamh leis an sgéal a leasughadh, mara bhfuil rud sé nó seachráin. Nár b'fhúinnteach an rud éirghe ar gliogar cainnte anois féin, nó bualadh faoi, má's le cainnt atá an leasughadh le teacht, & obair éigin a dhéanamh feasta choidhche? Má tá Gaedhilgeóir ann a dteastuigheann obair uaidh, & fear eile a bhfuil obair aige le tabhairt uaidh, & é toilteanach ar í thabhairt do Ghaedhilgeóir cia an tslighe ná fagháltas. Cuir i gcás go bhfuil ceannaidhe siopa ar lorg bhuachalla. Tá sé ag iarraidh fear a mbeidh Gaedhilg aige. Sin iad na Gaedhilgeóirí ag imtheacht & gan fhios aca cá rachaidh siad, acht a dhul i ndiaidh a gcinn rompa. Dhéanfadh duine aca obair an ceannaidhthe ar fheabhas dá mbeadh a fhios aige cá raibh an cheannaidhe le fagháil. Níl aon réagún eile ina dtiocfaidh tú nach bhfuil timthirí ann le h-eólas a thabhairt do dhuine tá ar lorg oibre cá bhfuil obair la fagháil, & do'n té atá ar lorg giolla, cá bhfuil giolla la fagháil, acht annso féin. Dá mbéadh duine ann, a dhéanfadh timthireacht ar a leithéid seo d'obair, & a thiubhradh aithne do na daoinibh seo ar a chéile, & a bhainfeadh beagán airgid amach do gach aon taobh as ucht a shaothair, bheadh a fhios ag gach aon duine cá dtiocfadh sé ag cuartughadh oibre nó ag cuartughadh Gaedhilgeóra. Curtar ar bun an Teach Siamsa & Sgíthe a mhol Eoin Mac Néill tamall ó shoin — áit a dtiocfadh Gaedhilgeóirí amháin le sgathadh do'n aimsir a chur tharta ag déanamh grinn nó ag seanchus, nó ag imirt liathróidí boird, nó le imeartas ar bith eile is breagh leo — & curtar oifige i gcúinne an tighe sin le timtireacht oibre a dhéanamh. Annsin, is gearr nach bhfuil Gaedhilgeóir a shroicheas Baile Átha Cliath nach mbeidh a fhios aige cá dtiubhraidh sé aghaidh & cá mbeidh na mílte & na múrtha fáilte roimhe. Is coisde do mhol an tAthair Pádraig Ua Duinnín le dhul i n-éadan na timthireachta so. Ní fearr linn slighe ar a ndéanfaidhe í ná mar sin féin; dhá dtéigheadh sé chuige sin is cuma cé aca a dhéanfas í — coisde nó duine nó beirt — acht ní fuláir é luadhadh & an rud a dhéanamh go tapaidh, nó ní bheidh breith air arís.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services