Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhilgeóiridhe ar tí dul thar lear
Title
Gaedhilgeóiridhe ar tí dul thar lear
Author(s)
Ua Duinnín, Pádraig,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GAEDHILGEÓIRIDHE AR TÍ DUL TAR LEAR. I gcathrachaibh & i mór-shráidibh na hÉireann, agus go mór-mhór i mBaile Átha Cliath, tá mórán daoine go bhfuil árd-fhonn ortha Ghaedhilg d'fhoghluim dá mbéadh caoi aca air. Tá fonn ar a lán daoine 'sna háiteach- aibh seo Gaedhealg bhríoghmhar bheo-abaidh d'fhoghluim — Gaedhealg fé mar ghluaiseann sí 'n-a caoin-shrothaibh ar bhéalaibh na ndaoine lér dual & dúthchas í a labhairt. Ní bhéadh na daoine seo ar a labhram sásta leis an Ghaedhilg atá le fagháil as na leabhraibh; ba mhaith leó gan amhras í léigheadh is í scríobhadh; acht is é atá uatha 'ná í labhairt mar is cóir. Fairíor géar! ní'l sé sin i n-a gcumas. Ní'l aon dul aca ar í fhoghluim. Ní'l aon Ghaedhilgeóir — duine labhrann Gaedhealg do réir dúthchais — ní'l aon Ghaedhilgeóir le fagháil a bheadh ag comhrádh leó i nGaedhilg. Ní bhuaileann duine de'n tsaghas sain iompa ó cheann ceann na bliadhna. Is beag an iongnadh go dtuitfeadh a leithéididhe seo de dhaoinibh i mío-dhóchais, & go séanfaidís Gaedhealg ar fad. “Cad é an mhaitheas dúinn-ne,” a deirid, “leabhar nó dhó de leabhraibh an Athar Uí Ghramhna nó des' na Ceachtaibh Beaga Gaedhilge d'fhoghluim? — nó leabhar filidheachta éigin do léigheadh, nuair ná fuil sé i n-ár gcumas Gaedhilg a labhairt, ná an fhuaim cheart a chur leis na foclaibh, ná í mhúineadh i gceart d'ár bpáistidhibh. Dar ndóigh ní linn féin i n-aon-chor teanga ná fuil againn acht as na leabhraibh. Is fearr dúinn & is fusa dhúinn an Fhranncais d'fhoghluim, & is mó bheidh againn mar luach saothair. Is fearr d'ár bpáistidhibh, leis, an Fhranncais a bheith aca, mar is uirthi atá glaodhach i mBaile Átha Cliath is i gCorcaigh is i Lúndain is i n-áiteachaibh nach iad.” Sin mar a labhraid, & ní hiongnadh liom go leigid an Ghaedhealg i bhfallaighe. Cad tá ag Connradh na Gaedhilge 'gá dhéanamh do dhaoinibh do'n tsaghas sain. Tá craobhacha de'n Chonnradh annso & annsúd i mBaile Átha Cliath & i gcathrachaibh eile & tá scoileanna 'ga múineadh aca gach oidhche 'san tseachtmhain, & cibé thiocfaidh chum na scoileanna seo beidh fáilte roimhe, agus cuirfear leabhairín éigin simplidhe 'n-a dhorn & múinfear ceacht dó, & tuilleadh fós, má tá lúth 'n-a chosaibh, seinnfear port dó, agus — bíodh sé ag rinnceadh. Chomh luath is d'fhágann sé an seomra sain, ní'l glór ar aon taobh de acht Béarla. Má leigeann sé an Ghaedhealg i bhfaillighe, ní mór an iongnadh liom é. Is fíor go bhfuil áit annso is annsúd, ar nós Staid na nGaedh- ilgeóiridhe, i n-a labhartar Gaedhealg go flúirseach gach oidhche, acht is fánach a bhuaileann áit do'n tsaghas sain umainn i mBaile Átha Cliath, & ní'l caoi ar bith ag urmhór ár nGaedhilgeóiridhe ar “cheart”-fhuaim na teangan do chloisint. Bheadh treó i bhfad níos fearr ar an Ghaedhealg i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, is i n-áiteachaibh dá leithéid dá mbeadh fíor-Ghaedhilgeóir éigin i gcomh-thigheas le gach duine atá ag iarraidh Gaedhilge d'fhoghluim, nó i n-aon-obair leis, nó 'n-a ghoire ar chuma éigin i dtreó go bhféadfadh sé labhairt leis anois is arís. Bheadh a mhalairt de scéal le innsint againn dá mbeadh seirbhíseach labharfadh Gaedhealg i n-a dtigh ag lucht foghlumtha na Gaedhilge is dá mbeadh buime ó's n-a tíorthaibh fíor-Ghaedhealacha i bhfeidhil a leanbh, nó dá mbeadh Gaedhilgeóir nó dó i measg gach buidhne oibre nó ins gach mór-shiopa 'san gcathair, nó dá mbeadh fiú aon-pháiste amháin as an gcéad ins na scoileannaibh dár dhúthchas Gaedhealg do labhairt. Ar an dtaobh eile, cad tá le feicsint againn gach lá a thagann? Tá gach traen d'fhágainn Tráighlí nó Eochaill nó Pórtláirge nó Gaillimh nó Doire ag breith léi cailínidhe óga agus buachaillidhe óga calma córacha go bhfuil a dteanga dúthchais go blasda milis maordha ag scéithe 'n-a srothaibh as a mbéalaibh. Siúd chum siubhail iad, ag glanadh leó féin amach as a ndúth- aigh, planndaidhe óga do threibh Néill, do threibh Dhomhnaill, do threibh Shúilleabháin, do threibh Laogh- aire, gasraidhe óig-fhear dtréan gcumasach, agus scataidhe óg-bhan ndathamhla gcailce, ó Bhaile an Fheirt-théirigh, ó'n tSráid-bhaile, ó Bhaile Bhoirne, ó Fhanad, ó Ghormna, o Árainn, tuile de Ghaedhilg bríogh- mhair i n-a mbéal, & dólás i n-a gcroidhe ag fágaint a dtalamh dúthchais dóibh. Is deimhin go gcuirfeadh sé scrupul ort féachaint ortha & iad múchta i ndeóraibh ag fághaint slán ag a n-athraibh & ag a máthraibh, is ag gol go héigneach le haghaidh gluaiseachta 'na traenach. Mo thruagh iad! an t-aos-óg mío-ádhmharach so ag tabhairt a n-aighthe ar dhúthchaidhibh iasachta, gan mórán eólais ar chúrsaidhibh an tsaoghail seo aca, & go minic leis gan éinne a bhaineann leó 'n-a bhfochair, 'ná 'n-a gcúram. Ó'n lá fhágaid baile chum dul go hAmeiricá nó go Sasana nó go hAfrica, is beag an úsáid a dhéanaidh do'n teangain Gaedhilge atá go blasta bríoghmhar aca. Scaipid ó chéile. Téidheann cuid aca go Chicago, cuid aca go Lúndain, cuid aca go Natal. Ní beidh feasta 'n-a dtimcheall acht Béar- leóiridhe, ní labharfaid feasta acht saghas éigin Béarla. Uair nó dó 'san mbliadhain, b'fhéidir, chífid páipéar nuadhachta i n-a mbeidh trácht thar aith-bheódhadh na Gaedhilge, nó aireóchaid óráideóir dian dúthracht- ach éigin ag labhairt i mBéarla ar áilneacht is ar mhaise na Gaedhilge. Acht, mo chráidhteacht is mo chúmha ná tráchtfainn! ní Gaedhilgeóiridhe anois iad. An lá fhágadar talamh na hÉireann ba Ghaedhealach bhí gach duine aca, ó'n gcroidhe amach — & an croidhe féin! croidhe Gaedhealach do b'eadh é. Acht ó'n lá úd chiúinigh an Ghaedhealg 'n-a dteangain, do líonadh suas a gcroidhe is a n-aigneadh le smuaintidhibh Gallda fagh-
áilte as an mBéarla, tá siad múchta i mBéarla is gan leigheas a gceasna aca, tá siad deighilte idir chorp is anam ó'n dtír i n-ar tógadh iad, agus sinn-ne, mo bhrón guirt, go leath-lámhach 'ná n-eaghmais! Cad é mar shaghas daoine sin! Ní thuigimíd an cheist atá againn le réidhteach! Táimíd ag gabháil do'n Ghaedhilg ar ár gcroidhe-dhichill i mBaile Átha Cliath is i n-áiteachaibh nach é 'ghá foghluim as leabhraibh, 'ghá léigheadh, 'ghá sgríobhadh, 'ghá clódh-bhualadh, agus anois agus arís ag leigean ár scís dínn le pas rinnce. Bíonn píobaidhe is ceól go leór againn, agus bíonn sé 'san pháipéar go ndubhairt Máire Ní Cheallaigh nó Tomás Ua Néill amhrán in their best style. Adeirim- se libh anocht gan sgáth má leanam do'n tslighe seo, ná raghaidh an Ghaedhealg mórán ar aghaidh i mBaile Átha Cliath ná i n-áiteachaibh mar é, dá mbeidhmís ag obair go Lá an Luain. Is maith an rud ceól, is maith an rud Gaedhilg do scríobhadh agus do léigheadh, is álainn an rud rinnce, cuireann sé brothall ar dhuine lá fuair Geimhridh; acht caithfear cleas éigin eile a cheapadh má's mian linn greim a thabhairt ar an Ghaedhilg do mhuinntir Bhaile Átha Cliath is do mhuinn- tir Chorcaighe, is dá leithéididhe. Caithfear iad a chur i dtreó a labhartha, caithfear daoine a thabhairt isteach go Baile Átha Cliath is go Corcaigh is go Béal- Feirsde, go bhfuil Gaedhealg i gceart aca, agus slighe mhaireachtant' d'fhagháil dóibh 'sna cathrachaibh seo d'fhonn go bhfanfaidís ionnta i gcomhnuidhe. Caithfear fíor- Ghaedhilgeóiridhe do sholáthar chum bheith i measg scoláiridhe na scoile. Caithfear a leithéididhe d'fhagháil dos na siopaidhibh. Caithfear iad do bhualadh i measc lucht oibre. Caithfear seirbhisigh do sholáthar do'n dream aga bhfuil meas ar an Ghaedhilg. Caithfear buimeacha do soláthar do pháisdibh óga. Is maith an rud cóib dos na “Ceachta Beaga,” nó do leabhraibh Uí Ghramhna do chur i láimh leinbh, acht is míle fearr lámh bhuime Fhíor-Ghaedhealaighe do bhreith ar a láimhín agus fíor-fhuaim na Gaedhilge do bheith 'na srothánaibh timcheall a chluas. Acht, ar sibh-se, tá cainnt agat, tá an cainnt go bog saoráideach agat; acht innis dúinn cá bhfuil na Gaedhilgeóiridhe seo go léir le fagháil nó cionnos is féidir an oiread sain díobh do sholáthar? Ná dubhairt cheana libh go rabhadar gach lá ag fágaint na tíre, & ag imteacht ar fán uainn? Cad atá ag Connradh na Gaedhilge 'gá dhéanamh agus ag na craobhachaibh go léir? Cad é an chúis ná tugaid iarracht ar chuid éigin dos na deoraidhthibh do thabhairt go Baile Átha Cliath nó go Corcaighe nó go Béal-Feirsde? Tá a fhios agam go maith go mb'fhearr dóibh fanamhaint 'sa bhaile 'ná teacht go Baile Átha Cliath; acht b'fhearr dóibh, agus b'fhearr dúinn-ne, seacht n-uaire iad a theacht go Baile Átha Cliath, ná iad a dhul go Chicágo nó go Boston. Tá coistidhe againn 'san gConnradh chum aire do thabhairt do gach nídh eile. Tá Coiste Gnótha agus Coiste Foghluma, agus Coisde Airgid agus Coisde Timthiridheachta, agus Coistidhe nach iad, acht ní airighim aon trácht ar Choiste chum slighe bheathadh d'fhagháil do Ghaedhilgeóiribh ós na críochaibh fíor-Ghaedhealacha d'fhonn iad do tharraing chum na gcathrach. Tá a lán do chraobhachaibh de Chonnradh na Gaedhilge i mBaile-Átha-Cliath, agus ní miste a rádh go bhfuil gach craobh aca ag obair go dícheallach ar son na teangan. Bíonn siad ag múineadh agus ag síor- mhúineadh na Gaedhilge ó'n tseachtmhain go chéile. Ní hannamh a bhíonn cuirmeacha ceóil agus cruinnighthe aca, agus is mór an obair atá déanta aca cheana féin 'n- ár measc. 'Na dhiaidh sin is uile is dóigh liom go mbeadh toradh a gcuid saothair i bhfad níos mó dá mbeadh níos mó Gaedhilgeóiridh i mBaile-Átha-Cliath ná mar tá anois, agus dá réir sin is dóigh liom gur mhaith an rud é dá tógfadh craobhacha na cathrach so agus craobhacha eile dá leithéididhe, dá dtógfaidís comhairle le chéile agus Coiste do chur ar bun a thabharfadh iarracht ar bhreis Gaedhilgeóiridhe do tharraing chum na cathrach seo agus chum cathrach eile na hÉireann. Tá a lán do sheirbhíseachaibh ó'n dtuaith i mBaile-Átha-Cliath, agus níor dheacair a lán dá leithéididhe d'fhagháil ó'n dtuaith fhíor- Ghaedhealaigh — ná fuil siad ag teitheadh leó féin thar lear gach lá bheireann ortha? Níor dheacair máighis- tridhe scoile do sholáthar ó'n dtuaith gcéadna mar do sholáthair an tAthair Anderson dá scoileannaibh i Sráid St. Seagháin; níor dheacair páistidhe bheadh 'na nGaedhilgeóiridhibh do sholáthar agus beirt nó triúr nó ceathrar aca do bheith ag dul ar gach scoil 'san gcathair d'fhonn go mbeadh dul ar fhíor-fhuaim na Gaedhilge ag páistidhibh na scoile. Níor dheacair lucht gnótha d'fhagháil dos na siopaidhibh go mbeadh blas na teangan 'na cheart aca, agus do dhéanfadh gnó na siopaidhe chomh maith nó níos fearr 'ná na Béarlóiridhe. Dá mbeadh Coiste láidir dúthrachtach curtha le chéile i mBaile- Átha-Cliath agus i gCorcaigh, agus i mBéalfeirste, agus i n-áiteachaibh eile dá saghas, i n-a mbeadh daoine ó gach craobh mór-dtimcheall — glaodhaidh Coiste Ceanntair air nó cibé ainm is maith libh — dá mbeadh a leithéid sin do Choiste ar bun againn i mBaile-Átha- Cliath chum féachaint i ndiaidh na nGaedhilgeóiridhe atá anois ar tí dul thar lear, níl amhras go bhféadfadh sé a lán díobh a choiméad 'sa bhaile againn, agus chuir- feadh an nídh sin féin meas ar an Ghaedhilg 'sna tuathaibh fíor-Ghaedhealacha. Dá bhfeicfeadh lucht na Gaedhilge go dtógfaidhe a gclann chum gnótha is oibre 'sna cath- rachaibh agus go mbeadh dul aca fanamhaint i nÉirinn mar gheall ar a gcuid Gaedhilge níor ghábhadh d'aon timthiridhibh bheith ar an mbóthar, mar bhéadh Gaedhealg dá labhairt agus dá síor-labhairt mar a bhfuil sí 'na beathadh fós. Táim cinnte nach féidir cosc a chur le meath na Gaedhilge, agus go mbéidh sí ag dul i laighead i gcomhnuidhe go gcuirfear suim éigin i slighe bheathadh na ndaoine labhrann í do réir dúthchais, go gcuirfear cosc éigin le deoraidheacht a n-aos n-óg, agus go dtaisbeánfar dóibh go soiléir nach aon toirmeasc dóibh Gaedhealg do bheith aca féin agus ag a gclann; agus i n-ionad í bheith mar thoirmeasc, gur b'amhlaidh a raghaidh sí chum deise agus chum maitheasa dhóibh, agus gur fusa do Ghaedhilgeóir slighe bheathadh d'fhagháil 'ná do Bhéarlóir. Caithfidh a lán d'aos óg Chiarraidhe is Chor- caighe agus Dún-na-nGall agus Árann a mbaile féin
d'fhágaint agus dul go hAmericá nó go háit éigin eile. Ní'l leigheas aca air. Ní chothóchadh an baile iad go léir. Fiafraidh dá n-aithreachaibh is dá máithreachaibh cad é an chúis ná labhraid Gaedhealg le n-a bpáis- tidhibh, & is é an freagra thabharaid ort 'ná “Mhaise, go bhfóiridh Dia ort, a dhuine gan chéill! nach gearr anois go mbeidh na páistidhe seo ag bailiughadh leo féin anonn go hAmericá, & ní thógfadh éinne isteach 'n-a seirbhísigh aid muna mbeadh Béarla aca. Is amhlaidh atá an Ghaedhealg sain dá lot ar fad. Is amhlaidh a dhéanfaidh sí díoghbháil dóibh thall i nAmericá.” Agus, dá ndéarfá leó “Nár mhaith an rud í mhúineadh dhóibh ar scoil ar aon tslighe?” is amhlaidh d'fhéachfadh siad ort le hiongnadh, & d'fhreagraidís: “Mhaise, mo dhoic, is ná bac do scoil. Is beag an maitheas atá le fagháil as an scoil do'm pháistidhibh-se. Seo chughainn iad gach tráthnóná ó'n scoil sin, agus is beag í a gcuid foghluma i ndiaidh an lae: ‘Dó, ré, mí, fá’ aca ag léimeadh isteach ar an úrlár chughat, maididhe nó cipínidhe fá n-a n-ascallaibh aca, agus gur b'éigin dóibh dul fá láimh na ndaoine eile i gcionn bliadhna nó dhó, gan tabhairt suas an mhadraidh ortha, gan focal Béarla 'n-a bpluic. A Dhé, leig dúinn féin led' chuid ceóil agu duainreachta. ‘Is truagh gan peata an mhaoir agam,’ ‘Is maluighthe an dram tuinncéiridhe,’ agus rudaidhe gan bhrígh dá saghas — is maith 's is tairbheach iad chum dul go h-Americá leó,” Is mar seo labhraid, agus is deacair d'áiteamh ortha go bhfuil aon mhaitheas i nGaedhilg chum slighe bheathadh d'fhagháil. Agus dar ndóigh, do réir mar atá an sceal anois againn ní mór ná go bhfuil an ceart aca. Réitigheadh Connradh na Gaedhilge an cheist sin, tabharamaois iarracht fé rud éigin a chur 'n-a dtreo a chongbheochaidh 'san mbaile againn iad. Má tá siad chum a mbaile féin d'fhágaint, tabharaimís iarracht ar iad do tharraing go Baile Átha Cliath, is go Corcaigh is go háiteachaibh dá saghas & béidh níos mo measa ar an Ghaedhilg mar a bhfuil sí 'na beathaidh fós, & beidh sé i gcumas muinntire na gcathrach greim d'fhagháil uirthi chomh daingean sain ná scarfaidh siad léi go bráth arís. Pádraig Ua Duinnín
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services