Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Timthireacht Oibre.

Title
Timthireacht Oibre.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Baile Átha Cliath, Feabhra 21, 1903



Timthireacht Oibre.



An lá a bhfuil lucht an airgid ar tí greim d'fhagháil
ar bhóithribh iarainn na hÉireann, déarfá go
bhfuil sé fánach ag duine labhairt ath-uair ar rud do
moladh annso cheana. Acht mar sin féin mara labhartar
air ní thiocfaidh sé 'un cinn, ná 'un suime.



Tá na daoine ag imtheacht & ag síor-imtheacht, ceal
rud le déanamh. Tá siad ag gluaiseacht & ag tabhairt
na teangadh leó, & tá an ghalldacht ag teacht isteach &
ag brath ar cur fúithe níos daingne ná bhí sí fós riamh;
tá na neithe seo ag teacht 'un cinn, & gan aon rud ghá
dhéanamh leis an sgéal a leasughadh, mara bhfuil rud sé
nó seachráin. Nár b'fhúinnteach an rud éirghe ar
gliogar cainnte anois féin, nó bualadh faoi, má's le
cainnt atá an leasughadh le teacht, & obair éigin a
dhéanamh feasta choidhche?



Má tá Gaedhilgeóir ann a dteastuigheann obair
uaidh, & fear eile a bhfuil obair aige le tabhairt uaidh, &
é toilteanach ar í thabhairt do Ghaedhilgeóir cia an
tslighe ná fagháltas. Cuir i gcás go bhfuil ceannaidhe
siopa ar lorg bhuachalla. Tá sé ag iarraidh fear a
mbeidh Gaedhilg aige. Sin iad na Gaedhilgeóirí ag
imtheacht & gan fhios aca cá rachaidh siad, acht a dhul i
ndiaidh a gcinn rompa. Dhéanfadh duine aca obair
an ceannaidhthe ar fheabhas dá mbeadh a fhios aige cá
raibh an cheannaidhe le fagháil. Níl aon réagún eile
ina dtiocfaidh tú nach bhfuil timthirí ann le h-eólas a
thabhairt do dhuine tá ar lorg oibre cá bhfuil obair
la fagháil, & do'n té atá ar lorg giolla, cá bhfuil giolla
la fagháil, acht annso féin.



Dá mbéadh duine ann, a dhéanfadh timthireacht ar a
leithéid seo d'obair, & a thiubhradh aithne do na daoinibh
seo ar a chéile, & a bhainfeadh beagán airgid amach do
gach aon taobh as ucht a shaothair, bheadh a fhios ag gach aon
duine cá dtiocfadh sé ag cuartughadh oibre nó ag
cuartughadh Gaedhilgeóra. Curtar ar bun an Teach
Siamsa & Sgíthe a mhol Eoin Mac Néill tamall ó shoin
— áit a dtiocfadh Gaedhilgeóirí amháin le sgathadh do'n
aimsir a chur tharta ag déanamh grinn nó ag seanchus,
nó ag imirt liathróidí boird, nó le imeartas ar bith
eile is breagh leo — & curtar oifige i gcúinne an tighe
sin le timtireacht oibre a dhéanamh. Annsin, is gearr
nach bhfuil Gaedhilgeóir a shroicheas Baile Átha Cliath
nach mbeidh a fhios aige cá dtiubhraidh sé aghaidh & cá
mbeidh na mílte & na múrtha fáilte roimhe.



Is coisde do mhol an tAthair Pádraig Ua Duinnín
le dhul i n-éadan na timthireachta so. Ní fearr linn
slighe ar a ndéanfaidhe í ná mar sin féin; dhá dtéigheadh
sé chuige sin is cuma cé aca a dhéanfas í — coisde nó
duine nó beirt — acht ní fuláir é luadhadh & an rud a
dhéanamh go tapaidh, nó ní bheidh breith air arís.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services